Jennifer Lawrence os cionn a buille mar Joy i scannán a mbainfear sult as

Scannán aontoiseach é Joy ach, a bhuíochas le Lawrence, tagann sé slán – ainmniúchán Oscar ionann is cinnte

Joy

Joy

Stiúrthóir: David O. Russell

Cliar: Jennifer Lawrence, Robert De Niro, Bradley Cooper, Edgar Ramírez, Diane Ladd, Viginia Madsen, Isabella Rossellini, Dascha Polanco, Elisabeth Röhm

Ag tús an scannáin seo, tá radharc as sobalchlár dubh agus bán ina bhfuil buíon aisteoirí ag tabhairt línte áiféiseacha uathu go liobarnach. Filltear ar an gciúta seo go minic i rith an tsaothair agus is léiriú ann féin iad na radharcanna neafaiseacha seo ar an tslí a bhfuil David O. Russell tar éis tabhairt faoi bheathaisnéis Joy Mangano, an bhean a d’imigh ó dhaibhir go saibhir nuair a cheap sí an Miracle Mop, agus nithe eile nach é.

Agus úsáid á baint aige as iardhearcaidh, léimt ar aghaidh, agus brionglóidí, tarraingíonn an Ruiséalach culaith ghaisce chuige féin a thugann blas draíochtúil don táirge go minic. Níl sé sásta leis an insint dhíreach, stíl a bhain an-cháil amach do Steven Soderbergh le Erin Brokovich (2000).

Tar éis radharc an tsobalchláir, cloistear guth an tráchtaire (a seanmháthair Mimi – Ladd) agus cítear Joy óg ag spraoi lena dlúthchara. Cuirtear samhlaíocht agus cruthaitheacht an chailín óig abhaile orainn go láidir.

I bpreabadh na súl, áfach, tá sé curtha in iúl dúinn go bhfuil an tsamhlaíocht sin múchta ag a muintir mhífheidhmiúil agus nach bhfuil sí tar éis barr a cumais a bhaint amach.

Tá an t-athair (De Niro) agus an mháthair (Madsen) tar éis colscaradh, ach filleann an t-athair ar an tigh aon uair a chliseann ar an ngaol is déanaí aige.

Ar filleadh arís dó, caitheann sé slais lena iarbhean chéile ag rá go bhfuil sí cosúil le gás sa tslí is nach féidir í a fheiscint ná a bholadh ach go bhfuil sí ag marú na ndaoine timpeall uirthi mar sin féin. Ní fhágann an bhean chéanna an seomra codlata in aon chor, í suite ar an leaba ag féachaint ar shobalchláir de shíor.

Chlis ar phósadh Joy féin agus tá a hiarfhear céile buailte faoi san íoslach. Ina dteannta siúd ar fad, tá an tseanmháthair spreagúil agus an leathdheirfiúr (Röhm) a bhfuil an chloch sa mhuinchille aici di. Tá Joy ó philéar go posta ag iarraidh aire a thabhairt dóibh ar fad agus dá clann féin. Tá an tragóid agus an greann fite fuaite go cumasach sna radharcanna tosaigh seo.

Téann an scannán ar mhalairt treo ábhairín nuair a cheapann Joy an mapa úd. Déantar cíoradh ar shaol an ghnó a bhíonn gan taise, gan trua agus gan scrupall go minic. Tagann éad, binb agus cúngaigeantacht a muintire féin go barr uisce. Ina theannta sin ar fad, tugtar éachtaint ar fhorás na teilishiopadóireachta. Tá an radharc ina dtaispeánann carachtar Cooper stiúideo QVC, é faoi lán seoil, cumasach, mealltach agus greannmhar.

Tá an scannán seo aontoiseach sa mhéid is gur laoch amach is amach í an príomhcharachtar agus is amadáin agus liúdramáin nimhneacha mórán dá muintir. Táim cinnte go bhfuil an fhírinne níos casta ná sin. Ina dhiaidh sin féin, éiríonn le Lawrence an scannán a thabhairt slán agus tá sé ionnan is cinnte go mbeidh ainmniúchán Oscar aici.

Dar liom go bhfuil sí anois ar an gceann feadhna baineann is mó ráchairt in Hollywood.

Scannán taitneamhach, greannmhar, truamhéalach.

Fág freagra ar 'Jennifer Lawrence os cionn a buille mar Joy i scannán a mbainfear sult as'