Leabhair Ghaeilge na bliana 2015…

Seo séasúr na beadaíochta agus ní bheidh aon cheal ar an léitheoir amplach ach oiread. Isteach is amach le ceithre scór leabhar Gaeilge a foilsíodh i mbliana agus tá ábhar ilchineálach á chur ar fáil ag foilsitheoirí le freastal ar éilimh an mhargaidh. Seo cuid de na teidil a bheidh ar sheilf Dhónaill Uí Bhraonáin idir dhá Nollaig

books-1099067_1920

FILÍOCHT

Cé nach bhfuil aon ghanntanas filí orainn, agus is maith ann iad, níor mhiste dá mbeadh sárfhilíocht chomh tréan céanna le lucht a scríofa. Ní bheidh díomá ort má chaitheann tú tamall i gcuideachta Sheosaimh Uí Mhurchú agus Taisí Tosta (Coiscéim, €7.50). Tá ‘siollaí síoda’ agus ‘snáithíní sróil’ sa 58 dán snoite, saothraithe sa gcnuasach seo. Téamaí éagsúla a chuirtear inár láthair, idir phearsanta agus pholaitiúil. Dánta iad seo a éilíonn léitheoireacht chúramach i ngeall ar théagair ábhair agus treallús teanga. An té a bhfuil dúil aige i gcomóradh na réabhlóide beidh dán a dhiongbhála aige in ‘Trodaí’.

Cathaíocht de chineál eile atá sa gcnuasach Os Cionn Talún agus Dánta Eile le hAogán Ó Muircheartaigh, (Coiscéim, €7.50). An focal scríofa mar theist ar phian, ar fhulaingt, ar theacht aniar atá sa tsraithdhán Os Cionn Talún ar píosa thar a bheith cumhachtach é. Meabhrú dúinn ar fad nach mbíonn san aimsir láithreach ach lá cairde ‘ó chraos an bháis’ cé gur ann don ‘ghleann lúcháire’ agus don ghéarchúis pholaitíochta freisin sna dánta. Tá freagraí ar an bhfile Gearóid Ó Cléirigh ar Thoradh Reifrinn na Liospóine agus déantar spior spear de bhéalchráifeacht na n-uachtarán in An Choinneal.

Togra cumadóireachta atá sa chnuasach is deireanaí ó Joe Steve Ó Neachtain, Fad Saoil (Cló Iar-Chonnacht, €10). Dán in aghaidh gach bliain dá shaol atá i gceist agus ainneoin a chuid gaiscí drámaíochta, scéalaíochta agus próis, filleann Ó Neachtain ar an gceird is cumasaí dá chuid chun grinnléargas a thabhairt ar chóir mhaireachtála a mhuintire, dar leis féin, ach portráidí ar scéal an duine atá ann chomh maith. ‘Caint is dual don dúchas’ a mhaíonn sé agus déantar scagadh an-chumasach ar an teannas idir sean agus nua sna dánta. Ní cleachtas maoithneach é seo ach manifesto machnaimh.

SCÉINSCÉALAÍOCHT

Is iontach an fómhar liteartha atá romhat más spéis leat scéalta bleachtaireachta. Tá toirt agus teannadh leis an úrscéal is deireanaí ó Anna Heussaff, Scáil an Phríosúin (CIC, €12). Maistíneacht agus marú ábhar an scéil a thugann leis eachtraíocht na staire agus na comhaimsire. Fiosraíonn Garda agus iar-iriseoir bás Shaoirse Ní Néill i gcillín i bPríosún Chill Mhaighneann, an ball ceannann céanna inar fuarthas a sin-seanaintín marbh le linn chorraíl pholaitiúil na 1880idí. Ligtear scód scéalaíochta dá bharr a chuimsíonn gáinneáil, mangaireacht agus coireanna gnéis, aos polaitíochta agus gnó chomh maith le téad an ghrá.

Tugann Máire Uí Dhufaigh athchuairt ar Oileán na Leice dá húrscéal sise Raic (Leabhar Breac, €9) a thógann ar na carachtair a cuireadh os comhair an tsaoil mhóir den chéad uair in An Garda Cósta (2012). Soitheach a chuaigh go tóin poill, lastas luachmhar ar iarraidh, tumadóireacht agus gábh farraige bunsraith na scéalaíochta a ropann go sciobtha ó eachtra go heachtra. Agus tá rogha le déanamh ag Caitríona Ní Fhlatharta idir beirt fhear atá sa tóir uirthi. Scéinséir do dhéagóirí é seo ach bheadh brabach ag léitheoir ar bith air i ndáiríre.

D’fhéadfaí an t-áiteamh céanna a dhéanamh faoi shaothar Jackie Mhic Dhonncha, An Mianadóir, (Cló Iar-Chonnacht, €10) ar úrscéilín é do léitheoirí idir 13-16 bliain d’aois faoi fhear a dhéanann a bhealach abhaile i ndiaidh dó a bheith imithe ar feadh blianta móra fada. Scuan ná scéal atá ar an bhfear ceal aithne air agus méadaítear ar an amhras dá bharr. Is é an bua atá ag Jackie Mac Donncha ná scéalaíocht a ríomh atá nádúrtha agus dúchasach ach domhain san am céanna.

SCÉALAÍOCHT DO DHÉAGÓIRÍ

Sáraítear go leor teireanna, crosanna agus típeanna san úrscéal Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne (Cois Life, €10) agus déantar sin trí scéal déagóra 15 bliana a inseacht. Cúlra cluthar go maith atá aici agus tugtar léargas ar chaidreamh agus coimhlint teaghlaigh idir máthair agus iníon tríd síos sa reacaireacht. Gníomhaí ar son na mbeo í Eibhlín, máthair Aisling, mairnéalach farraige  an t-athair. Feidhmíonn an scéalaíocht ar leibhéil go leor agus ní sheachnaítear conspóid phoiblí ná phearsanta sa bplé a dhéantar ar ghinmhilleadh ach is í an éiginnteacht, an chleasaíocht agus an easpa siúrála agus Aisling ag teacht in aibíocht ar shlí na bréige téamaí uilíocha an úrscéil seo.

Castar Penelope agus Dorian nó Fuinneog agus Doras mar a thugtar orthu in úrscéilín Sheáin Mhic Mhathúna Doras Fuinneog Scuab (Leabhar Breac, €9). Déagóirí ar an imeall iad ar teifigh iad beirt ó dhílleachtlanna agus tithe altramais a chaitheann claíocha cathrach an doichill agus an choimhthís in éineacht le mada caorach Scuab. Baineann roinnt eachtraí dóibh nó go dtagann siad ar an bhfoscadh faoi dheireadh ar fheirm. Scéal simplí, taitneamhach é don earnáil seo léitheoirí.

SCÉALAÍOCHT

Meabhraíonn mianach an chnuasaigh Íbíotsa de chuid Labhráis Uí Fhinneadha (Cois Life, €10) gearrscéalaíocht Roald Dahl dom – scríbhneoireacht spraíúil atá duairc ar uairibh agus a bhainfidh siar asat in amantaí. Mar a bheifeá ag súil leis ar oileán saoire tá léargas ar chaidrimh idir fir is mná, ól agus aithreachas, an duine in éadan chumhacht na farraige móire gan trácht ar thatú a chuaigh amú. Ní scéalta fada iad seo ach tá siad dea-chumtha agus scríofa go cumasach.  Tá leagan closleabhair den chnuasach á léamh ag Labhrás Ó Finneadha féin ar shuíomh an fhoilsitheora.

Tagann gaiscíoch déagóra eile ar an bhfód sa scéal gairid seoltóireachta Aois Fir le Liam Ó Muirthile (Cois Life, €10). Tá 12 bliana slánaithe ag an ngarsún Dan ach cúram fir atá anois air a athair agus a uncail a thabhairt slán abhaile agus iad caochta ar phoitín ar bord ‘Láir na Mara’ aimsir Shamhna agus doineann ar chaon taobh. Cruthaítear cósta theas na hÉireann agus aistear uaigneach an bhuachalla go paiteanta. Déarfainn gurb é an scéal bádóireachta is fearr é ó scríobh Erskine Childers The Riddle of the Sands i 1903. Is mór an spórt an cóiriú teanga (cuirtear gluais bheag ar fáil) agus cuid suntais iad na léaráidí atá maisithe ag Olivia Golden.

Tá cnuasach gearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile Diabhlaíocht Dé (CIC, €10) ar áilleacht an tsaoil i dtéarmaí deartha agus ealaíne freisin agus a bhuíochas sin de Sheán Ó Flaithearta. 12 scéal atá sa gcnuasach agus iad ar fad ag tarraingt ar thraidisiúin, miotais agus osréalachas.

FAISNÉIS

Ní ábhar iontais domsa é gur shocraigh moltóirí Ghradam Uí Shúilleabháin Leabhar na Bliana a bhronnadh ar Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal  le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata, €18.95). Sárshaothar é a thagann i dtír ar na foinsí eolais agus faisnéise faoin bhfile cáiliúil is mó a bhfuil meas agus cion air i dtraidisiún liteartha na Nua-Ghaeilge, i gConnachta go háirithe. Éiríonn le Tadhg Mac Dhonnagáin scéal Raiftearaí a inseacht ar bhealach dúchasach, údarásach. Cé go gcuireann an t-údar leis an litríochta scolártha feictear dom gurb í an éacht is mó atá déanta aige ná beatha agus saothar an fhile a chomhthéacsú ar shlí spéisiúil sholéite. Dá gcuirfí tuilleadh den traidisiún liteartha i láthair ar an gcaoi seo creidim nach mbeadh géarchéim litearthachta againn beag nó mór. Eiseamláir stíle agus gníomh creidimh sa litríocht atá an saothar seo.

Ransuithe ar an litríocht agus ar an bhféiniúlacht is ábhar do mhórchuid na n-aistí in Barra Trá le Gearóid Ó Cléirigh (Coiscéim, €10). Abraíonn an t-údar linn go bhfuil ceithre bliana is ceithre scór curtha isteach aige agus gur chuige sin an cnuasach iarrachtaí athghabhála seo ar ghnéithe sainiúla den traidisiún. I measc éagsúlacht an ábhair, pléitear bunús agus úsáid an fhocail ‘stuaim’, an Limerick Gaeilge, Seán Ó Ríordáin, Aogán Ó Rathaille, polaitíocht an liobrálachais nua agus toscaí polaitiúla agus cultúrtha na Gaeilge. Gabhann Ó Cléirigh buíochas le Dia as na ‘daoine cróga a bhris ceangal na n-acadúlach ar an léann i gcoitinne’ trí fhoirm na haiste a chleachtadh. Muide atá buíoch do Ghearóid Ó Cléirigh: ad multos annos.

Staidéar léannta atá sa saothar Aisteoirí an Spidéil le Máirín Breathnach Uí Choileáin (CIC, €12) ar fhorbairt na drámaíochta ar an Spidéal. Cuirtear stair an chumainn inár láthair chomh maith le cuntas tuisceanach ar na léirithe éagsúla a cuireadh ar stáitse i gcaitheamh na mblianta. Saibhriú ar an téacs na pictiúir, grianghraif agus gearrthóga nuachtáin.

Fág freagra ar 'Leabhair Ghaeilge na bliana 2015…'