Lá breithe sona, a Sheáin Uí Ríordáin!

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin tháinig Seán Ó Ríordáin ar an saol. I measc na ndaoine atá sé agus a bheidh sé...

Lá breithe sona, a Sheáin Uí Ríordáin!

Go maire tú an céad! Nach hin an rud a deir muid? Tuigeann muid, inár gcroí istigh, gur beag seans go mairfidh mórán againn céad bliain d’aois. Ach is é an dea-ghuí is tábhachtaí, an dóchas sin go dtabharfaidh tú dúshlán an bháis go ceann tamaill bhig eile.

Tháinig Seán Ó Ríordáin ar an tsaol 100 bliain ó shin. Tá Seán Ó Ríordáin, duine, marbh ó bhí 1977 ann ach maireann Seán Ó Ríordáin, file, i dtólamh. Is beag duine nach bhfuil cúpla líne de chuid fhilíocht Uí Ríordáin ar eolas aige: Sranntarnach na stoirme i Mellerí aréir

Is laethanta an pheaca bhoig mar bhreoiteacht ar mo chuimhne…

Tá práinn agus fís sna línte sin go fóill. Sin an fáth go bpilleann léitheoirí, bliain i ndiaidh bliana, ar a shaothar. Sin an fáth go bpilleann lucht ollscoile ar a chuid dánta, seimeastair i ndiaidh seimeastair. Tá tathag iontu; tá ábhar machnaimh iontu; tá spiorad iontu.

Ní féidir le file ar bith tabhairt ar an phobal é a léamh nó grá a thabhairt dá chuid dánta. Rud aisteach é an pobal. Léann siad filí nach fiú biorán iad; seachnaíonn siad filí ar fiú ór iad.

Sin, b’fhéidir, ceann de na rudaí is suntasaí faoi fhilíocht Uí Ríordáin – d’aithin cuid mhór mhaith de lucht ollscoile fiúntas a chuid filíochta agus bhí gean ag an phobal mhór ar a chuid dánta fosta. Tá an dá dhream ag siúl le chéile, lámh ar láimh, ar aistear seo na léitheoireachta ó cuireadh an chéad leabhar dá chuid i gcló thiar sna 1950í. Ní minic a tharlaíonn an feiniméan sin i gcultúr ar bith.

Tá, gan amhras, buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le bheith ag scríobh i nGaeilge. Bhí Tomás Ó Floinn, criticeoir, ag scríobh ar fhilíocht Uí Ríordáin ar leathanaigh Comhar i 1953 agus Ó Ríordáin i mbun pinn. Aiseolas agus aitheantas a bhí sa mhéid sin, más géar an t-aischothú féin é in amanna agus níorbh ó Ó Floinn amháin é.

Scríobh Frank O’Brien caibidil mhór faoi sa leabhar Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, leabhar “conspóideach” mar a thug Seán Ó Tuama air, is fíor, ach thug O’Brien léargas ar leith ar fhilíocht Uí Ríordáin, léargas nár tugadh go dtí sin.

Sa bhliain 1968 a foilsíodh an leabhar sin agus Ó Ríordáin ag cumadh leis. Is ann do Comhar go fóill agus tá leabhair An Chlóchomhair anois faoi chúram Chló Iar-Chonnacht ó fuair laoch an Chlóchomhair, Stiofán Ó hAnnracháin, bás. Slabhra gan bhriseadh é sin; ábhar mórtais agus ceiliúrtha ag lucht teanga. Moltar an file agus moltar na daoine a choinnigh cuimhne an fhile buan.

Agus ná déanaimis dearmad de na leabhair bheaga ghleoite a chuir Sáirséal agus Dill i gcló an chéad lá riamh agus an dua a bhain lena bhfoilsiú ag muintir Uí Éigeartaigh. Is iad atá álainn mistéireach go dtí an lá atá inniu ann. Cá bhfuil an léitheoir nach meallfaí chun léitheoireachta agus ceann acu ina ghlac aige?

Do chuir an saol thar maoil,

Bhí an uile ní ina chúr,

Den lacht do dheineas im

Chun ná raghadh aon bhainne amú.

Ní hiontas, mar sin, go bhfuil glúin eile fochéimithe agus iarchéimithe agus lucht acadúil ag léamh filíocht Uí Ríordáin go fóill. Tá deireadh le mórán teangacha eile fud fad na cruinne ach is ann don teanga bheag Eorpach oileánda seo go fóill agus tá daoine cumasacha ag cumadh inti agus tá an chumadóireacht sin ag teacht slán ó ghlúin go glúin, ó aois go haois, de bharr daoine cumasacha eile a thuigeann luach a gcultúir féin. Tá an teanga leathcheilte agus an cultúr leath linn beo.

Raghaidh mé síos i measc na ndaoine?

Chuaigh, a chomrádaí.

Is i measc na ndaoine atá tú agus a bheidh tú, a Sheáin.

Lá breithe sona!

Fág freagra ar 'Lá breithe sona, a Sheáin Uí Ríordáin!'