Labhair Gaeilge liom – cúrsa nua Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar líne

In ómós do chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916 – 2016 tá sé ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar líne ar chostas €19.16

Labhair Gaeilge liom – cúrsa nua Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar líne

Ag seoladh ‘Speak Irish With Me - Labhair Gaeilge Liom’ i mBaile Átha Cliath do bhí: Vaeni Mac Donnell, Bainisteoir Stiúrtha, Cenit College; Valerie Ní Cheallaigh, teagascóir Gaeilge  agus  Michael Mooney, Solas, eCollege

Foilsíodh cúrsa nua Gaeilge ar líne le déanaí faoin teideal: ‘Speak Irish with me’ – ‘Labhair Gaeilge Liom’.   Is cúrsa Gaeilge é atá oiriúnach do dhaoine fásta, ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.   Táthar  ag  súil, chomh maith,  go gcabhróidh an cúrsa seo le daoine a bheadh meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim.  Is cúrsa dátheangach é.

Is í Valerie Ní Cheallaigh, ó chathair Chorcaí  a scríobh an cúrsa seo agus a léirigh é chun go mbeadh sé oiriúnach agus úsáideach don phobal i gcoitinne.   “Gnáthchaint atá sa chúrsa, comhrá idir daoine fásta.  Níl aon  easpa grinn ann! Tá graiméar na Gaeilge fite fuaite tríd a’ gcaint agus a’ gcomhrá,”  a deir Ní Cheallaigh.   

Mar chuid den chúrsa, tá ‘Cúinne Graiméir’ cuirtear leideanna ar fáil a chabhróidh le mic léinn tríú leibhéil chomh maith leis an ngnáthphobal. 

Gné eile den chúrsa is ea an ‘Cúinne Cultúir’ mar a bhfuil amhráin Ghaeilge, cúpla seanfhocal, dánta beaga agus a leithéidí.

Is é Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, T.D. agus Bainisteoir le Solas, Fiona Hartley, a sheol an cúrsa ag searmanas i mBaile Átha Cliath le déanaí. Tá an cúrsa á chur ar fáil faoi scáth Solas eCollege agus Cenit College, Má Nuad. In ómós do chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916 – 2016 tá sé ar fáil ar chostas €19.16.

Is féidir  – ‘Labhair Gaeilge Liom’ – a fháil  ag www.ecollege.ie

(Níl aon chostas ar dhaoine atá cláraithe le Solas).

Fág freagra ar 'Labhair Gaeilge liom – cúrsa nua Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar líne'