Lá is faide anonn feicfear cén deireadh a bheas le scéal an tsacair sa tSín…

An mbeidh rath amach anseo ar an sacar sa tSín. Ní minic le lucht an airgid a bheith mícheart ina leithéid de chás

Lá is faide anonn feicfear cén deireadh a bheas le scéal an tsacair sa tSín…

Carlos Tevez. INPHO/Getty Images

Bhí an lá ann nuair ba leis na leathanaigh nuachta a bhain na scéalta a thagadh as an tSín. Ansin, agus borradh 10% sa mbliain ag teacht ar eacnamaíocht na tíre ó lár na 1980idí i leith, tosaíodh ag déanamh tagairt don yen ar na leathanaigh gnó chomh minic agus a déantar don dollar agus don euro. Le gairid tá scéalta spóirt a bhaineann leis an tír le feiceáil go flúirseach ar na leathanaigh chúil, an ceann is mó acu, gan amhras, conradh imeartha a bheith sínithe ag Carlos Tevez le Shanghai Shenhua a fhágfaidh €715,000 sa tseachtain ina phóca as seo go ceann dhá bhliain.

Ach ní scéal an aon duine amháin é seo. Ar nuachtáin na seachtaine seo freisin, chonaic mé gur tugadh 76 capall folaíochta de chuid na tíre seo as Aerfort na Sionainne ag tús na bliana chun na Síne tar éis d’fhear gnó de chuid na tíre sin iad a cheannach. B’in a dhá oiread capall agus a tugadh sall d’aon iarraidh riamh cheana.

Lá arna mhárach chonaic mé gur comhlacht as an tSín a bheidh ag déanamh urraíochta ar Chraobh Oscailte Gailf na Fraince an séasúr seo agus duaischiste €6.5 curtha ar fáil acu – an chéad uair ag comhlacht, Síneach a bheith luaite leis an spórt lasmuigh dá dtír féin.

Gur dtí gur tharla seo ar fad, ba iad tíortha Arabacha Mhurascaill na Peirse a bhíodh luaite leis an gcineál sin beartais, ach tá an tSín go láidir anois ag iarraidh go mbeadh sise luaite leis an uile chineál spóirt ag an leibhéal is airde.

Féach freisin go bhfuil sé le rá gur chiceáil duine díobh siúd is mó atá ag tacú leis an iarracht seo liathróid i bPáirc an Chrócaigh tráth dá raibh, nuair a bhí an tUachtarán Xi Jinping sa tír seo bunáite cúig bliana ó shin, cuireadh taispeántais pheile agus iománaíochta ar bun faoina chomhair ansiúd agus sula raibh an lá caite tharraing sé féin ‘bleaist’ ar an O’Neills i lár na páirce, áit ar thug sé cúpla iarraidh don sliotar freisin.

Ina Leas-Uachtarán a bhí Xi Jinping ag an am, tá an jab mór anois aige agus é meáite ar chluiche an tsacair go háirithe, ina bhfuil suim faoi leith aige, a chur chun cinn. Is í a aidhm go gcáileodh foireann na Síne do Chraobhacha an Domhain, go bhfaigheadh siad deis iad a eagrú agus go dtiocfadh an lá nuair a bheadh ar a gcumas Corn Jules Rimet a bhuachan.

Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil beagnach 1.4 billiún duine sa tír, déarfá leat féin nach sprioc é atá indéanta agus thuigfeá cén fáth a mbeadh Jinping in éad lena chomharsana sa tSeapáin (127 milliún) a bhí sna ceithre Chorn Domhanda dheireanacha agus an Chóiré Theas (50 milliún) a bhí i gceithre cinn acu sin. Aon uair amháin riamh (2002) a rinne an tSín sin.

Go traidisiúnta bheadh suas le deich gcinn de spóirt a mbeadh níos mó tóir ag pobal na Síne orthu ná a bheadh acu ar an sacar – ar a n-áirítear eitpheil, cispheil, leadóg bhoird, badmantan, lúthchleasaíocht, ealaíona comhraic agus fiú, an baseball. Ach tá an tUachtarán ag dul i gcion ar lucht an rachmais sa gcaoi go dtabharfaidh siadsan tuilleadh tacaíochta do na clubanna sacair atá ag teacht chun cinn ar fud na tíre.

Cheana féin tá beagnach €200 milliún infheistithe ag Alibaba Group Holdings, an comhlacht ríomhthráchtála is mó sa tSín, sa bhfoireann Guangzhou Evergrande i ndeisceart na tíre ar agus Luiz Felipe Scolari ceaptha mar bhainisteoir, eisean ar ndóigh a bhí i gceannas fhoireann na Brasaíle nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain in 2002 agus a bhí ina bhainisteoir ar an bPortaingéil agus ar Chelsea sular fhill sé ar an mBrasaíl don Chorn Domhanda seo caite.

Fear eile a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann a bhuaigh Corn an Domhain atá i gceannas fhoireann náisiúnta na Síne, Marcello Lippi, an tIodálach a rinne an gaisce lena thír dhúchais in 2006 agus ar ndóigh tá Sven Goran Eriksson ina bhainisteoir ar Shanghai.

Sean-nós ar ndóigh ag imreoirí sacair a bheith ag tabhairt a n-aghaidh i gcéin agus a saol imeartha ag drannadh lena dheireadh, ach den chuid is mó is peileadóirí a bhfuil imirt go leor fós le déanamh acu atá ag tabhairt aghaidh ar an tSín.

Sa mhullach ar a bheith ag déanamh forbartha ar an sraithchomórtas náisiúnta trí leithéidí Tevez, Ramires, Oscar agus John Obi Mikel a mhealladh ann, tá na Sínigh freisin ag iarradh cluiche an tsacair a mhúnlú ón mbun aníos.

Tá obair rompu freisin. Cúpla bliain ó shin ní raibh ach 7,000 imreoir faoi 18 bliain cláraithe le Cumann Sacair na Síne, tráth a raibh 300 milliún duine cláraithe leis an gCumann Cispheile.

Dá bharr sin, tá cúrsaí oiliúna sacair á gcur chun cinn sna bunscoileanna anois agus dhá mhilliún duine ag fáil oiliúna ar feadh cúpla uair an chloig sa tseachtain. 20 milliún imreoir faoi cheann deich mbliana an sprioc atá leagtha amach.

Lá is faide anonn a fheicfear cén deireadh a bheas leis an scéal seo, ach ní minic le lucht an airgid a bheith mícheart ina leithéid de chás. Timpeall €6 milliún a íocadh arú anuraidh ar chearta teilifíse Shraith Sacair na Síne. Roimh an Nollaig síneadh conradh a mhairfidh cúig bliana, an babhta seo b’fhiú €6 billiún é!

Fág freagra ar 'Lá is faide anonn feicfear cén deireadh a bheas le scéal an tsacair sa tSín…'