Laoch teanga as Tír Eoghain básaithe go hóg

Bhí achan leithscéal ag Stiofan Mac Thiarnáin gan bacadh leis an nGaeilge, ach rinne sé iarracht mhór ar son na teanga i measc an phobail scaipthe tuaithe in Iarthar Thír Eoghain

Stephen 1

Is boichte saol na Gaeilge i dTír Eoghain de bharr bhás Stiofáin Mhic Thiarnáin. Ainneoin nach raibh sé ach 32 bliain d’aois, b’fhada é ag streachailt leis an drochsláinte agus ar an drochuair, fuair an ailse an ceann is fearr air sa deireadh.

Bhí sé ar an dream beag a choinnigh an Ghaeilge beo sna pobail scaipthe tuaithe in Iarthar Thír Eoghain. Ba mar dhuine fásta a thug Stiofán faoi fhoghlaim na Gaeilge é féin. Bhí achan leithscéal aige gan tabhairt faoi. Achan lá, bhí air turas 170 míle a dhéanamh, ó theach s’aige ar an Trí Leac, go dtí a chuid oibre i mBéal Feirste, agus ar ais. Bhí sé pósta agus triúr páistí óga air.

Lean sé air i mbun na ranganna Gaeilge nuair a tháinig an ailse air an athuair trí nó ceithre bliana ó shin. Ainneoin go mbíodh ag teip ar an tsláinte aige, théadh sé go rialta go Gaeltacht Dhún na nGall agus thug sé Gaeilge bhreá bhinn leis de thairbhe na gcuairteanna sin.

Bhí fhios aige go maith óna tháithí saoil go raibh streachailt chrua roimhe. Bhuail an ailse den chéad uair é thart ar 10 mbliana ó shin. Tháinig sé slán as. Nuair a d’fhill sí, ba léir go mbeadh sé níos deacra air teacht slán an dara babhta. B’é freagra Stiofáin ná díriú ar chúrsaí teaghlaigh agus cultúir.

B’oifigeach preasa leis an SDLP é, oifigeach preasa den scoth. Ba mhinic mé ag plé leis. Bhíodh sé i gcónaí sásta dua a chuir air féin píosa breise eolais a d’iarr iriseoir air a aimsiú dó. Lena chois sin, chuireadh sé am go leataobh do dhuine le cúlra scéil nó ceiste a mhíníú go foighdeach agus go discréideach dó.

Thuig sé riachtanais na hiriseoireachta nó ba iriseoir é féin. Bhíodh sé ag obair leis an stáisiún raidió Q101, ansin leis an nuachtán an Tyrone Constitution.

Agus é sa ‘Con’, ba é Wesley Acheson an t-eagarthóir. Dúirt Acheson gur fear uasail a bhí ann. “Chuir sé díograis agus dúthracht isteach ina chuid oibre,” arsa Acheson. “Chuir sé go mór leis an nuachtán. Bhí sé iontach lách, beart a chuidigh go mór leis agus é ag bailiú faisnéise ó dhaoine. Bhí ardmheas ag na hiriseoirí eile air”, a dúirt sé.

Fuair Stiofán bás sa bhaile agus a theaghlach thart air. Maireann a bhean, Julie, a bpáistí Grace, Dara agus Éabha, a athair, Kieran, a mháthair, Marie, a dheirfiúracha agus a dheartháireacha. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dó.