Lá mór do Thír Chonaill Gaels agus St Kiernan’s i Londain amárach

Dá n-éireodh le St Kiernan’s amárach bheadh ainm nua le cur le liosta na gcuraidh craoibhe peile i Londain a théann siar chomh fada le 1898

Connacht GAA Football Senior Championship Quarter-Final, Ruislip, London 25/5/2014 London vs Galway Policemen outside the entrance to the GAA grounds in Ruislip before the game Mandatory Credit ©INPHO/Gerry McManus
 ©INPHO/Gerry McManus

Le trí cinn de chraobhacha cúige le buachtaint ag fo-chumainn áirithe an deireadh seachtaine seo, b’fhéidir gur deacair do dhaoine a chreidiúint go bhfuil an cluiche ceannais sinsir contae deireanach le h-imirt amárach thall i Londain.

Is iad Tír Chonaill Gaels, atá lonnaithe i Greenford, agus cumann St Kiernan’s, atá lonnaithe thart ar Mill Hill a chasfaidh ar a chéile ag 1:30 i.n. i bPáirc CLG Ruislip féachaint cé leis a thitfidh craobh shinsir caide Danny Sullivan na bliana 2015.

Ní fiú trácht ar an útamáil ná na cúiseanna a chinntigh go bhfuil an cluiche ceannais contae chomh déanach is atá ach féachaimis ar dtús ar an rómánsaíocht a thugann an dá fhoireann seo, uachtarán agus íochtarán, le chéile don gcéad uair i gcluiche ceannais.

Le léarscáil CLG sa chathair ag síor-athrú is ag claochló, tá Tír Chonaill Gaels ar cheann des na cumainn is aitheanta agus is buaine dá bhfuil i Londain. Bunaíodh an fo-chumann i 1962 i dtábhairne an Red Lion i Kilburn agus beagán ar bheagán go dtí an mbliain 1983, nó gur éirigh leo an chraobh shinsir a bhaint amach don gcéad uair, bhí dul chun cinn á dhéanamh acu ag am go raibh fo-chumainn eile ag tuile agus ag trá.

Ó shoin i leith, is liosta le háireamh líon na gcraobh atá bainte amach ag na Gaels agus beidh siad sa chluiche ceannais sinsir don gceathrú bliain as a chéile amárach le sé cinn as na deich gcraobh deireanacha buaite acu. Is é cluiche an lae amáirigh a 17ú cluiche ceannais sinsir agus iad ag iarraidh a 16ú craobh a bhuachtaint.

Ina choinne sin, tá St Kiernan’s ag imirt a gcéad chluiche ceannais sinsir ó bunaíodh iad beagán le cois tríocha bliain ó shin. Cé go rabhadar sa sé chluiche leath cheannais deireanach, níor éirigh leo an lá mór a bhaint amach go dtí seo. Tá an rath atá i mbliana orthu bunaithe ar pholasaí láidir forbartha óige agus tá seachtar den bpainéal a bheidh amárach acu tagtha trí na foirne faoi aois- an rud is annamh is iontach i gcluichí na nGael thar lear.

Tá aithne curtha le blianta beaga anuas agam féin ar chuid des na daoine atá taobh thiar de bhorradh St Kiernan’s agus is léir domsa go bhfuil fíor-bhá ag na himreoirí lena gcumann féin, agus iad tar éis teacht chun coinlíochta in éineacht.

Tá traidisiún seana-bhunaithe i CLG Londain go dtagann imreoirí anall ón bhfód dúchais chun imeartha ach le blianta anuas, agus feabhas tagtha ar chúrsaí taistil, ní fhanann a bhformhór ach seal sa chathair. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil préamhacha níos doimhne ná coiteann na gcumann ag St Kiernan’s agus ba mhór acu a gcéad chraobh a bhuachtaint amárach chun go mbeidh fianaise ceart ann don mborradh agus don mbláthú atá déanta acu.

Dá n-éireodh leo, bheadh ainm nua le cur le liosta na gcuraidh craoibhe peile i Londain a théann siar chomh fada le 1898 nuair a bhuaigh cumann Hibernian an chéad chraobh riamh.

Is féidir bunús CLG i Londain féin a leanúint siar dhá bhliain níos a shia ná 1898. Sa tréimhse ó shin i leith tá oiread forbartha déanta ar chluichí na nGael thall go bhfuil sé le maíomh ag CLG Londain gurb iad an t-aonad is rathúla agus is anamúla lasmuigh de chríocha Fódhla. Tá áit ar leith ag Londain in annála CLG de bharr ainmneacha Liam Mhic Cárthaigh agus Sam Mhic Uidhir, beirt a dhein a gcion féin don eagraíocht agus don dtír.

Bhí an Cárthach mar Chisteoir ag an chéad Bhord Contae a bhí riamh ag Londain in 1896. Ceapadh ina Rúnaí ina dhiaidh sin é agus ón mbliain 1898 amach bhí sé ina Uachtarán (Cathaoirleach inniu) ar feadh naoi mbliana. Ba sa bhliain 1898, chomh maith, a ceapadh an Cárthach ina Leas Uachtarán ar CLG trí chéile agus, gan amhras, mairfidh ainm Liam Mhic Cárthaigh go deo de bharr an choirn a choimisiúnaigh sé le tabhairt do CLG, corn a bronnadh don gcéad uair i 1921.

Bhí Sam Mac Uidhir ina Leas Uachtarán ag an gCárthach i Londain idir 1902 agus 1906. Imreoir aitheanta ab ea Mac Uidhir sa tréimhse seo agus b’é a bhí ina chaptaen ar fhoireann Londain i gcoinne churadh an hÉireann i 1903. Bhí Mac Uidhir ina Uachtarán ar CLG Londain i 1907 agus arís i 1908. Sheas sé siar i 1909 agus d’fhill arís ar ról an Uachtaráin i 1912 agus d’fhan ann go 1915. Tar éis a bháis i 1927, dearadh an corn is aitheanta i spórt na hÉireann ina chuimhne agus bronnadh ar CLG é. Táthar á úsáid mar bhuanchorn do Churadh Uile Éireann gach uile bliain ó 1928.

Níl ansan ach blaiseadh de stair CLG Londain.

Is mó cumann atá tagtha ar an bhfód agus curtha sa bhfód ó ré Mhic Cárthaigh agus Mhic Uidhir.

Bunaíodh agus briseadh cumainn iomána ar nós na Desmonds, Clann na Gael, Sean Treacys agus Fr Murphys. Bhí cumainn a d’éirigh ró-lag chun seasamh leo féin agus b’éigean comhnascadh a dhéanamh.

Tháinig leithéidí Shannon Rovers i dtuaisceart na cathrach agus Sam Maguires le chéile chun Shannon Rovers/Sam Maguires a chruthú, sara gcónascadh arís le St Theresas chun North London Shamrocks an lae inniu a chruthú.

B’éigean do Western Exiles agus lucht na Gaeilge i gConamara, South & O’Hanlon a chónascadh ach níor fada a mhair agus d’imigh an cumann sin, leis, le gaoth.

Tá cumainn eile a bhíodh láidir tráth bánaithe ar fad anois agus iad sin, leis, imithe – Acton Gaels, Holloway Gaels, John Mitchels, Oliver Plunketts, Wembley Gaels, Langley Gaels agus St Agnes gan ach cuid acu a áireamh.

Ba mhór an bris leithéidí na Geraldines, foireann lena n-imir Micheál Ó Coileáin tráth, bheith imithe as an saol le linn ré an Tíogair Cheiltigh ach is cúis misnigh agus dóchais do scata, chomh maith, an méid a mhaireann agus atá ar fónamh.

Beidh a lá bán ag dhá cheann acu amárach, Tír Chonaill Gaels agus St Kiernan’s.

Nach cúis cheiliúrtha ann féin í sin.