Laochra ag imeacht agus laochra nua ar tí a ngaiscí féin a dhéanamh in 2016

Tá cuid de phlúr na n-imreoirí idirchontae éirithe as le tamall anuas agus rotha mór shaol an spóirt ag casadh leo i gcónaí

Munster GAA Hurling Senior Championship 2011 Final, Pairc Ui Chaoimh 10/7/2011 Waterford vs Tipperary Tipperary's Lar Corbett scores the fifth goal despite Darragh Fives and goalkeeper Clinton Hennessy of Waterford Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie *** Local Caption ***
Lar Corbett. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An t-am seo anuraidh bhíomar ag caint faoin méid imreoirí i gCill Chainnigh a bhí ag éirí as agus sinn ag trácht ar conas a chuirfeadh sé isteach ar an bhfoireann in 2015. Faoi thús mhí Iúil bhí dearmad déanta againn ar scéal na n-imreoirí sin agus imirt na gCat chomh héifeachtach is a bhí riamh faoi stiúir Brian Cody.

Tiobraid Árann is mó a bhfuil laochra caillte i mbliana acu agus tá bainisteoir nua chomh maith acu. Bhí an-mheas agam ar an mbeirt lár páirce, Shane McGrath agus James Woodlock, a bhí inchurtha le haon bheirt lár páirce eile. Is dócha go raibh bonn nó dhó eile tuillte acu. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Conor O’ Mahony. Is iomaí lá gur thug sé taispeántas údarásach uaidh agus geansaí uimhir a sé ar a dhroim, ach dála na beirte eile, níl ach bonn Uile-Éireann amháin aige. Tá a lán imreoirí ann a bheadh lánsásta le bonn amháin ach nuair a smaoinítear ar na cluichí eipiciúla sin idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh, is díol trua dóibh nár bhuaigh siad ach craobh amháin.

D’fhógair Lar Corbett go bhfuil a phort seinnte mar imreoir idirchontae freisin. Bhí an t-ádh leis gur bhuaigh sé craobh na hÉireann ar a chéad iarracht nuair a thug na Tiobradaigh agus Nicky English an lá leo i gcluiche ceannais na bliana 2001. Ach bhí ar Lar fanacht go dtí 2010 don dara ceann.

Cuimhneofar go deo ar thaispeántas Corbett sa chluiche sin, áfach agus ar an dtrí cinn de chúil a d’aimsigh sé. 

Mar sin féin, níl in aon rud ach seal, agus aithníonn Corbett nach bhfuil sé maith go leor a thuilleadh. I mo thuairimse, tá an cinneadh ceart déanta aige.

Tá an t-uafás prapála i gceist na laethanta seo chun bheith ullamh d’imirt ag an leibhéal idirchontae. Níl aon dabht ach gur cluiche d’ógánaigh anois í an iománaíocht. Tá tromlach na n-imreoirí anois idir 19 agus 29 mbliana d’aois. Nuair a phósann an t-imreoir idirchontae agus nuair a shaolaítear páistí dó, is lú ama fós a bhíonn aige.

Rud éigin eile ar fad ba chúis le Richie Power Chill Chainnigh éirí as agus ocht mbonn Uile-Éireann aige. Ag tosach na seachtaine dúirt sé go raibh a rás rite de bharr gortú. Cuireadh comhairle air éirí as an iománaíocht mar nach raibh na dochtúirí ábalta níos mó a dhéanamh dó. Cuimhnigh gur chaith sé formhór den bhliain 2015 agus é ag imeacht ón obrádlann go dtí an fisiteiripeoir. Ach cuimhnigh freisin ar an ngaisce a rinneadar siúd a thug faoiseamh éigin dó le go bhféadfadh sé páirt bheag a ghlacadh ar pháirc na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann.

D’éirigh laoch eile as ag tosach na seachtaine freisin agus gan aon bhonn sinsear aige. Le linn mo ré mar bhainisteoir ar Luimneach, roghnaíomar Donal O’Grady mar chaptaen na foirne. Ba cheannaire go smior é ar an bpáirc agus lasmuigh di. Fear ciúin, macánta, béasach é ach fear dian, cróga, láidir cumasach ar pháirc na himeartha. Fear foirne amach is amach. 

Bhí áthas orm go raibh se ina chaptaen nuair a thug Luimneach abhaile corn na Mumhan in 2013 den chéad uair ó 1996. Is trua nár thug sé Corn Mhic Chárthaigh leis agus ní dhéanfaidh sé anois, cé go mb’fhéidir nach fada uainn an lá sin do Luimneach.

Fear eile a d’fhág slán againn ag tosach na seachtaine agus gan an bonn mór ina phóca aige ná Brian Carroll Uíbh Fhailí.  

Ach sin agat rotha mór an tsaoil spóirt. Laochra ag imeacht agus laochra nua ar tí a ngaiscí féin a dhéanamh in 2016.

Fág freagra ar 'Laochra ag imeacht agus laochra nua ar tí a ngaiscí féin a dhéanamh in 2016'