Leac chuimhneacháin ar an mBuailtín i gcuimhne ar óglaigh Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916

Tá máirseáil mhór, ón mBuailtín isteach go Trá Lí, á heagrú le tamall anois, i gcuimhne orthu siúd ó Chorca Dhuibhne a chuaigh isteach go Trá Lí um Cháisc 1916, chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca 1916

Duine de laochta móra na Gaeltachta agus Chorca Dhuibhne, Breandán Mac Gearailt, ó Mhárthain, agus é ina sheasamh go mórálach le hais na lice i gcuimhne ar óglaigh agus thírghráitheoirí Chorca Dhuibhne, a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916
Duine de laochra móra na Gaeltachta agus Chorca Dhuibhne, Breandán Mac Gearailt, ó Mhárthain, agus é ina sheasamh go mórálach le hais na lice i gcuimhne ar na hóglaigh agus na tírghráthóirí as Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916. Pictiúr: Micheál de Mórdha

Comóradh go maith inné ar an mBuailtín na hóglaigh agus na tírghráthóirí as Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916, agus comórfar go buan anois iad ós rud é go bhfuil an leac chuimhneacháin i bhfearas go mórálach ar an mBuailtín anois, tar éis do Bhreandán Mac Gearailt ó Mhárthan í a nochtadh i scríb liath an Earraigh.

Tá máirseáil mhór, ón mBuailtín isteach go Trá Lí, á heagrú le tamall anois, i gcuimhne orthu siúd ó Chorca Dhuibhne a chuaigh isteach go Trá Lí um Cháisc 1916, chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca 1916, le gunnaí a bhí  le fáil acu ón long, faoin ainm ‘Aud’, a bhí curtha ón nGearmáin go Trá Lí ag Ruairí Mac Easmainn. Beidh an mháirseáil ar bun ar an 24 Aibreán seo chugainn.

Fág freagra ar 'Leac chuimhneacháin ar an mBuailtín i gcuimhne ar óglaigh Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916'