Kyne chun bualadh le Bruton chun dréachtpholasaí oideachais na Gaeltachta a phlé

Dúirt Kyne chomh maith go mbeadh sé ag dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga faoi leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Seán Kyne
Seán Kyne

Tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta bualadh go luath leis an Aire Oideachais Richard Bruton chun an dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltachta a phlé.

Dúirt an tAire Stáit nuacheaptha go raibh gá ní hamháin leis an bpolasaí nua oideachais a fhoilsiú ach le cinntiú go mbeadh dóthain infheistíochta ann le feidhm a thabhairt dó.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Seacht Lá ar TG4 anocht, dúirt Kyne chomh maith go mbeadh sé ag dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoi leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Thug sé le fios chomh maith go mbeadh tuilleadh infheistíochta á lorg aige d’Údarás na Gaeltachta, cé nach raibh sé sásta a rá cé mhéid airgid breise a bheadh i gceist.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil Peadar Tóibín go raibh an “an tAire á chur ar a aire” aige agus go gcuirfeadh Sinn Féin agus an freasúra brú láidir air tacú le moltaí agus reachtaíocht a dhéanfadh leas na Gaeilge.

In agallamh eile, dúirt an tAIre Kyne gurb í an chloch is mó ar phaidrín ná an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dúirt sé go mbeidh sé ag díriú ar an oideachas agus ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht leis an teanga a láidriú sna ceantair éagsúla.

Fág freagra ar 'Kyne chun bualadh le Bruton chun dréachtpholasaí oideachais na Gaeltachta a phlé'