Lá breithe sona don Rialtas?

Tá siad ag rialú na tíre le ceithre bliana. Cur síos 88 leathanach ar a saothar ó 2011 díreach foilsithe acu. An gceapann siad dáiríre go dtabharfaidh vótoirí aird ar a bhféinmholadh?

10/3/2015 Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenn
Enda Kenny agus Joan Burton ag seoladh thuarascáil an Rialtais inné. Pictiúr: Photocall Ireland

B’fhéidir ar chúis éigin nach bhfuil tuairisc bhliantúil an rialtais léite agat. Ainneoin an Programme for Government – Annual Report 2015 a bheith ar fáil saor in aisce, i mBéarla, ón Máirt.

Cur síos claonta ar a ndearna an rialtas ó bunaíodh é ar 9 Márta 2011 atá sa tuairisc thoirtiúil ach ní cóir claon na tuirisce a lochtú. Céard eile a dhéanfadh rialtas ach cur síos ar a saothar a oireann dóibh féin a scríobh?

Pé scéal é, tá ceist níos níos géire le plé. An bhfuil aon chur síos i dtuairisc an rialtais ar na haidhmeanna a foilsíodh i gclár an rialtais i 2011 nár comhlíonadh go hiomlán nó in aon chor fós? Níl. Ceist eile: an bhfuil tagairt sa cháipéis d’fhadhbanna móra eile ar léir don rialtas anois riachtanas a réitigh. Níl. Dhá shampla:

Sa chlár oibre a d’fhoilsigh Fine Gael agus an Lucht Oibre ar theacht i gcumhacht dóibh i 2011, dúradh go mbeadh cúram dochtúirí teaghlaigh ar fáil saor in aisce do gach saoránach faoi 2016. Deir an tuairisc a foilsíodh Dé Máirt go bhfuil sé mar “aidhm” ag an rialtas go mbeadh cúram dochtúra saor in aisce ar fáil faoi Mheitheamh na bliana seo

(a) do pháistí atá faoi bhun sé bliana d’aois, agus

(b) do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois.

Níl aon tagairt sa cháipéis don aidhm a foilsíodh ceithre bliana ó shin, ná don chúis nach gcomhlíonfar é.

D’admhaigh Enda Kenny, Joan Burton agus Michael Noonan le déanaí nach bhfuil an tSeirbhís Dócmhainneachta (insolvency) ag feidhmiú go sásúil. Dúirt siad freisin gur léir go bhfuil beartais bhreise ag teastáil chun cabhrú le daoine a bhfuil riaráistí móra agus athshealbhú ar a dtithe cónaithe ag bagairt orthu. Níl aon bhlas sa tuairisc dá mhíshásamh, ná de na hathruithe atá á meá ag an rialtas.

Chuir an rialtas a raibh Bertie Ahern i gceannas air tús le foilsiú tuairiscí mar seo. Gan dabht, bainfidh fíordhílseoirí rialtais, an freasúra, agus iriseoirí, ar ndóigh, leas as bealaí éagsúla as féinmholadh dá leithéid. Ach an bhfuil oiread agus vótóir sa tír a thabharfaidh aird air, nó a dhéanfaidh rogha ar bhonn buíochais san olltoghchán? Dhá cheist nach gá a fhreagairt.

GEALLÚINT DON FHADTÉARMA

18/11/2014. Sinn Fein Sit Ins at Dail

Thug lucht freastail Ard-Fheis Shinn Féin bualadh bos láidir do Leas-Cheannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald, nuair a gheall sí go mbeadh an tír aontaithe i gceann tamaill. Ach cén tréimhse atá beartaithe aici lena tairngreacht a chomhlíonadh?

We will deliver a United Ireland in our lifetimes, a dúirt sí leis an slua i nDoire.

Bhí idir óg agus aosta i measc na dtoscairí a bhí ag éisteacht léi, cuid acu an-óg – idir 21 agus 23 bliain d’aois, ar a mhéad. Ba léir mar sin go raibh Mary Lou ag cur síos ar gheallúint a bhainfí amach, má chuirtear saolré gach toscaire san áireamh, uair éigin idir seo agus (thart ar) 2095.

Ar ndóigh cuirfidh Tuairisc.ie a geallúint i gcuimhne di an uair sin mura mbeidh Éire aontaithe mar a gheall sí.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Lá breithe sona don Rialtas?'