Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le hÉilis Ní Anluain

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag Éilis Ní Anluain, údar Fileann Seoirse, atá an rogha…

Éilis Ní Anluain

An leabhar a thug léargas eile dom ar an eipic Ghréigeach

an-odaisc3a9-pc3a1draig-de-brc3banOdaisé de Brún

An gliondar a bhraithim ag léamh Odaisé de Brún, braistint cosúil leis is ábhar do shoinéad Keats, ‘On First Looking into Chapman’s Homer.’ Ní insíonn sé cén nuacht a bhain leis an leagan sin, ach léargas eile ar fad a fuaireas féin ar an eipic Ghréigeach í a léamh i nGaeilge. Cealaítear na mílte bliain agus na mílte farraige idir an pobal iascairí agus scéalaithe as ar fáisceadh an bundán agus pobal iascairí agus scéalaithe Chorca Dhuibhne a ndeirtear gur léigh Pádraig de Brún sleachta dá dhán dóibh de réir mar a bhí siad á scríobh aige. Is mar bhronntanas do dhuine den chlann a cheannaíos é, ach is minic ar iasacht agam é agus bhí sé ar na leabhar a thugamar linn ar thuras go hItice. 

Leabhar ar fhoghlaim mé ceacht uaidh

200px-The_Sea_John_BanvilleThe Sea

Nuair a ceistníodh Harold Bloom le deireanas faoi scríbhneoirí na hÉireann, luaigh sé úrscéalaí amháin, John Banville. Stílí, gan aon rian den Ghaeilge ar a chuid Béarla, clasaiceachas Conrad ag roinnt leis, is mar gheall ar cheacht scríbhneoireachta a d’fhoghlaim mé uaidh a luaim é. Agus an chéad dréacht de m’úrscéal féin scríofa, léas The Sea. Chuaigh sé i bhfeidhm orm a éifeachtaí a d’éirigh le Banville agus gan aige ach líon beag carachtar, agus thuigeas go mb’éigean dom dul ag gearradh siar ar mo chuid féin.    

An leabhar a sheol ar aistir chuig an naoú haois déag mé

middlemarch1Middlemarch le George Eliot

An chéad gheimhreadh sa teach a bhfuilimid breis agus scór bliain anois ann, bhreathnaíomar ar chóiriú an BBC de mhórshaothar George Eliot. Ní raibh aon leabhar léi léite agam ag an am, ach spreagadh mé ní hamháin le Middlemarch a léamh ach an chuid eile dá húrscéalta, a haistí agus cúpla beathaisnéis. Lean mé orm ansin go ceann roinnt blianta ag léamh úrscéalta Béarla de chuid an naoú haois déag a raibh neamart déanta agam iontu agus cinn eile ansin a bhain le tús an fichiú haois.

Na leabhair atá leagtha ar an mbord taobh leis na foclóirí

376558-MDánta T.S. Eliot agus Walt Whitman

Leathchúpla ó thaobh deara de na Fabers seo ó na 1980í, a choinním leis na foclóirí ar an mbord scríbhneoireachta. Cé nach cosúil lena chéile iad mar fhir, tá úire mealltach oscailte Meiriceánach ar Bhéarla na beirte.

An leabhar a chuir ag machnamh mé faoin gcrá croí a bhaineann leis an bhfírinne

Mo Bhealach FeinMo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna

Ar aonach Nollag a fuair mé cóip den gcéad eagrán, faoi chlúdach crua marún agus Dá mBíodh Ruball ar an Éan thiar ar chúl. Dhá scéal sa chéad phearsa, lán ionracas, leochailleacht agus uaigneas. Críoch Mo Bhealach Féin, ‘a fhad a mhairfidh mise beidh mé ag déanamh an eolais chun an tobair seo do Chlanna Gael.’ I dtreo dheireadh an dara scéal, nó an méid de a scríobhadh, deir an príomhcharachtar, ‘Is é an chéad rud is cóir do scríbhneoir a chur os a choinne féin, an fhírinne.’  Agus ceithre leathanach ina dhiaidh sin, ‘Thráigh an tobar ins an tSamhradh, 1935. Ní scríobhfaidh mé níos mó. Rinne mé mo dhícheall, agus is cuma liom.’ An raibh sé róchrua air féin? An raibh tochailt ródhomhain ar bun aige? ‘Human kind cannot bear too much reality,’ mar a scríobh T.S. Eliot an bhliain chéanna, agus George Eliot roimhe, ‘dá mbeadh braistint ghéar againn i leith gach duine beo, b’ionann é agus fás an fhéir agus bualadh croí an iorra rua a chloisteáil, agus bhásodh muid den bhéic atá ar an taobh thall den gciúnas.’

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le hÉilis Ní Anluain'