Leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna le bronnadh ar an Uachtarán tráthnóna

Onóir mhór atá ann cuireadh a fháil go hÁras an Uachtaráin a deir údar an tsaothair Seán Ó Cuirreáin

Áras an Uachtaráin

Tá cuireadh tugtha ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn do Sheán Ó Cuirreáin, údar an leabhair nua faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin tráthnóna, áit a mbronnfar cóip den leabhar ar an Uachtarán.

Beidh ionadaithe ó fhoilsitheoirí an leabhair Cois Life Teoranta agus ón gcomhlacht léirithe teilifíse ROSG Teoranta, a bhfuil sé beartaithe acu an leabhar a fhorbairt mar fhadscannán faisnéise do TG4, i dteannta Sheáin Uí Chuirreáin ag an ócáid san Áras tráthnóna. 

Beidh beirt de shliocht na Seoigheach as Más Trasna, Johnny Joyce agus a mhac Tony as Baile Átha Cliath ansin leis bualadh leis an Uachtarán freisin.

Mí ó shin a foilsíodh an leabhair “Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna” faoin sléacht a tharla i Mám Trasna sa bhliain 1882 nuair a maraíodh teaghlach cúigir. Crochadh agus cuireadh príosún saoil san éagóir ar dhaoine nach raibh aon bhaint acu leis na dúnmharuithe agus tá iarrachtaí fós ar siúl go n-admhódh Rialtas na Breataine an fhaillí a rinneadh sa chás.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin gur onóir mhór a bhí ann an cuireadh seo a fháil ón Uachtarán Ó hUiginn agus gur thuig sé go raibh an-spéis ag an Uachtarán sa gcás. “Bhí suim riamh aige i gcearta an duine agus i gcearta teanga agus d’fhreastail sé ar ócáid faoi chás Mhám Trasna i nGaillimh sa bhliain 2012,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna le bronnadh ar an Uachtarán tráthnóna'