Lá mór na gclub i bPáirc an Chrócaigh, ach cá bhfuil Naomh Pádraig féin?

Is ag Pádraig atá tús áite i gcliarlathas na heaglaise ach ag Fionbarra atá sé in ordlathas Chumann Lúthchleas Gael!

Lá mór na gclub i bPáirc an Chrócaigh, ach cá bhfuil Naomh Pádraig féin?

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ní haon ábhar nuachta go bhfuil clubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael atá ainmnithe in ómós naomhphátrún na tíre le fáil i mórán chuile chontae, ach d’fhág an tseachtain atá ann mé ag cuimhneamh gur aisteach an rud é nár facthas ceann amháin fhéin acu go dtí seo i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig i mbabhtaí ceannais Chraobhacha Iomána nó Peile na gClubanna Sinsearacha, ní áirím ceann de na comórtais sin a bheith buaite acu.

Tá an gaisce déanta ceart go leor ag peileadóirí a bhfuil a gcuid foirne ainmnithe in ómós do Naomh Éanna, Naomh Uinsionn, Naomh Gall agus Naomh Muire, mar aon le hiománaithe as clubanna Naomh Máirtín, Naomh Seosamh, Naomh Muire agus Naomh Tomás.

Ní mór dúinn anois beagán den Dlí Canónta a tharraingt isteach sa scéal go réiteoidh muid cás Chumann Barra Naofa, a bhuaigh corn na hiomána i 1975 agus 1978 agus ceann na peile i 1986 agus 1987.

Is éard a deirtí linne fadó sa rang Teagasc Críostaí go mba mhíorúilt amháin a theastaigh in ainm duine le go ndearbhófaí é nó í ina bheannaitheach agus ansin go ndéanfadh an dara ceann ‘naomh’ díobh.

Níl a fhios agam cá bhfágann sin na Corcaígh ar liosta na Róimhe – tofa má úsáideann tú an leagan Béarla dá n-ainm, ach fós ag fanacht más é Cumann Barra Naofa do rogha.

Duine níos léannta ná mise ar na cúrsaí sin a réiteoidh cás Fhionbarra Mhic Aimhirgín Mhaigh Seola, a chónaigh i nGuagán Barra agus atá ina phátrún ar Chathair agus ar Dheoise Chorcaí.

Murar tháinig aon athrú ar an teagasc a fuair mé fadó, is é deireadh an scéil, is dóigh, gur ag Pádraig atá tús áite i gcliarlathas na heaglaise ach gur ag Fionbarra atá sé in ordlathas Chumann Lúthchleas Gael!

Tá cumainn den ainm Naomh Pádraig le fáil in áiteacha go leor ar fud na tíre atá luaite leis an bhfear féin. Tá a leithéid i gCill Mhantáin, áit ar tháinig sé i dtír deirtear ar a dara cuairt chun na tíre seo agus i Samhaill i gCo. an Dúin, áit a raibh an chéad eaglais a thóg sé. Is é Pádraig freisin, i ngreim ina bhachall, atá le feiceáil ar an suaitheantas atá ar gheansaithe pheileadóirí Shláine i gContae na Mí, áit ar las sé Tine Chásca nuair a thug sé dúshlán na ríthe i dTeamhair. Ní fheicim aon tagairt don naomh fhéin in ainm cláraithe an chumainn.

Cé nár luadh an t-ainm go minic ach an oiread, go bhfios dom, agus iad ag crochadh Craobhacha Peile na gClubanna Idirmheánacha Chonnacht agus na hÉireann leo le gairid, is Cumann Naomh Pádraig an t-ainm oifigiúil atá ar pheileadóirí Chathair na Mart, faoi scáth na Cruaiche, áit ar chaith sé dhá scór lá an Charghais ar a throscadh.

Go deimhin creidim go raibh an tráth ann fadó go mba é an t-ainm ‘Cathair na Mart Chruach Phádraig’ a bhí ar an bhfoireann.

Tugann sciurd sciobtha ar an idirlíon le fios go bhfuil ar a laghad cumann amháin darbh ainm Naomh Pádraig i chuile chontae i gCúige Uladh agus leathdosaen acu i gCo. Thír Eoghain leis fhéin. Is iad Contaetha Chill Dara agus Laoise amháin atá dá uireasa i gCúige Laighean.

Ar chúis éicint, gann go leor atá siad sa dá chúige eile.

I gceantar Gaeltachta Dhúiche Sheoigeach atá an t-aon cheann atá le fáil i gCo. na Gaillimhe agus aon cheann amháin freisin atá i Liatroim (Droim Dhá Thiar) agus i Sligeach (An Droim Ard). Níl aon dé ar Phádraig i measc chlubanna Ros Comáin.

An t-ábhar iontais is mó ar fad dom nach bhfuil oiread agus cumann amháin i gCorcaigh ina bhfuil an t-ainm luaite, ainneoin suas le 260 club ar fad a bheith cláraithe ansin, an líon is mó in aon chontae sa tír, Baile Átha Cliath san áireamh.

Go deimhin tá an t-ainm chomh gann céanna i measc chlubanna na Mumhan fré chéile agus atá sé i gConnachta – fágtha faoi fhoireann iomána in Oirthear Chiarraí, faoi pheileadóirí Chathair Uí Mhóráin sa gcontae sin, faoi chumainn na Réabóige i gCathair Luimnigh agus an Drongáin agus Chluainín i nDeisceart Thiobraid Árann agus faoi chomhfhoireann iomána i ngrád na mionúr sna Déise.

Ag tabhairt aire do mhuca ina sclábhaí ar Shliabh Mis a chaith Pádraig na sé bliana ba thúisce aige sa tír seo agus is ann a d’iompaigh sé ar an gcreideamh a thug ar ais ina mhisinéir é ina dhiaidh sin.

Cúpla míle taobh thiar den sliabh atá an Baile Meánach.

Is ansiúd a tógadh Ian Paisley, rud a thabharfaidh le fios duit nach ann is éasca na cluichí Gaelacha a chur chun cinn, ach dá ainneoin sin, rinneadh amhlaidh.

In ómós do Henry Joy McCracken a ainmníodh an chéad chumann ar an mbaile agus nuair a athbhunaíodh é sna 1950idí, Naomh Pádraig a baisteadh air.

Deich mbliana dár gcionn agus iarracht eile á déanamh, tugadh Cumann na Naomh Uile ar an gclub, a chaith blianta ag éileamh a gcearta ar chomhairle an bhaile, a thug an chluas bhodhar dóibh nó gur tháinig an t-am nach raibh an rogha sin acu.

Tá páirc dá gcuid féin ag an gcumann anois ‘Páirc Shliabh Mis’, an t-ainm is cosúil a bhí le tabhairt i dtús báire ar Pháirc Mhic Asmaint i mBéal Feiste nó gur thángthas ar athrú intinne.

Fág freagra ar 'Lá mór na gclub i bPáirc an Chrócaigh, ach cá bhfuil Naomh Pádraig féin?'