Le mo dhá shúil féin chonaic mé chomh drochbhéasach a bhíonn daoine ag ócáidí atá in ainm is a bheith ‘spórtúil’

Is deacair a chreidiúint gurb é spórt suaimhneach, socair an ghailf is fearr a léiríonn gur féidir cluiche a chur as a riocht

Le mo dhá shúil féin chonaic mé chomh drochbhéasach a bhíonn daoine ag ócáidí atá in ainm is a bheith ‘spórtúil’

Christy O'Connor Jr. Pictiúr: ©INPHO/Billy Stickland

Tá sé tráthúil go bhfuair mé caidéis an tseachtain seo caite don chumas atá i SkySports a dhul thar fóir sa mbéim a chuireann siad go minic ina gcuid fógraíochta ar an ngrá tíre agus ar an meon treibheach.

Beidh siad ina neart arís an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a imreos plúr ghalfairí na hEorpa agus na Stát Aontaithe a chéile sa Ryder Cup ar chúrsa Hazeltine atá in aice le Minneapolis.

Is deacair a chreidiúint gurb é spórt suaimhneach, socair an ghailf is fearr a léiríonn gur féidir cluiche a chur as a riocht. Ní baileach go bhfuil ollphéist mhara déanta amach agus amach den chomórtas, ach fearacht mórán comórtas agus mórán spórtanna eile is mór idir é anois agus an t-am arbhl iad na Meiriceánaigh agus galfairí na Breataine a bhíodh in aghaidh a chéile i dtús an chéid seo caite, nó fiú ina dhiaidh sin, nuair a tugadh Éireannaigh agus imreoirí as Mór-Roinn na hEorpa isteach ann.

Bhíodh forlámhas ag na Meiriceánaigh ar feadh na mblianta – trí huaire a buadh orthu sna 17 imirt ba thúisce ar an gCorn. Bhí oiread sin ceannais acu go raibh an baol ann go dtitfeadh an comórtas as a chéile agus b’in an chúis gur tugadh muintir na Mór-Roinne isteach, cé go raibh trí chomórtas eile imeartha sular éirigh leo siúd an roth a chasadh sa Belfry i 1985 nuair a bhuaigh an Eoraip den chéad uair le 28 bliain.

Tuairteáil mhaith a tugadh don roth céanna, mar bhuaigh siad freisin dhá bhliain dár gcionn i Muirfield Village agus d’fhág buille cáiliúil Christy O’Connor gur choinnigh siad seilbh ar an trófaí sa Belfry arís i 1989.

Mar is eol dúinn ar fad, ní go maith a théann an cailleadh d’fhormhór na Meiriceánach agus nuair a d’fhill na hEorpaigh ar na Státaí i 1991 ba i Kiwah Island a facthas an lucht féachana ba chlaonta, leataobhach a rinne freastal ar chomórtas gailf ariamh. Agus cuimhnigh gur nós le lucht leanta an chluiche sin go háirithe a bheith mórtasach as a n-iompar múinte, macánta.

Ní hiad an lucht féachana amháin a léirigh a gclaontacht. Sular thosaigh an imirt, taispeánadh físeán inar fháiltigh Uachtarán na Stát Aonaithe roimh an gcomórtas. Ní hamháin go ndearna George Bush sin, ach thug sé le fios go neamhbhalbh go raibh chuile shúil aige gur ag foireann a thíre féin a bheadh an bua – rud a bhí. ‘The War on the Shore’ a baisteadh ar an deireadh seachtaine sin.

Choinnigh na Státaí greim ar an gCorn arís sa Belfry i ’93, ach ansin bhuaigh na hEorpaigh an dá chomórtas a lean agus iad ar thóir na ‘Trí Cinn as a Chéile’ nuair a tharla an ‘Battle of Brookline’ i mBostún i 1999.

Ansiúd, chonaic mé le mo dhá shúil féin (agus chuala le mo dhá chluas) chomh drochbhéasach agus atá ar chumas daoine a bheith ag ócáid atá in ainm agus a bheith ‘spórtúil’. Bhí Pádraig Harrington páirteach sa gcomórtas den chéad uair. D’imir sé féin agus Miguel Jiménez in aghaidh Payne Stewart agus an té a bheidh ina chaptaen ar na Státaí an deireadh seachtaine seo chugainn, Davis Love, an chéad mhaidin nuair a chríochnaigh siad ar chomhscór.

Dá dhonacht an t-iompar a bhí ar chuid de lucht leanta na Meiriceánach ansiúd – agus caithfear a rá go raibh na himreoirí béasach i gcónaí – ba in áit na leathphingine a bhí sé i gcomparáid leis an spídiúlacht a fuair Harrington agus Jiménez nuair a d’imir siad Tiger Woods agus Steve Pate an mhaidin dár gcionn.

Ba ar éigean a fágadh áit siúil ag Pádraig agus ag Miguel Ángel agus iad ag déanamh a mbealaigh tríd an slua – iad siúd de shíor ag screadach agus ag sianaíl isteach ina gcluasa…”USA….USA….USA”.

D’éirigh leis na Meirceánaigh na ‘Trí Bhua as a Chéile’ a cheilt ar na hEorpaigh an uair sin, ach ar ndóigh tá an gaisce déanta faoi dhó acusan ó shin agus go deimhin iad ar thóir an ceathrú bua as a chéile i Hazeltine an deireadh seachtaine seo chugainn.

Cúrsa thar a bheith fada atá ann – poll par 5 amháin 606 slat agus ceann eile 572 slat. Is beag anó a chuirfidh sin ar imreoirí an lae inniu ar ndóigh atá in ann an liathróid a thiomáint suas le 100 slat níos faide ná a bhí Tony Jacklin nuair a bhuaigh seisean Craobh Oscailte na Stát Aontaithe ansiúd i 1970, rud nach raibh le rá ag aon Sasanach eile go ndearna Justin Rose an gaisce 3 bliana ó shin.

Cúrsa nua go maith a bhí ann in aimsir Jackin agus ní hé an moladh céanna a bhí ag chuile dhuine an uair sin air agus a bhí aigesean. Bhí galfaire amháin darbh ainm Dave Hill a bhí chomh cáinteach go ndúirt sé “the only thing it was missing was 80 acres of corn and a few cows”.

Fág freagra ar 'Le mo dhá shúil féin chonaic mé chomh drochbhéasach a bhíonn daoine ag ócáidí atá in ainm is a bheith ‘spórtúil’'