Leabhair le síneadh, féinphiceanna le tógáil, carbhait caillte agus bríste róghearra…

Is buntáiste mór do Chill Chainnigh é go bhfuil an oiread sin taithí acu ar na deasghnátha a bhaineann le bheith ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann

Kilkenny Senior Hurling Training Session, Nowlan Park, Kilkenny 2/9/2014 Kilkenny manager Brian Cody  Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Brian Cody.Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Is iontach é an an choicís roimh Chraobh na hÉireann dos na himreoirí sinsir agus iad ag ullumhú do mhórócáid iomána na bliana.

Dar ndóigh, tá seantaithí ag muintir Chill Chainnigh ar an ‘sorcas’ a bhaineann leis an gcoicís seo.

Cé a dhéanfadh dearmad ar na sluaite a d’fhreastail ar sheisiúin traenála na gCat agus iad ag ullumhú do chraobh 2010? An chúis? Bhuel, sin an uair gur bhain gortú de bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus bhíodh na mílte duine ag freastal ar na seisiúin agus iad ag súil le miorúilt mar bhí ráflaí go láidir ann raibh miorúilt i gceist agus go mbeadh ar a chumas imirt sa chluiche ceannais. Ar an gcuma céann gur fhreastail na mílte ar Bhaile an Spidéil i gCorcaigh i lár na n-ochtóidí chun radarch a fháil ar na dealbha a bhí faoi shiúl, d’fhreastail na mílte ar Pháirc Uí Nualláin chun lán na súl a bhaint as ‘miorúilt’ ghlúin an Rí.

‘Sea, bhí sé ina shorcas ceart go leorm agus níl aon dabht ach gur chuir an fuilibiliú go léir isteach ar ullmhuchán na gCat agus, dar ndóigh, chaill siad an cluiche ceannais.

Ar a shon sin is uile, tá eolas a cheirde ag an Uasal Cody ar a bheith ag prapáil mar is ceart do chluiche ceannais agus tá sé sin feicthe againn go rímhinic le linn na ré órga seo.

Is rud nua ar fad é seo d’imreoirí nua na Gaillimhe, agus tá mórán rudaí le láimhseáil acu taobh amuigh de pháirc na himeartha. An fhadhb is mó atá, más fadhb é, ná an ganntanas ticéidí agus an tuairim ag daoine go bhfaigheann na himreoirí carn mór dóibh. Tagann seanchairde nach bhfuil feicthe le blianta agat ag lorg na seoda luachmhara seo.

Mar aon leis sin, bíonn teicéidí á lorg do chóisir na mbuateoirí/gcaillteoirí istoíche Dé Domhnaigh. Tagann miorúilt na bollóigí agus éisc chun cuimhne.

Bíonn ar imreoirí seasamh le haghaidh thomhais an táilliúra dos na héidí oifigiúla a chaitheann siad i ndiaidh an chluiche. I gcónaí bhíodh fadhb éigin againn i gCorcaigh le léine a bhí in easnamh nó bríste a bhí róghearr nó carbhat a bhí caillte.  

Dé ghnáth, tagann slua mór chuig na seisiúin traenála roimh chluiche ceannais na hÉireann agus is deas an rud é sin agus go minic bíonn mórán tóir ag páistí ar shíneacháin na laochra acu agus dar ndóigh bíonn “selfies” anois ag teastáil chomh maith.

Ansin sa seomra feistis, bíonn an t-uafás rudaí le síniú; geansaithe, camáin, sliotair, pictúirí, cártaí, agus leabhair. Tógann sé sin go léir roinnt ama roimh an traenáil nó ina diaidh.

Tá fhios agam go bhfuil cur síos diúltach go leor á dhéanamh agam ar ócáid an-speisialta ach táim ag iarraidh a thaispeáint go mbeadh sé éasca go leor ag na himreoirí na súile a bhaint den sliotar agus an rí-rá thart timpeall orthu.

Tá buntáiste an-mhór ag Cill Chainnigh agus iad ag ullumhú don triú craobh déag faoi stiúir an mháistir Cody, agus an naoú ceann as deich gcinn ó thosnaigh an ré órga i 2006. Buntáiste mór d’imreoirí an chontae sin an taithí uile atá acu ar bheith ag prapáil don ócáid iontach seo bliain i ndiaidh bliana.

Mar atá ráite agus scríofa go minic, is ar an bpáirc a bhuaitear agus a chailltear cluichí agus tá súil agam go bhfuil na Gaillimhigh iomlán dírithe na laethanta seo ar an gcluiche seachas ar an ócáid.

Fág freagra ar 'Leabhair le síneadh, féinphiceanna le tógáil, carbhait caillte agus bríste róghearra…'