Leabhar Pleanála Teanga le seoladh

Roghanna, leis an Dr. Laoise Ní Dhúda, lámhleabhar eolais ar an bpleanáil teanga, atá le seoladh le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne

Pat Carey
Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael. Pictiúr: Photocall Ireland

D’fhógair Glór na nGael inniu go seolfar leabhar nua Pleanála Teanga leis an Dr. Laoise Ní Dhúda le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne ag deireadh na míosa seo.

“Is cúis áthais do Ghlór na nGael leabhar den chaighdeán seo a fhoilsiú,” arsa Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. ‘Táimid sásta go bhfuil an leabhar seo mar thoradh comhoibriú agus chomhpháirtíocht idir Acadamh na hOllscollaíochta Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Glór na nGael agus tá ardmholadh ag dul don údar, Laoise Ní Dhúda as ucht an taighde agus saineolas seo a roinnt le pobal na Gaeilge’

Ag moladh an leabhair dúirt Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael, gur cinneadh maith é Roghanna a úsáid mar theideal de Lámhleabhar Eolais ar an bPleanáil Teanga. “Is iomaí bealach éagsúil, ag pobail éagsúla, le tabhairt faoin bpleanáil ina gceantair féin” arsa sé, “agus sa leabhar seo aimseoidh gníomhaithe teanga, pleanálaithe, oifigigh fhorbartha agus feidhmeannaigh na n-eagras Gaeilge saineolas a chuideoidh lena spriocanna a bhaint amach”.

Is é an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill a sheolfaidh an leabhar ag ócáid sa Ballroom, san INEC i gCill Áirne ar an Satharn 1 Samhain ag 1.30 in. Chomh maith le Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus Pat Carey a bheidh ag caint, beidh Laoise Ní Dhúda féin ag labhairt ar an saothar. Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael a bheidh ina Fhear an Tí don ócáid, agus tá fáilte roimh chách.