Leagan Gaeilge de ‘The Hen Night Epiphany’ ar stáitse na Taibhdheirce an mhí seo

Deir Anne McCabe, Stiúrthóir Ealaíona na Taibhdheirce gurb é an feachtas #WakingTheFeminists a chuir ar a súile di go raibh sé ‘thar am’ scéal comhaimseartha mban a chur ar stáitse

An Taibhdheirc

Beidh leagan Gaeilge den dráma ‘The Hen Night Epiphany’ le Jimmy Murphy á léiriú sa Taibhdhearc an mhí seo chugainn mar thoradh ar an bhfeachtas #WakingTheFeminists.

Tá Gaeilge curtha ag John Keane ar an dráma – Cinneadh na Circe – agus is í Lara Ní Chathmhaoil a bheidh ar an stiúir. Is é seo an dara huair a bheidh leagan Gaeilge de dhráma ó pheann Murphy ar stáitse na Taibhdheirce. Léirigh Aisteoirí an Spidéil Boicíní Bhóthar Kilburn (The Kings of the Kilburn High Road) ann anuraidh.

Beidh Fionnuala Ní Fhlatharta, Tara Breathnach, Mimí Carroll, Charlotte Bradley agus Bairbre Ní Chaoimh ag aisteoireacht i léiriú na míosa seo chugainn ina n-insítear scéal chúigear ban atá i gConamara don deireadh seachtaine.  Cuirtear na mná go bun na foighne áfach tar éis cúpla lá a chaitheamh le chéile.

“Dhúisigh #WakingTheFeminists mé agus tá sé fíor go bhfuil fíorbheagán oibre amuigh ansin do mhná i ndrámaí maithe. Tá sé thar am againn déileáil le cúrsaí comhaimseartha a bhaineann le mná ar an stáitse,” a dúirt Anne McCabe, Bainisteoir agus Stiúrthóir Ealaíona na Taibhdheirce.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de ‘The Hen Night Epiphany’ ar stáitse na Taibhdheirce an mhí seo'