‘Léacht Uí Ghadhra’ le díriú ar ‘dhioscúrsa an éadóchais’ maidir leis an nGaeltacht

Labhróidh Lillis Ó Laoire in Áras nan Gael sa Ghaillimh anocht faoi ‘dhioscúrsa an éadóchais’ maidir leis an nGaeltacht agus faoin obair a rinne Conradh na Gaeilge ina cheantar dúchais féin os cionn 100 bliain ó shin

‘Léacht Uí Ghadhra’ le díriú ar ‘dhioscúrsa an éadóchais’ maidir leis an nGaeltacht

Dr Lillis Ó Laoire

‘Ní ceadmhach neamhshuim’ is teideal do ‘Léacht Uí Ghadhra’ a thabharfaidh an Dr Lillis Ó Laoire in Áras na nGael i nGaillimh anocht.

Beidh Ó Laoire ag trácht ar ‘dioscúrsa an éadóchais’ maidir le cás na Gaeltachta.

D’úsáid an tOllamh Gearóid Denvir an nath ‘dioscúrsa an éadóchais’ le deireanas agus plé á dhéanamh aige ar ráiteas conspóideach a rinne an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donncha faoi thógáil clainne le Gaeilge.

Dúirt Mac Donncha, duine d’údair an Staidéir Chuimsithigh go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta i bhfianaise a laghad tacaíochta atá ann do thuismitheoirí.

Agus an téama sin á chíoradh aige, díreoidh Lillis Ó Laoire ina léacht anocht ar scéal Chonradh na Gaeilge ag casadh an chéid seo caite i gCloich Chionnaola i dTír Chonaill, a cheantar dúchais féin.

Labhróidh sé faoina mhuintir féin, faoin tionchar a bhí ag obair an Chonartha ar chás na Gaeilge sa cheantar agus faoinar féidir a fhoghlaim uaidh sin sa lá atá inniu ann.

Nollaig Ó Gadhra

Tá Léacht Uí Ghadhra ainmnithe as Nollaig Ó Gadhra, an scríbhneoir, staraí, iriseoir agus léachtóir aitheanta a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge tráth.

Ba as Luimneach do Nollaig Ó Gadhra ach thug sé cuid mhaith dá shaol ina chónaí sna Forbacha i gCois Fharraige. D’oibrigh sé mar léiritheoir raidió agus mar iriseoir le RTÉ.

Throid sé go dian ar son na Gaeilge agus ba scríbhneoir agus tráchtaire bisiúil é, i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá Léacht Uí Ghadhra á eagrú ag Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Foras na Gaeilge.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘Léacht Uí Ghadhra’ a reáchtáil ar bhonn bliantúil amach anseo.