Le seachtain a thosaigh an bheocht ag teacht ar ais arís i saoránaigh an Bhóthair Bhig

Cosamar seachtaine ó shin a thosaigh an roth ag athrú ar an mBóthar Beag nuair a chuir Cúige Mumhan an fhoireann is láidre atá acu aníos an mótarbhealach nua

Le seachtain a thosaigh an bheocht ag teacht ar ais arís i saoránaigh an Bhóthair Bhig

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Deich seachtaine de shéasúr an rugbaí caite agus gan tagairt amháin fhéin déanta ar an leathanach seo don Bhóthar Beag ná do Sheastán na dTreabh! Ba inmhaite an rud é duit a cheapadh go bhfuil an cion atá ag do cholúnaí dílis ar fhoireann Chonnacht ag dul i bhfuaire.

Is fada uaidh é.

’Sí lomchlár na fírinne gur le seachtain a thosaigh an bheocht ag teacht ar ais arís i saoránaigh an Bhóthair Bhig. Ní hé go bhfuil bua na Sraithe in 2016 imithe as a gcuimhne, ach baineadh croitheadh astu nuair a d’fhógair Pat Lam an t-am seo anuraidh go mbeadh sé ag tabhairt aghaidh ar Bristol a luaithe agus a bheadh an séasúr thart. Is beag eolas a bhí ar a chomharba, Kieran Keane agus nuair a chaill Connacht cúig cinn de na sé chluiche ba thúisce a d’imir siad i sraith an tséasúir seo faoina stiúir siúd, ní hiontas go raibh míshuaimhneas le brath.

In aghaidh Southern Kings a tháinig an t-aon bhua a facthas san achar sin, club ar thréig 30 dá gcuid imreoirí é an séasúr seo caite nuair a chailleadar a n-áit i gcomórtas an Super Rugby. A shliocht orthu, níor shaothraigh siad aon bhua fós sa Pro 14 agus suas le 300 pointe géillte acu sna coimhlintí sin. Ní mórán údair meanman a leithéidí sin a bhualadh.

As baile bhuaigh na Connachtaigh i Newport, i Llanelli agus i mBéal Feirste. I nGaillimh ba é an bhail chéanna a chuaigh orthu in aghaidh Glasgow agus Caerdydd.

Ag siúl ar ais dom i dtreo na Faiche Móire ceann de na hoícheanta sin agus mé ag éalú ó dhúlagar na staide, tháinig glór draíochtúil Niocláis Tóibín isteach i m-intinn agus é i mbun an amhráin:

‘Níor tháing an Major i dtús an lae chugainn
Is ní rabhamar féinig i gcóir ná i gceart
Ach mar sheolfaí tréada de bha gan aoire
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.’

Cosamar seachtaine ó shin a thosaigh an roth ag athrú ar an mBóthar Beag. Chuir Cúige Mumhan an fhoireann is láidre atá acu aníos an mótarbhealach nua agus thug déine a gcuid imeartha ón tús le fios gur mhian leo a mbua a bheith cinntithe acu chomh scafánta céanna – iad 10-0 chun cinn de phreab.

Ansin, den chéad uair an séasúr seo facthas an fhianaise nach amháin go bhfuil an ‘Major’ leaindeáilte ach go bhfuil éifeacht lena chuid aoireachta.

Bíonn a sásamh féin ag baint le foireann rugbaí Chúige Mumhan a chloí lá ar bith, ach é sin a dhéanamh (20-16) agus tús deich bpointe tugtha uait agat – sin scéal eile.

Ní hiontas nach raibh fonn ar Bundee Aki an pháirc a fhágáil. Go dtí sin ba é an scéal i Seastán na dTreabh agus gan muid ‘i gcóir ná i gceart’ go mbeadh bóthar buailte ag Aki é féin dá mbeadh a fhios aige go raibh Lam ag imeacht agus nach raibh a chroí ann níos mó.

Chuir an cuireadh a bhí faighte aige i rith na seachtaine a bheith ar phainéal na hÉireann leis an díocas a bhí air, is dóigh, ach ba é an ‘sean-Bundee’ a bhí le feiceáil ar an mBóthar Beag an tseachtain seo caite – ar a leathghlúin ag guí roimh thús na himeartha agus ag a dheireadh agus ag pógadh agus ag fáisceadh a theaghlaigh agus lucht a leanta agus an seomra feistis bainte amach le tamall ag a chomhghleacaithe eile ar fad.

Mar sin féin, ní tréad caora. Cé go mba é Tom Farrell, comrádaí Aki sa líne trí cheathrú, a scóráil úd an bhua in aghaidh na Mumhan is géar a airíonn Connacht uathu Robbie Henshaw.

Aisteach go leor tá seans ann gur géire fós a airíonn siad uathu imreoir nach bhfuil a leath-oiread cáile air agus atá ar ógánach Bhaile Átha Luain. Ní bhfuair Ali Muldowney aon chaipín idirnáisiúnta riamh ina shaol ó Shasana agus ní bhfaighidh sé anois é agus é ag imirt le Grenoble sa dara sraith de chuid na Fraince. Ach seachtain i ndiaidh seachtaine airíonn Connachta uathu a chumas sa síneadh amach agus i ngluaiseachtaí na dtosach.

Fiú lenar tharla sna cúpla cluiche deireanacha beidh tamall eile sula mbeidh an giodam agus an dea-chaint ar ais i Seastán na dTreabh. Tá an imní i gcónaí ann.

A chruthúnas sin go raibh Frankie Murphy ar dhuine de na maoir a bhí a’ chúnamh do Nigel Owens i gcluiche na Mumhan. Anois chaith Frankie tamallacha ag imirt dóibh siúd agus do Leicester sular thug sé seirbhís 6 bliana le Connachta idir 2008-2014. Agus é éirithe as an imirt anois, tá a chuid dintiúirí bainte amach aige mar réiteoir agus mar mhaor. Go hiondúil gheobhadh a leithéid ‘Tuirne Mháire’ uathu siúd a bhfuil a dteanga ar a gcomhairle féin acu i Seastán na dTreabh, ach thug seisean na cosa leis ar bheagán spochadh an oíche sin.

Ag Frankie féin is fearr a fhios nach amhlaidh a bheidh nuair a thiocfaidh sé arís agus cúpla bua faoina mbeilt ag na Connachtaigh.

Agus mé ag déanamh isteach ar an bhFaiche Mhór agus an ruaig curtha ar na Muimhnigh an oíche faoi dheireadh, tháinig an Tóibíneach isteach i m’intinn arís, trócaire air.

‘Tá na cobaigh mhóra ag iarraidh eolais,
Tá an aimsir óg is an chabhair ag teacht;
An té mhill na gnóthaí, is é a leigheasfaidh fós iad
Is ní dhíolfainn feoirling leo, cíos ná sleá.
Píosa coróineach, an chuid ba mhó de,
Luach éiric bó nó teaghlach deas.
Beidh rince ar bhóithre is soilse á ndó ’gainn,
Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.’