Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge

Tá Liosta Leabhar an Fhómhair fógartha ag Love Leabhar Gaeilge - an feachtas margaíochta atá á eagrú ag Cumann na bhFoilsitheoirí i gcomhar le siopaí leabhar na tíre. Féach thíos an 16 leabhar atá ar liosta na míosa seo, agus na siopaí leabhar atá á gcur chun cinn!

Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge

Gné-alt fógraíochta


Go mbeinnse choíche saor

Foilsitheoir: Éabhlóid – 978 0956501691

Scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil ins na mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a tchítear ar an chéad amharc.


Na Cailleacha

Foilsitheoir: Leabhar Breac – 978 1909907881

Is fuath le cailleacha páistí. Faigheann cailleacha boladh cacanna madra ar pháistí. Agus anois tá an Ard-Chailleach Mhór ag ullmhú le deireadh a chur le gach uile pháiste sa tír — an féidir stop a chur leis na cailleacha? Insíonn úrscéal Roald Dahl scéal an bhuachalla seo agus a mhamó ón Iorua agus iad ag tabhairt aghaidh ar na cailleacha gránna! Tá Na Cailleacha ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan.


An Seachtar Stuama: Rún an tSeanmhuilinn

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht – 978 1784441562

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith. Sa leabhar seo, Rún an tSeanmhuilinn, tá Peadar agus Sinéad den tuairim go mbeadh an Seanmhuileann thar a bheith feiliúnach le haghaidh cruinnithe dá gclub rúnda – sin nó go dtugann siad faoi deara go bhfuil earraí goidte á stóráil ann! Cuimhníonn an Seachtar ar sheift chun breith ar na gadaithe nuair a thiocfas siad ar ais.


Lindberg – Scéal Luchóige a d’eitil

Foilsitheoir: Futa Fata – 978 1910945261

Tráth den saol, bhí an chathair seo lán de luchóga beaga ach ní mar sin atá níos mó. Níl fágtha anois ach luichín amháin. Bogann sé thart go cúramach agus é ag iarraidh teacht ar a chairde. Ach níl cara ar bith ar fáil. Tá siad ar fad ruaigthe amach ag na daoine, ag na héin agus ag na cait. Níl aon rogha ag an luichín ach a chairde a leanacht agus an chathair uaigneach a fhágáil. Ach ní féidir leis éalú – tá gach bealach dúnta ina choinne ag na cait chraosacha. Tá an saol go dona ag na lucha bochta agus tá orthu teitheadh ón chathair, áit atá ag éirí contúirteach dóibh. Tá plean ar leith ag luch bheag mhisniúil amháin – tá sé chun imeacht i bhfad i gcéin, trasna na farraige go Meiriceá. Ach conas?


Súil Eile

Foilsitheoir: Cois Life – 978 1907494437

Súil ghéarchúiseach ar scéal na teilifíse Gaeilge le breis agus fiche bliain anuas. Tá an saothar seo bunaithe ar thaighde cuimsitheach an údair agus ar agallaimh nua leis na pearsana a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4. Rianaítear laethanta corraitheacha an fheachtais, bunú Theilifís na Gaeilge i 1996 agus a teacht in inmhe ina dhiaidh sin faoi bhranda úr TG4. Fite fuaite leis an insint ar stair dhrámatúil TG4, tá léirmheas criticiúil ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún Gaeilge ó bunaíodh é agus cur síos ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimhe.


Cúirt an Mheán Oíche

Foilsitheoir: Leabhair Comhar – 978 0993494673

Rinne Celia de Fréine cóiriú drámata agus aistriúchán Béarla ar dhán Merriman i 1982 agus léirigh an Dublin Shakespeare Society é i 1982 agus arís in 2007. Ar iarratas ó Aisteoirí Bulfin in 2014, d’fhill sí ar bhuntéacs Merriman agus leag sí amach é de réir a cóirithe féin ó 1982. Chuir sí uimhreacha na línte isteach mar áis don léitheoir, agus rinne cóirithe beaga anseo is ansiúd. Rinne Fidelma Ní Ghallchobhair eagarthóireacht éadrom ar an script agus é mar aidhm aici go mbeadh aisteoirí an lae inniu in ann an oiread agus ab fhéidir de a thuiscint uathu féin. Le maolú ar an dúshlán a bhaineann le go leor de na focail agus nathanna i dtéacs fileata Merriman, chuir sí gluais ar chúl na scripte mar áis don chompántas dá léiriú in 2015. Bhain na haisteoirí an-earraíocht as an ngluais agus an dráma á chleachtadh. Ar an ábhar sin, mheas de Fréine agus Ní Ghallchobhair gurbh fhiú an script seo a fhoilsiú sa chaoi go mbeadh deis ag cumainn eile tabhairt faoin dráma éachtach seo.


Scéalta na hÉanlaithe

Foilsitheoir: Foilseacháin Ábhair Spioradálta – 978 1906982577

Leabhar do dhaoine óga é seo a bheidh ina mhíniú cuibheasach simplí ar an mbagairt
éiceolaíochta agus morálta is mó atá roimh aos óg an lae inniu. Scríobhadh an
leabhar seo sular eisíodh Laudato Si. Faightear macalla sna sleachta atá i gcló iodálach ar theachtaireachtaí fíorthábhachtacha an Phápa Proinsias. Is in ómós dó a mheabhraítear go humhal a bhfuil scríofa aige i mír 213 dá imlitir: Is féidir an t-oideachas ar an éiceolaíocht a sholáthar in ilsuíomhanna: ar scoil, sa teaghlach, sna meáin, tríd an gcaiticeasma agus eile. Cuirtear síolta an dea-oideachais san óige, síolta a
leanann ag bláthú ar feadh shaol an duine.


Faye

Foilsitheoir: Leabhair Comhair – 9780993494680

Is cailín óg dhá bhliain déag d’aois í Faye, a bhfuil cónaí uirthi faoi chúram an stáit. Bíonn tromluithe aici go minic, ach cén fáth? Cé go mbíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil, déanann sí gaiscí móra ar pháirc na peile. Is ann a chasann sí le Liam; uaidh sin amach, athraíonn gach rud. Fásann Faye aníos sa scéal seo agus í ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.
Is scéal cumhachtach corraitheach é seo a rachaidh i bhfeidhm go mór ar léitheoirí. Coinníonn an stíl úr bhríomhar aird agus spéis an léitheora síos tríd.


Bí ag Spraoi Liom!

Foilsitheoir: Futa Fata – 978 1910945315

Tá Lúna ag iarraidh dul ag taisteal le Mamaí ina Meaisín Ama
nua – ach tá Mamaí an-ghnóthach. An féidir le Lúna í a
mhealladh le páirt a ghlacadh sa spraoi?


LabhairAmach.com

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht – 9781784441722

Cailín óg aonarach meánscoile í Ciara Ní Cholmáin a bhfuil an ghráin ag Sandra uirthi; tá Sandra ard agus dathúil agus go leor cairde – agus buachaill! – aici. Tá Ciara bhocht ciaptha agus céasta ag Sandra agus a cairde – roimh scoil, le linn na scoile agus tar éis na scoile.

Ní hamháin sin ach tá sí ag fáil téacsanna gránna agus tá pictiúir di á gcur suas ar an suíomh labhairamach.com ag duine anaithnid éigin. Ach díreach agus Ciara in umar na haimléise castar cara nua uirthi, cara cosúil léi féin, cara nach ligfidh síos í agus a thiocfaidh i gcabhair uirthi in am an ghátair. Gearr-úrscéal cumhachtach a thugann léargas truamhéalach ar bhulaíocht an lae inniu i scoil dara leibhéal.


Cosa in Airde

Foilsitheoir: Leabhar Breac – 978 1911363163

Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus
rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Há!
Há!’ arsa Pacó. ‘Níl sé éasca eitilt gan sciatháin!’ Tá sé in am ag Níotú capall dá chuid féin a bheith aige, ach tá sé níos deacra breith ar chapall fiáin agus é a cheansú ná mar a cheapann an tIndiach beag. Indiach Dearg is ea Níotú. Tá sé ina chónaí lena athair is a
mháthair i dtípí. Thart timpeall orthu tá treibh na dTípíonna Beaga. Gach lá,
in éindí lena chairde Fataí agus Navó, téann Níotú ag spraoi san fhoraois, ag
foghlaim faoi ainmhithe agus faoin nádúr.


Katfish agus Scéalta Eile

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht – 978 1784441739

Cnuasach gearrscéalta a phléann le saol an lae inniu, idir shean agus nua: grá agus gruaim, fás agus dreo, titim agus éirí. Leabhar nua ó údar óg a bhain cáil amach lena chéad leabhar do dhéagóirí, Cúpla. Is cinnte go mbainfidh déagóirí an taitneamh céanna as an saothar seo. Buachaill siopa agus brionglóid aige éalú; súil siar ar Nollaig chrua gan trócaire; fear céile ag féachaint i ndiaidh a mhná fiú tar éis a bháis; bás tragóideach dearthár de dheasca faillí; agus beirt a bhfuil caidreamh acu le chéile ar an idirlíon amháin agus iad beirt ag iarraidh bob a bhualadh ar a chéile. 


Rita agus Róbat

Foilsitheoir: An tSnáthaid Mhór – 978 0993474538

Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Tá a seomra leapa ina phraiseach, ach samhlaíonn Rita go bhfuil róbat aici a ghlanfadh suas an phraiseach is mó. Ní bheidh Mamaí ag tabhairt amach riamh arís! Ach cad a tharlódh dá sórtálfadh sé rudaí nár chóir dó? Nó mura mbeadh a fhios aige cá huair le stopadh?


An Leathanach Bán

Foilsitheoir: Leabhar Breac – 978 1911363194

“Beidh ’chuile shórt go breá … tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro … agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.”
Ar bhinse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uaithi.
Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta. 


Cáitheadh na dTonn

Foilsitheoir: Éabhlóid – 978 0995611900

I gCáitheadh na dTonn tá úrscéal atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair chomh maith le dhá ghearrscéal agus dráma a léiríonn saol na ndaoine sa cheantar ag tús an chéid seo caite. Céadfhoilsíodh an leabhar i 1934 agus tá fiúntas ar leith leis as a shaibhreas teanga agus mar fhaisnéis shóisialta. Sa leagan úr seo, tá cóiriú déanta ar an téacs agus é tugtha suas chun dáta le litriú na haimsire seo ach tugtar aird faoi leith ar sheanleaganacha cainte a chuireann go mór le saibhreas scríbhneoireachta an údair.
Tugann Muirghein cuntas beo sa leabhar ar phobal tuaithe atá ag iarraidh a dhul ar aghaidh sa saol, léiríonn sé a mbuanna agus na deacrachtaí a dhéanann buairt daofa, agus lena linn sin nochtann sé spiorad dochlaochlaithe an duine ina chuid scéalta. Is taifead údarásach é an leabhar ar shaol an cheantair sna 1920idí agus tugann sé léiriú maith dúinn ar ghnásanna agus ar dhóchas na ndaoine sa phobal Gaeltachta sin ag an am. Feictear an phágántacht ina beatha taobh le taobh leis an Chríostaíocht, saol tuaithe faoi bhrú ag an imirce, agus is súil ghlinn siar é ar shaol na ndaoine i dtír a raibh athruithe móra ar cois inti.


Oilithreach pinn

Foilsitheoir: Cois Life – 978 907494772

Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhFómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km . Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreach pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an dtír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi. Caitheann grianghraif Moira Sweeney loinnir ealaíonta ar chonair na n-oilithreach.

Fág freagra ar 'Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge'

  • Gealún

    Cé roghnaíonn na leabhair?