‘Laghdú daonra sa Ghaeltacht’ agus ‘cúinsí eile’ is cúis le titim i líon na gcainteoirí Gaeltachta — Ó Cúláin

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Steve Ó Cúláin gur ‘tréimhse fhíorchrua’ a bhí ann le cúig bliana anuas ‘don tír ar fad’

‘Laghdú daonra sa Ghaeltacht’ agus ‘cúinsí eile’ is cúis le titim i líon na gcainteoirí Gaeltachta — Ó Cúláin

Is de bharr “na laghduithe suntasacha” i ndaonra na gceantar Gaeltachta agus “cúinsí eile” a thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, dar le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin.

Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ó 23,175 in 2011 go 20,586 in 2016 — laghdú 2,589 duine, nó 11%. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát.

Dúirt Ó Cúláin gur “tréimhse fhíorchrua” a bhí sna cúig bliana sin “don tír ar fad” mar gheall ar acmhainní a bheith gann agus ciorruithe buiséid. Dúirt sé go bhfuil sé i gceist ag an Údarás treisiú ar a n-éileamh go soláthrófaí acmhainní breise maoinithe don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta.

“Is trí chomhpháirtíocht dhearfach agus ghníomhach idir na páirtithe leasmhara is fearr a bhainfear torthaí dearfach amach i leith chur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt sé.

Tá 23 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta i mbun an phróisis pleanála teanga faoi láthair agus Ceanneagraíochtaí pleanála teanga ag staideanna éagsúla in ullmhú pleananna teanga.

Tá trí phlean teanga curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cheana féin — péire ó Ghaeltacht Thír Chonaill agus ceann amháin ó Chois Fharraige sa Ghaillimh.  Tá sé i gceist go mbeadh suas le 10 bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo. 

Tá tús á chur faoi láthair leis an bpróiseas pleanála teanga i dtrí limistéar pleanála i gcathair na Gaillimhe — Bearna agus Cnoc na Cathrach, Oirthear Chathair na Gaillimhe, agus an tEachréidh.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne ar maidin go bhfostófar oifigigh sa Ghaeltacht “chun cabhrú le feidhmiú pleananna teanga a bheidh aontaithe faoin bpróiseas pleanála teanga”. Bainfear úsáid as an maoiniú €850,000 a fógraíodh inné don phleanáil teanga chun na hoifigigh a fhostú, a dúirt an tAire Stáit Kyne.

D’fhógair an tAire Stáit inné go mbeidh €735,000 ag Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ag Foras na Gaeilge san iomlán “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn”.

Dúirt an tAire Stáit “gur léir” i bhfianaise thorthaí Gaeilge an daonáirimh a foilsíodh inné “go leanann na dúshláin shíoraí atá roimh an nGaeilge mar theanga mhionlaigh ar bhonn domhanda”.

D’fháiltigh Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Kyne inniu agus dúradh gur “údar misnigh” don eagraíocht a bhí ann.

“Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfuil an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht á thabhairt céim eile chun tosaigh agus tús á chur anois leis an gcéim a bhaineann le pleananna teanga a chur i bhfeidhm – an chéim is tábhachtaí,” a dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis.

Dúradh go bhfuil “tábhacht ar leith” ag baint leis an bPróiseas Pleanála Teanga i bhfianaise fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 agus gur “údar dóchais” é go mbeidh oifigigh Ghaeilge á bhfostú chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.

“Aithnítear dua agus tiomantas bhaill na gCeanneagraíochtaí agus a gcuid fochoistí agus an t-am atá curtha isteach acu i réiteach na bpleananna. Tá moladh mór, as a dtiomantas agus as a ndúthracht, ag dul do phobal na Gaeltachta atá ag feidhmiú ar bhonn deonach le todhchaí a chinntiú don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“Teastaíonn cur chuige comhtháite atá bunaithe ar dhea-chleachtas pleanála teanga chun pobal teanga a neartú. Tá comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobal, an Stáit agus na n-earnálacha príobháideacha agus deonacha ríthábhachtach chun an sprioc seo a bhaint amach,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.