Laethanta bródúla agus brónacha amach romhainn

Agus tús á chur le Corn Domhanda an rugbaí tá údair mhisnigh againn ag foireann Joe Schmidt

2011 Rugby World Cup Quarter-Final, Wellington Regional Stadium, Wellington, New Zealand 8/10/2011 Ireland vs Wales Ireland's Cian Healy dejected  Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan *** Local Caption ***
Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cothrom an ama seo ceithre bliana ó shin agus muid ag súil le tús Chomórtas Webb Ellis, nó an Corn Domhanda mar is fearr aithne air, bhí muid sa gcás ceannann céanna agus atá muid anois: muid lán dóchais agus díreach mar a bhí ag an am sin, muid cinnte freisin go bhfuil an painéal is fearr imreoirí réitithe ag lucht bainistíochta an IRFU le ruathar ceart a thabhairt faoin gcomórtas.

Tá údair eile misnigh againn an babhta seo. Is muid curaidh chomórtas na Sé Náisiún le dhá shéasúr anuas agus creideann go leor sa tír seo, agus i dtíortha eile i gcéin freisin, gur againn atá an bainisteoir rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair. Sin mar atá cúrsaí lá roimh ár gcéad chluiche, i ngrúpa D, i gcoinne Cheanada ar an Satharn beag seo.

Ós ag caint ar an gCorn Domhanda deiridh é, is fiú a mheabhrú gur éirigh linn an lámh in uachtar a fháil ar an Astráil féin, curaidh an chomórtais faoi dhó. Beidh gá le gaiscí dá leitheid i ngrúpa na bliana seo, sin más fúinn curaidh reatha an domhain, na hAll Blacks, a sheachaint sna cluichí ceathrú ceannais. Leis sin a dhéanamh, ní mór dúinn an ceann is fearr a fháil ar Cheanada, An Rómáin, An Iodáil agus na Francaigh sa gcluiche deiridh inár ngrúpa féin.

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Gaeil i gcoinne Cheanada amárach. Foireann í seo a chaill an seacht gcluiche deiridh a d’imir siad. Ní hamháin sin ach níor éirigh leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach acu uair amháin, in ainneoin gur imir siad sa seacht gcomórtas domhanda a bhí ann go dtí seo. Má theipeann ar fhir Joe Schmidt sa gcéad chluiche seo, caithfear athbhreithniú iomlán a a dhéanamh ar chur chuige na nGael. Ach ní dóigh liom é!

Tá neart cluichí eile ar ardchaighdeán á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Beidh suim ar leith againn i gceann acu ar aon nós, sin an cluiche ar an Domhnach, i ngrúpa C, idir na hAll Blacks, curaidh an chomórtais agus an Airgintín, nó na Pumas mar a thugtar orthu freisin.

Má éiríonn leis na Gaeil a bheith sa gcéad nó sa dara háit ina ngrúpa féin (grúpa D), is i gcoinne ceann den dá fhoireann a cháilíonn ó ghrúpa C a bheas siad sna cluichí ceathrú ceannais.

Sna cluichí ceathrú ceannais, beidh an fhoireann a bheas ar bharr an tábla i ngrúpa C i gcoinne an dara foireann i ngrúpa D, agus beidh foireann bharr an tábla i ngrúpa D i gcoinne an dara foireann i ngrúpa C. Seans maith gurb iad na hAll Blacks a bheas ar bharr an tábla ina ngrúpa féin. Beidh sé ríthábhachtach go mbeidh an ceann is fearr againn ar na Francaigh dá bharr sin; caithfidh muid a bheidh ar bharr an tábla i ngrúpa D, nó seans gur i gcoinne na nAll Blacks seachas na bPumas a bheas muid sna cluichí ceathrú ceannais.

Dúshlán ann féin, a déarfá, ach tá Ceanada agus dhá chluiche crua eile le n-imirt againn roimhe sin.     

Ní fios céard atá i ndán dúinn sa gcomórtas. Tá mé cinnte go bhfuil laethanta bródúla agus brónacha amach romhainn agus má bhíonn an t-ádh linn, níl fáth ar bith nach mbeidh muid in ann na cluichí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair riamh. Má tharlaíonn sin, cá bhfios?

Ach i dtosach, tá Ceanada sa mbearna romhainn.

Fág freagra ar 'Laethanta bródúla agus brónacha amach romhainn'