Leagan Gaeilge den fhocal ‘underdog’?

Dá mbeadh teanga na nGael ag Joe Schmidt, b’fhéidir nach mbeadh gá aige do leagan Gaeilge den fhocal ‘underdog’.

Joe Schmidt ©INPHO/Billy Stickland
Joe Schmidt ©INPHO/Billy Stickland

Údar ionaidh dom nach bhfuil leagan snasta Gaeilge againn ar ‘underdog’, go háirithe i gcomhthéacs an spóirt.

Faightear leithéidí ‘íochtarán’ agus ‘an té atá faoi leatrom’ i bhFoclóir de Bhaldraithe. Is ag smaoineamh, is dócha, ar cheartas sóisialta seachas ar chúrsaí spóirt a bhí an saineolaí focal. Ar éigean go ndéanfadh an dá mholadh sin cúis.

Nó an é nár tháinig an coincheap chun cinn go dtí le deireanas?

Más ea, níl faic in focal.ie ná in focloir.ie agus ní hé go mbeadh locht agam orthu dá bharr.

Chuaigh mé i gcomhairle le daoine timpeall orm, idir chainteoirí dúchais agus lucht acadúil.

Saothar in aisce, faraor. Chothaigh an cheist roinnt cainte agus cúpla ríomhphost ach ba shin é.

An fáth a bhfuil ionadh orm ná gur coincheap é an ‘underdog’ atá thar a bheith coitianta sa tsícé in Éirinn.

Déanaimid beag is fiú dínn féin agus is mar sin is fearr linn é.

Cuirtear béim ar easpa acmhainní, mar shampla, agus ar rogha theoranta imreoirí.

Cruthaítear líontán sábhála agus sa chás go dteipeann orainn, ní baol dúinn i ndáiríre.

Samhlaítear go bhfuil lagmheas againn orainn féin de bharr an choilíneachais agus de réir mar a thagaimid in inmhe mar phobal, go dtiocfaidh maolú ar ár gcoimpléacs ísleachta.

Ní fheadar mé. Is cinnte nach bhfeictear an dearcadh sin ag na tíortha móra, an Fhrainc, cuir i gcás, nó Sasana, ach is minic go gcuirtear sotal ina leith.

Léamh eile, ár ndóigh, go nglactar go fonnmhar le ról an ‘underdog’ mar go gcuireann sé brú ar fhoireann an fhreasúra.

Déanann Ciarraí é go paiteanta bliain i ndiaidh bliana.

Foireann óg a bhí acu i 2014 agus é á rá sa Ríocht go mbuafadh fir ionaid Bhaile Átha Cliath orthu go héasca. Seaimpíní na hÉireann iad arís fir Chiarraí, áfach, don seachtú huair is tríocha!

Ní duine é Joe Schmidt a bhfuil coimpléacs ísleachta aige.

Is fear rugbaí ón Nua-Shéalainn é. Ceithre thrófaí buaite aige in imeacht na dtrí bliana a chaith sé ina chóitseálaí ar Chúige Laighean. Agus Craobh na Sé Náisiún 2014 buaite aige chomh maith.

Ní leir ach oiread go bhfuil mórán luí aige le cluichí intinne.

Agus sinne ag caint faoi na himreoirí a bheadh in easnamh orainn don chluiche in aghaidh na hAfraice Theas Dé Sathairn seo caite, theastaigh uaidh díriú orthu siúd a bheadh ag dul chun páirce. Murab ionann agus sinne, ní raibh lá amhrais air go mbeadh foireann rugbaí na hÉireann níos laige de bharr nach raibh teacht aige ar a chuid imreoirí céadrogha.

Aithníonn Schmidt féin é nach taispeántas gan locht a bhí ann an cluiche in aghaidh na Spriongboc.

Tuigeann na himreoirí é sin chomh maith.

Seans freisin go raibh cuid den sotal ag baint leis na cinntí a rinne fir na hAfraice Theas gan tabhairt faoi na postaí nuair a bhí na deiseanna éirice acu sa chéad leath.

Ach is ag Éirinn a bhí an lá agus dá mbeadh an cluiche le himirt arís amárach, cheapfainn go mbeadh an bua againn athuair.

Dá mbeadh teanga na nGael ag Joe, b’fhéidir nach mbeadh gá aige do leagan Gaeilge den fhocal ‘underdog’.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge den fhocal ‘underdog’?'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt suimiúil a P.J agus bua iontach ag na Gaeil.Caithfidh mé smaoineamh ar “underdog”, níl focal I mo cheann atá níos fear ná iochtarán.

  • Art Mac an Ultaigh

    Madadh lathaí

  • Máire Uí Chonboirne

    Diúlach na leithphingne

  • padraig o donnchu

    is maith liom ‘iochtar’ ann fein, nach in e a bhionn ar an tsine bheag rud a fhagann gurb e is laige agus is leochaili den al uile?

  • Breandán Ó Cróinín

    Cad fé ‘fo-chú’? Fo-chú nó Fochú! Eadhón ‘fo’ (under) + cú’. Gan dabht, do chaithfeadh daoine a bheith cúramach agus an focal á rá acu. D’fhéadfadh sé bheith firinscneach nó baininscneach is bheadh ‘fo-chúnna’ nó ‘fo-chuite’ againn mar iolra.