Leagan Gaeilge den chluiche ‘Dingbats’ agus cluichí boird eile le seoladh ag an Oireachtas tráthnóna

Tá súil ag Glór na nGael go mbeidh an-tóir ar na cluichí nua atá á seoladh ag an eagraíocht agus iad ag díriú ar mhargadh na Nollag

Leagan Gaeilge den chluiche ‘Dingbats’ agus cluichí boird eile le seoladh ag an Oireachtas tráthnóna

Beidh leagan Gaeilge den chluiche boird ‘Dingbats’ á sheoladh inniu ag Oireachtas an Samhna i gCill Airne. ‘Imeartas Focal’ atá tugtha ar an gcluiche seo ina gcaithfidh na himreoirí ciall a bhaint as íomhánna d’fhocail agus iad léirithe ar bhealaí neamhghnácha.

Beidh an cluiche á sheoladh ag seoladh mór cluichí boird a bheidh ar siúl ag Glór na nGael ag Aonach an Oireachtais san INEC ag a 4 chlog tráthnóna.

Beidh idir chluichí úrnua agus cluichí atá bunaithe ar chinn atá ar fáil cheana féin i dteangacha eile á seoladh tráthnóna agus súil ag Glór na nGael go mbainfidh teaghlaigh agus go háirithe, scoileanna lán-Ghaeilge taitneamh as na cluichí nua.

Ar cheann de na cluichí nuacheaptha sin tá Fios Feasa, cluiche do cheathrar imreoirí nó do cheithre fhoireann. Is é an sprioc seit iomlán ceithre chárta, ceann an cúige, agus diosca amháin a bhailiú trí cheisteanna faoi chontaetha agus cúigí na hÉireann a fhreagairt. Tá níos mó ná 1,000 ceist ar théamaí éagsúla sa chluiche; spórt, ceol, tíreolas, daoine cáiliúla agus téamaí eile nach iad.

Tá Lámha Síos bunaithe ar chluiche a imrítear sa Bhriotáin agus é curtha in oiriúint don Ghaeilge ag Ruth Lysaght, cainteoir Gaeilge atá ina cónaí sa tír sin. Cuirtear ceisteanna ‘fíor nó bréagach’ ar na himreoirí agus cuirtear an lámh chlé síos más ‘fíor’ freagra na ceiste agus cuirtear an lámh dheas síos más ‘bréagach’ freagra na ceiste.

Cluiche bunaithe ar fhocail atá i Focal Fada atá forbartha ag Ciarán Mac Gabhann. Tá cártaí ann ar a bhfuil ‘tús focal’, bunaithe ar mhinicíocht na dtúslitreacha i bhfocail Ghaeilge, agus cártaí eile ann ar a bhfuil ‘deireadh focal’, bunaithe ar mhinicíocht na litreacha deireanacha i bhfocail Ghaeilge. Is é an dúshlán a chuirtear roimh na himreoirí focal iomlán a dhéanamh den tús agus an deireadh a fhaigheann siad trí litreacha eile a chur eatarthu.

Tá bearnaí eile le líonadh sa chluiche Líon an Bearna a d’fhorbair Eoghan Mac Cormaic ó Ghlór na nGael féin. Tá deich gcárta sa chluiche seo agus 23 focal scríofa ar gach aon cheann acu. Tá litreacha ar iarraidh sna focail agus caithfidh na himreoirí tíleanna maighnéadacha a úsáid leis na bearnaí iontu a líonadh.

Cluiche atá deartha do thurais fhada bhóthair atá i Biongó Bóthair. Tá sé mar aidhm ag an gcluiche seo páistí a choinneáil gnóthach ó thús deireadh turais agus faoiseamh a thabhairt dá dtuismitheoirí ar an mbóthar. Tá 12 íomhá éagsúil ar na cártaí biongó agus caitear tic a chur le gach íomhá nuair a fheictear a mhacasamhail taobh amuigh den charr.

Ar deireadh beidh ceithre mhíreanna mearaí á seoladh ag an ócáid tráthnóna, péire a bhfuil 750 mír iontu agus péire a bhfuil 150 mír iontu. Tá an dá phictiúr céanna ar na cinn a bhfuil 750 mír iontu is atá ar na cinn a bhfuil 150 mír iontu agus súil ag Glór na nGael go mbeidh tuismitheoirí agus páistí in ann iad a dhéanamh le chéile.

“Sin ceann de na spriocanna móra atá ag Glór na nGael, a bheith ag forbairt áiseanna do theaghlaigh, do thuismitheoirí agus do pháistí, agus síleann muid go mbeidh sé go maith go mbeidh siad in ann an rud a dhéanamh lena chéile.

“Tá muid an-sásta go bhfuil réimse chomh leathan sin de chluichí nua againn i mbliana, agus muid buíoch den chuidiú ó COGG. Beidh lánfháilte roimh aon duine bualadh isteach ag an seoladh inniu agus tá súil againn go mbeidh an stoc ar fad ar shiúl faoin Nollaig!” a dúirt Eoghan Mac Cormaic ó Ghlór na nGael le Tuairsic.ie.