Laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht – Daonáireamh 2016

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (- 18%) agus Dún na nGall (- 15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist. An titim ar líon na gcainteoirí laethúla i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát

Laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht – Daonáireamh 2016

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh ar maidin.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.

Sa Ghaeltacht bhí glanlaghdú de 2,589 duine i gceist sa tréimhse chéanna.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (18%) agus Dún na nGall (15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.

Ba é contae Phort Láirge (+6.6%) an t-aon chontae ina raibh méadú i gceist.

Laghdú 5.8% a bhí i gceist sa cheantar Gaeltachta is láidre sa tír, an Ghaillimh. Bhí méadú beag i gceist i gcathair na Gaillimhe agus deichniúr breise ag labhairt na Gaeilge go laethúil ann i gcomórtas le 2011. 646 a bhí ag labhairt na Gaeilge

Laghdú 11.2% a bhí i gceist i nGaeltacht Chorcaí agus agus laghdú 9.9% a bhí i gceist i gcontae na Mí.

Tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine sa Státa dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu, de réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh ar maidin. Thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais — slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga. 73,803 duine a thug le fios i mí Aibreáin na bliana seo caite go labhraíonn siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 duine, nó 4.4%, ar an 77,185 duine a dúirt amhlaidh in 2011.

Tábla le Tuairisc.ie. Bunaithe ar fhigiuírí Dhaonáirimh 2016 agus 2011

Fág freagra ar 'Laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht – Daonáireamh 2016'

  • Feardorcha

    Ní fiú bheith ag caitheamh na chéad cloiche ag an bpointe seo ach má tá dream amháin a bhfuil de chumhacht acu na Gaeltachtaí a choimeád os cionn uisce is iad sin Údarás na Gaeltachta. Is é sin feidhm, bunús, bun agus barr na heagraíochta.
    Mura bhfuil siad ábalta don mhórchúram sin ní mór dóibh é sin a admháil, nó ní mór do tuairisc.ie, TG4, srl an admháil sin a bhrú astu.
    Faoi láthair, tá siad ciúin nuair is ceart dóibh a bheith glórmhar, tá siad sáite ina ngnóthaí féin nuair atá a gcúram ag teip, tá siad ag ticeáil boscaí nuair atá fhios ag gach éinne nach bhfuil uathu ach boscaí a thiceáil.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Maidir le titim na gCainteoirí Laethúil Teanga i gCiarraí (18%), is fiú go mór dianscrúdú a dhéanamh ar cad is cúis leis seo. (Táim ag tagairt do Chorca Dhuibhne amháin anseo, mar tá Ciarraí Theas san áireamh chomh maith.) Tagann sé ar fad thar n-ais go fostaíocht, bunchloch Údarás na Gaeltachta, tráth dá raibh. Tá an glún óg glanta as an nGaeltacht seo ag díriú ar fhostaíocht lasmuigh, bíodh san thar lear, in Éirinn, nó fiú go Conamara – áit go bhfuil an tallann is fearr ón dtaobh so tíre diúlta suas ag rannóg na meáin cumarsáide. Lasmuigh do sin ar fad, is beag fostaíochta atá á cur ar fáil tríd an Údarás sa lá atá inniu ann. Cinnte, bhí an tÚdarás ann go láirneach roimh agus ag bunú na seiribhíse teilifíse le cúrsaí traenála, ag tacú le bunú comhlachtaí léiriúcháin agus le bunú Telegael féin, ach d’imigh an tromlach go Conamara. Tógadh stiúideo teilifíse den scoth i nDaingean Uí Chúis go luath tar éis bhunú TG4, ach níor bhaineadh úsáid as ach mar áis chun agallaimh a chur ar dhaoine chun dul ag obair i gConamara. Tá an stiúideo féin ar cíos ó shin ag an Údarás do chomhlacht amharclannaíochta Béarla. Ábhar iontais é nach bhfuil an titim atá luaite níos mó!