Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Áine Ní Ghlinn

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn atá an rogha…

Aine Ni Ghlinn2

Cre Na CilleLeabhar a thabharfainn liom chuig oileán tréigthe…

Cré na Cille  Máirtín Ó Cadhain

Céard iad na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm?  Céard iad na leabhair a thabharfainn liom dá mbeinn chun mí a chaitheamh ar oileán tréigthe?

Ar ndóigh, dá gcuirfí an cheist chéanna orm amárach nó an tseachtain seo chugainn seans maith go dtabharfainn freagra eile ar fad. Ach seo rogha an lae inniu!

An bhfuil na mairbh marbh nó an maireann na tuairimí is na hargóintí céanna agus iad faoin bhfód?

Téim siar arís is arís eile ar Cré na Cille mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, mórshaothar a thugann léargas iontach dúinn ar mhór-mhionscéalta an tsaoil seo.

Táim ag súil go mór le haistriúchán Alan Titley a léamh i rith an tsamhraidh chomh maith le Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta a tháinig ó Chló Iar-Chonnacht cúpla mí ó shin.

925047400-3289105-1_sLeabhar a léirigh dom gur féidir scéal a chumadh faoi ghné ar bith den saol…

No One Writes To The Colonel – Gabriel Garcia Marquez

Fanacht is foighne. Dínit is dóchas. Tá an Coirnéal ag fanacht ar phinsean a gealladh dó cúig bliana déag ó shin – pinsean nár tháinig riamh agus gach cuma ar an scéal nach dtiocfaidh sé go deo. Tá de bhua ag Gabriel Garcia Marquez go seasann an léitheoir – seachtain i ndiaidh seachtaine – ar an gcéibh leis an gCoirnéal, go mbraithimid agus go dtuigimid an dóchas is an dínit a bhaineann leis is é ag fanacht leis an litir nach dtagann, leis an litir nach dtiocfaidh. Seoid litríochta.

Leabhar a chabhraíonn liom deileáil le strus an tsaoil…

Mindfulness: A Practical Guide to Finding Peace in a Frantic World

cnuasach réasúnta mór agam de leabhair faoi chúrsaí machnaimh agus faoi chúrsaí aireachais. Mo rogha inniu, áfach, ná Mindfulness: A Practical Guide to Finding Peace in a Frantic World (Williams & Penman).

Is aoibhinn liom na cleachtaí aireachais sa leabhar seo – iad éasca le déanamh ach thar a bheith éifeachtach ag an am céanna. An dlúthdhiosca a thagann leis an leabhar an-éifeachtach freisin.

Leabhar a chabhraíonn liom i mo chuid scribhneoireachta…

Cruinneas-WebCruinneas – Antain Mac Lochlainn

Coinním foclóirí agus lámhleabhair ghramadaí ar an mbord oibre i gcónaí agus mé ag scríobh. Is maith liom a bheith in ann rudaí a sheiceáil gan an bord a fhágáil (agus an smaoineamh a chailliúint). Tháinig lámhleabhar nua ó Cois Life le déanaí Cruinneas (Antain Mac Lochlainn). Is éard atá sa leabhar seo – mar a deirtear sa bhlurba cnuasach aibítreach de na focail agus de na struchtúir ghramadaí is minice a bhaineann tuisle asainn.

Súil agam go mbainfear níos lú tuislí asam amach anseo agus an leabhar seo in aice láimhe!

GluaiseachtBeart leabhar mar nach féidir liom ceann amháin acu a roghnú…

Gluaiseacht – Alan Titley

Mar dhuine a bhíonn ag scríobh do léitheoirí óga, déanaim iarracht gach uile leabhar a fhoilsítear don léitheoir óg a léamh. Dá bhféádfainn beart leabhar do dhaoine óga a bhreith liom chuig m’oileán tréigthe, bheadh Gluaiseacht le hAlan Titley ina measc chomh maith le Vortex de chuid Anna Heussaff. Bheadh Harry Potter (an tsraith ar fad) ann agus The Weight of Water & Apple and Rain le Sarah Crossan. Gach ceann acu roghnaithe ar chúiseanna éagsúla – ach is leabhair iad seo atá léite agam níos mó uair amháin agus a bhféadfainn dul siar orthu arís agus mé sínte liom féin ar an trá! 

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Áine Ní Ghlinn'