Laitviach ceaptha ina ceannaire ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge i bParlaimint na hEorpa

Ní léir an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge ar a toil ag Ieva Mainardi ar éirigh léi sa chomórtas oscailte níos luaithe i mbliana do Cheann Aonaid a ar an aonad nua Gaeilge i bParlaimint na hEorpa

Laitviach ceaptha ina ceannaire ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge i bParlaimint na hEorpa

Tá Laitviach mná, Ieva Mainardi, ceaptha ina ceannaire ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge i bParlaimint na hEorpa. Bunaíodh an t-aonad nua seo ag tús an tsamhraidh.

Níl aon deimhniú faighte go fóill ag Tuairisc.ie cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge ar a toil ag Ieva Mainardi.

Bhíodh an fhoireann aistritheoirí a bhí ag plé leis an nGaeilge ag obair mar chuid de Chomhaonad an Bhéarla agus na Gaeilge. Bunaíodh aonaid eile Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa agus i gComhairle na hEorpa seacht mbliana ó shin.

Is iad Colmcille Ó Monacháin agus Seán Hade, Éireannaigh beirt, a ceapadh ina gceannairí ar na haonaid eile sin in 2010.

Bhí comórtas oscailte ar siúl níos luaithe i mbliana chun Ceann Aonaid a cheapadh ar an aonad nua Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus d’éirigh le Ieva Mainardi sa gcomórtas sin.

Thug foinse shinsearach in institiúidí na hEorpa le fios do Tuairisc.ie go dtarlaíonn sé go mbíonn daoine i gceannas ar aonaid teanga i gComhairle na hEorpa agus gan príomhtheanga na n-aonad sin ar a dtoil acu, ach nár tharla sé cheana i bParlaimint na hEorpa ná i gCoimisiún na hEorpa.

Dúradh nach bhfuil ceann aonaid teanga ar bith eile i bParlaimint na hEorpa faoi láthair nach bhfuil an teanga atá faoi chúram an aonaid aige.

“Is ait liom gur roghnaíodh Laitviach ann díreach anois agus maolú na Gaeilge ina phríomhábhar i ngach institiúid. Bheifeá ag súil go gceapfadh an Pharlaimint duine a mbeadh tuiscint an-mhaith aige ar cheist na Gaeilge agus ar impleachtaí an mhaolaithe,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Pharlaimint na hEorpa faoin gceapachán.

Beidh Ieva Mainardi ag dul i mbun a cúraim go luath san athbhliain.

Fág freagra ar 'Laitviach ceaptha ina ceannaire ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge i bParlaimint na hEorpa'

  • Maitias

    An bhfuil Gaeilgeoirí sách inniúla ann a bheadh in ann an deis sin a thapú? Luadh níos luaithe ar Tuairisc.ie go bhfuil géarchéim ann i dtaobh múinteoirí le Gaeilge a earcú sna Gaelscoileanna. Féiniméan dochreidte eisceachtúil é seo in aon tír ar domhan .i. go mbeadh an Ceann Aonaid gan teanga an Aonaid aige/aici. Ach cá hionadh sin i bhfianaise a bhfuil luaite thuas. Tá agus bhí aistritheoirí mórthuarastail Gaeilge ag obair sa Bhruiséil agus is túisce leo Béarla a labhairt ag an obair, sa cheaintín, chuile áit maguaird. ‘Obair’ is ea an Ghaeilge, bíonn briseadh ag teastáil.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’fhéidir go gceapfar ceannaire sóisearach le Gaeilge faoi mar atá á dhéanamh ag rialtas na hÉireann le Roinn na Gaeltachta.

  • cliodhna

    B’fhéidir go gcasfadh na haistritheoirí thall ar Laitviais a labhairt léi!