Le Pen ag bagairt ar an Aontas Eorpach go fóill

Tá an eite chlé sa Fhrainc in aimhréidh ar fad agus is chun leas Marine Le Pen é

Le Pen ag bagairt ar an Aontas Eorpach go fóill

Tá a feachtas do thoghchán Uachtaránachta na Fraince seolta ag Marine Le Pen, ceannaire an Front National, an páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis sa bhFrainc.

Tá geallta ag Le Pen, sa chás go dtoghfaí í, go bhfágfaidh an Fhrainc limistéar an euro ar an toirt; go reáchtálfar reifreann faoi bhallraíocht na Fraince san Aontas Eorpach; go mbeidh cúl á thabhairt ag an bhFrainc feasta leis an domhandú eacnamaíochta; go mbeidh srian ar an inimirce; agus go ngearrfar cáin ar allmhairí ar mhaithe le poist a chosaint sa bhFrainc féin.

Agus gheall sí freisin aois scoir na Fraince a ísliú (á hardú atáimid in Éirinn), na sochair shóisialta a fheabhsú agus cáin ar ioncaim a ísliú.

Tá an dá gheallúint dheireanach sin ag teacht salach ar na moltaí atá ag Francois Fillon, iarrthóir na gcaomhach agus baineann a leithéid de chaint go hiondúil le páirtithe na heite clé.

Tá an eite chlé féin sa Fhrainc in aimhréidh ar fad.  Bhí an leibhéal tacaíochta chomh híseal sin ag an Uachtarán reatha, Francois Hollande (níos lú na 5%) gur chinn sé gan seasamh ar chor ar bith.

Agus sa réamhthoghchán ag vótóirí sóisialacha, theip ar an bPríomh-Aire Manuel Valls. Ba é Benoit Hamon, iarrthóir a thugann fíorshóisialach air féin, a fuair an t-ainmniúchán.

Tá seisean ag déanamh dul chun cinn, is tá cainteanna ar siúl idir é féin agus Jean-Luc Mélenchon ón aontas clé (cumannaigh is sóisialaigh eile).  Má éiríonn leo teacht ar shocrú seans go bhfaighidh Hamon timpeall 20% den vóta, rud a d’fhágfadh sa cheathrú háit é ach bheadh a dhóthain tacaíochta aige le tús a chur le hatógáil an pháirtí shóisialaigh.

Go dtí le déanaí, ba é Fillon rogha na coitiantachta, ar an tuiscint go mbeadh Le Pen chun tosaigh sa chéad bhabhta vótála ach nach meallfadh sí mórán vótaí breise sa dara babhta.

Ach amharcann an aicme oibre ar Fillon mar dheargnamhaid acu toisc go bhfuil sé ag bagairt go neamhbhalbh coinníollacha an lucht oibre a chur chun donais go mór.  Bheadh sé deacair d’aon oibrí sa Fhrainc tacaíocht a thabhairt dá leithéid, agus tá faitíos dá bharr ar bhunaíocht na Fraince go bhféadfadh Fillon an bealach a réiteach le haghaidh Le Pen.

Anuas air sin, tá scannal anois ag baint le Fillon agus tuairiscí ann go raibh a bhean, agus daoine eile dá mhuintir ar thuarastail stáit agus gan jab ar bith le déanamh acu.

Tá an leibhéal tacaíochta a bhí aige laghdaithe go mór de réir na bpobalbhreitheanna mar gheall air sin, agus is cosúil gurb é an duine is mó atá ag baint buntáiste as an scannal ná Emmanuel Macron, iarbhaincéir a bhí ina aire eacnamaíochta i réimeas François Hollande ach a d’éirigh as an rialtas nuair a thuig sé go raibh rás Hollande rite. Tá sé ag seasamh mar neamhspleách.

Tá Macron go láidir ar son an Aontais Eorpaigh, is tá lucht an Aontais ag súil go mór gur aige a bheidh an bua.

Ag an bpointe seo, is cosúil gur mar sin a bheidh.

Ach ní féidir a bheith cinnte faoi méid sin.

Tá Le Pen ag iarraidh éalú ó scamall an fhaisisteachais, rud a luann an lucht oibre traidisiúnta go láidir léi. Chuaigh sí as a bealach le hidirdhealú a dhéanamh idir í féin agus a hathair Jean Marie Le Pen, agus tá droim láimhe tugtha aici leis an gCaitliceachas coimeádach a bhíodh i gcónaí sa treis ag an eite dheis. Tá Giúdaigh agus daoine aeracha á dtabhairt isteach sa pháirtí aici agus fiú rólanna ceannaireachta tugtha dóibh ag leibhéal an phobail.

An leor sin le dul i bhfeidhm ar an lucht oibre?

Seans maith nach leor ag an bpointe seo, ach fiú má éiríonn le Macron agus lucht molta an Aontais Eorpaigh, ní bheidh siad in ann neamhaird a thabhairt ar mhíshástacht phobal na Fraince i dtaobh an Aontais agus i dtaobh thionchar an domhandaithe orthu féin is ar eacnamaíocht na Fraince.

Is é an léamh atá agamsa ar an scéal ag an bpointe seo ná go mbeidh Le Pen sa chéad áit sa bhabhta vótála agus timpeall 25% den vóta aici. Macron, is cosúil, a bheidh sa dara háit le timpeall 22% agus ina dhiaidh sin, Fillon, b’fhéidir, ag 19% agus Hamon le 17% (sin má thagann Hamon is Mélenchon ar shocrú).

Ní dhéanfaidh Hamon aon socrú le Le Pen don dara bhabhta, ámh, is beidh an toradh sa deireadh ag brath ar cén céatadán de na vótóirí ar an eite chlé a staonfaidh ó vótáil le linn an dara babhta sin. Níl mórán measa ag an aicme oibre ar Macron (a bhí freagrach as polasaí Hollande i dtaobh na heacnamaíochta), ach beidh cuid mhaith daoine sásta vóta a thabhairt dó seachas do Fillon leis an Front National a choinneáil amach.

Tá na comharthaí ann mar sin gur ag an Aontas Eorpach a bheas an bua, is nach n-éireoidh le Le Pen.

Ach, mar atá ráite agam cheana, ní féidir a bheith cinnte faoin méid sin.  Ní raibh aon duine ag ceapadh go vótálfadh na Sasanaigh ar son an Bhreatimeachta, nó go mbeadh an bua ag Trump i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Níl aon chúis ag Eorpaigh osna faoisimh a ligean go fóill.

Fág freagra ar 'Le Pen ag bagairt ar an Aontas Eorpach go fóill'

  • Eoin Ó Murchú

    Sé an scéal is deireannai na go bhfuil bunaíocht na Fraince ar tí rialacha an Choimisiúin i leith bhuiséad a shárú ar mhaithe le déine a laghdú roimh an toghchán. Tá Coimisiun na hEorpa ar buille faoi, deir an Financial Times inniu.