Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Cathal Póirtéir

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an craoltóir agus scríbhneoir Cathal Póirtéir, atá an rogha…

Poirtéir

An chéad leabhar a fuair mé le mo chárta leabharlainne féin

George A. Birmingham Spanish Gold le George A. Birmingham agus Animal Farm le George Orwell

Go dtí go raibh mé naoi mbliana d’aois ní raibh cead agam mo chárta leabharlainne féin a bheith agam. Is cuimhin liom go maith an chéad dá leabhar a thóg mé amach ar iasacht: Spanish Gold le George A. Birmingham agus Animal Farm le George Orwell. Tá dearmad déanta agam ar an chéad cheann – ní thógfá orm é i ndiaidh leathchead bliain – ach tá Animal Farm athléite agam i mo dhuine fasta. Níor thuig mé i m’óige go raibh fabhalscéal polaitíochta taobh thiar d’eachtraí réabhlóideacha na feirme sin agus gur tráchtaireacht ar an Stailíneachas a bhí i gceist. Ba mhó mo mheas ar a cheardaíocht nuair a thuig mé gur oibrigh sé chomh maith sin ar an dá leibhéal.

An leabhar a mhúscail mo ghrá don bhfantasaíocht

The Lord of the Rings le JRR TolkeinThe Lord of the Rings le JRR Tolkein

Nuair a bhí mé 11 thug cara le mo dheirifiúir trí imleabhar The Lord of the Rings le JRR Tolkein di mar bhronntanas 21ú lá breithe. Fuair mise greim orthu nuair a thainig sí abhaile leo don Nollaig. Thit mé i ngrá le domhan Tolkein láithreach. Bhí mo chroí istigh ann ón chéad leathanach nuair a fuair mé amach go raibh an lá breithe céanna agam le Bilbo agus Frodo! (Tréaslaím an leagan Gaeilge den Hobad le Nicholas Williams.) Ní raibh cáil ar Tolkein in Éirinn an t-am sin mar atá anois agus nuair a chuir mé The Lord of the Rings ar liosta de mo rogha leabhair don mhúinteoir Béarla sa mheánscoil, cheartaigh sé go Lord of the Flies é! Níl aon locht agam ar shaothar William Golding ach ní dhéanfadh múinteoir an dearmad céanna anois.

An chéad úrscéal Gaeilge a d’fhan liom

Mo Bhealach FeinMo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna

Is é Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna an chéad úrscéal Gaeilege a fhanann liom. Seasann an dírbheathaisnéis seo leis féin i gcanón na litríochta Gaeilge. Ba dhuine ar leith é, duine ann féin a roghnaigh a chosán féin saoil agus ealaíne. Aistear anama atá sa leabhar seo ina bhfuil coimhthíos ag crá an údair ar mhórán cúiseanna agus tugann sé cuntas pearsanta dúinn ar shaol atá míshocair agus, uaireanta, míthaitneamhach.

Mo leabhar a scanraigh ar dtús mé ach go mba shaibhre mo shaol dá bharr

Breandán Ó BuachallaAisling Ghéar le Breandán Ó Buachalla

Bheadh Aisling Ghéar le Breandán Ó Buachalla ar aon liosta moltaí agam do dhaoine a chuireann spéis i stair na hÉireann nó i litríocht na Gaeilge. Éiríonn leis léargas úrnua, réabhlóideach a thabhairt ar an Aisling, ar a tábhacht pholaitiúil, stairiúil agus chultúrtha. Chuir toirt an tsaothair agus dúshlán na teanga scanradh orm ar dtús ach, buíochas don taithneamh a bhain mé as Béal Feirste Cois Cuan, threabh mé liom tríd an saibhreas liteartha agus intleachtiúil a chuireann an tseoid léinn seo os ár gcomhair. Ba shaibhre mo shaol da bharr.

Mo rogha leabhar nach bhfuil cóip agam dó

Gaelic Folktales and Medieval Romances: a study of the early modern Irish ‘’romantic tales’’ and their oral derivations le Alan Bruford

Nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an bhéaloideas ar an ollscoil, bhí leabhar le Alan Bruford a thug léargas léannta ar an cheangal idir an litríocht bhéil agus an litríocht  scríofa – Gaelic Folktales and Medieval Romances: a study of the early modern Irish ‘’romantic tales’’ and their oral derivations. Bhain mé oiread taitnimh agus eolais as go gcuimhním air le fonn breis is 30 bliain ina dhiadh sin.  Ní raibh mo chóip féin ariamh agam, ach má tá cóip le sparáil ag aon duine…

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Cathal Póirtéir'