Lá chomh stairiúil leis ní raibh i dTír na mBascach ó bhí Réabhlóid na Fraince ann

Sa lá atá inniu ann, maireann 300,000 duine de dhúchas na mBascach sa chúinne is faide siar ó dheas den Fhrainc

Lá chomh stairiúil leis ní raibh i dTír na mBascach ó bhí Réabhlóid na Fraince ann

Lá chomh stairiúil leis ní raibh ann i dTír na mBascach ó bhí Réabhlóid na Fraince ann sa mbliain 1789. Cén fáth? Ó Lá Caille 2017, is ceantar riaracháin ar leith atá i seancheantar na mBascach i dtuaisceart na Fraince. Réabhlóid eile más ea? Is dóigh é.

Mar is córas docht, daingean atá i gcóras polaitíochta na Fraince. Córas dar sprioc gach mionlach teanga sa tír a chur faoi chuing na Fraincise. Córas dar sprioc an t-aontas teanga agus an t-aonteangachas ar thír na Poblachta.

Sa lá atá inniu ann, maireann 300,000 duine de dhúchas na mBascach sa gcúinne is faide siar ó dheas den Fhrainc. Seo é an leath thiar den département francach Pyrénées-Atlantique. Iparralde is ainm don cheantar i dteanga Euskara, An Bhascais. ‘An ceantar ó thuaidh’ is ciall leis sin. (Hegoalde is ainm don cheantar ó dheas, is é sin críocha na mBascach sa Spáinn.) Tá Iparralde ina thrí chuid; Lapurdi, Benaffaroa, agus Zuberoa. Is cois farraige i Lapurdi atá dhá dtrian de Bhascaigh na Fraince ina gcónaí.  Is i Benaffaroa agus Zuberoa atá an trian eile.

Go dtí an 31 Nollaig 2016, bhí Iparralde roinnte ina dheich n-aonad riaracháin. Faoin socrú nua, is aon aonad riaracháin amháin a bheas anseo feasta. Is mar gheall ar dhlí ‘Notre’ a d’éirigh le polaiteoirí áitiúla Thír na mBascach an t-athstruchtúrú a éileamh ar an rialtas lárnach. Achtaíodh an dlí sin i mí Lúnasa 2015, agus is ar mhaithe le hathstruchtúrú a dhéanamh ar na fobhailte i bPáras a tugadh an dlí i bhfeidhm. (‘Nouvelle organisation territoriale de la République’ is ciall le ‘Notre’, leagan amach nua ar chríocha na Poblachta.)

Nuair a cuireadh ar a súile do chomhairleoirí na mBascach dlí Notre a bheith i bhfeidhm sa tír, chuir siad sraith cruinnithe ar bun lom láithreach leis an scéal a phlé. Tá 158 paróiste (Fr. communes) in Iparralde, agus ba léir go raibh a bhformhór mór ar son an athstruchtúraithe. Bíodh sin mar atá, ní gan díospóireacht theasaí a ghlac na páirtithe móra leis an smaoineamh go háitiúil. Labhair an tIar-Aire Gnóthaí Baile Jean-Pierre Chevènement in aghaidh an togra. Bhí an baol ann, dar leisean, go scaoilfeadh a leithéid snátha ceangail na Poblachta féin. Rud eile, nuair a bhí an t-eagras treallchogaíochta ETA gan a gcuid arm a ghéilleadh, bhí ceist an fhoréigin ag déanamh buartha do dhaoine go leor.

Is é críoch an scéil gur tháinig an t-athstruchtúrú i bhfeidhm Lá Caille i mbliana. Tionólfar cruinniú den Chomhairle nua i gcathair Ibaiona (Bayonne) ar an 23 Eanáir leis an gcéad uachtarán a thoghadh. Meastar gurb é méara Ibaiona, an tUasal Jean-René Etchegaray, a thoghfar. Tá 223 comhairleoir ann.

I measc na bpríomhchúram a bheas ar chomhairle an chontae nua, beidh an fhorbairt eacnamaíochta, cúrsaí lóistín agus tithíochta, chomh maith le cúrsaí cultúir agus teanga. I Hegoalde, deisceart  Thír na mBascach ar thalamh na Spáinne, tá labhairt na Bascaise ag 663,000 duine (2011). In Iparralde, tá an teanga ag an séú cuid den daonra, is é sin 51,000 duine. Sin laghdú ó 1996 nuair a bhí an Bhascais ag 26% den daonra. Is dóigh le 93% den daonra go bhfuil todhchaí an cheantair ag brath ar an dátheangachas.

Faoi láthair tá tuairim agus 15,000 páiste ar freastal ar scoileanna a bhfuil an Bhascais á múineadh iontu, ina measc sin gluaiseacht na ikastola, scoileanna neamhspleácha Bascaise atá ag feidhmiú le tacaíocht stáit. Táthar ag súil le méadú ar an infheistíocht i scolaíocht na Bascaise faoin struchtúr polaitíochta nua.

CRÍOCH

Fág freagra ar 'Lá chomh stairiúil leis ní raibh i dTír na mBascach ó bhí Réabhlóid na Fraince ann'

  • Manus

    Beidh le feiceáil an ndéanfar athbheochaint ar an teanga. Tá pobal Bascaise de bhunadh na Fraince i San Franciso. Faraor bíonn urthu Béarla nó Fraincis a labhairt lena ngaolta in Euskadi na Fraince. Stát righin docht gan trócaire is ea an Fhrainc maidir le mionteangacha. Níos measa ná an Ríocht Aontaithe.