Kyne chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ‘le bonn níos láidre’ a chur faoi chearta teanga

Thug an tAire Stáit le fios gur phléigh sé laigí cheannteidil Bhille leasuithe Acht na dTeangacha leis an gCoimisinéir Teanga agus go bhfuil sé i gceist aige anois aige moltaí a dhéanamh maidir leis an reachtaíocht a leasú

Kyne chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ‘le bonn níos láidre’ a chur faoi chearta teanga

Seán Kyne

Tá Aire Stáit na Gaeltachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheannteidil Bhille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltaí nua i dtaobh an Achta a chur faoi bhráid an Choiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Thug an tAire Stáit le fios gur phléigh sé laigí na gceannteideal leis an gCoimisinéir Teanga agus go bhfuil sé i gceist aige anois go ndéanfaí an reachtaíocht a leasú.

“Go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, thapaigh mé an deis labhairt leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a chuideodh le bonn níos láidre a chur faoi sholáthar seirbhísí Stáit i nGaeilge do shaoránaigh an Stáit.

“Beidh mé ag scrúdú na bhféidearthachtaí seo sna míonna amach romhainn d’fhonn moltaí sonracha a thabhairt chuig an gCoiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, atá bunaithe faoi chathaoirleacht an Taoisigh,” a dúirt an tAire Kyne.

Cé go bhfuil os cionn ceithre bliana caite ó fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gan an dréacht-reachtaíocht nua foilsithe go fóill, cuirfidh gníomhaithe teanga fáilte roimh an scéal go bhfuil an tAire Stáit  chun féachaint athuair ar an reachtaíocht atá molta.

Fuair an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus eagraíochtaí teanga araon lochtanna móra ar cheannteidil an Bhille a foilsíodh i mí Aibreáin 2014.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga gur beag a dhéanfadh na leasuithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

I mí Feabhra na bliana seo caite, d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil inar moladh 34 leasú ar cheannteidil an Bhille.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie inné nach bhféadfaí a rá “go sonrach ag an bpointe seo” an ceannteidil nua ar fad a bheadh i gceist i ndiaidh athbhreithniú an Aire.

Bheadh “féidearthachtaí éagsúla” maidir leis an mBille atá dréachtaithe cheana “á mbreithniú” ag an Aire Stáit, a dúradh.

Is ina dhiaidh sin a chuirfeadh an tAire a mholtaí faoi bhráid an Choiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

“Sa chás go mbeidh ceannteidil nua i gceist, beidh siad le faomhadh ag an Rialtas,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Fág freagra ar 'Kyne chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ‘le bonn níos láidre’ a chur faoi chearta teanga'

  • AnRógaire

    Cén uair a leagfar dualgaisi ar an earnáil phríobháideach seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil?

  • Darragh Ó Caoimh

    Scéal amháin a d’fhéadaidís a leigheas ná an easpa seirbhísí idirlíne a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Suíomh idirlín Iarnróid Éireann, cuir i gcás. Ní féidir ticéidí a chur in áirithint trí Ghaeilge ar an suíomh sin ach is féidir an tuarascáil bhliaintiúil a léamh i nGaeilge. Anois, cé acu is minice a bheadh cur amach ag an bpobal orthu – ticéidí nó cáipéisí corparáideacha?

    Tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm nuair nach raibh an t-idirlíon i réim chomh mór is atá inniu. Na laethanta seo, is tríd an t-idirlíon is mó a dhéantar teangabháil le comhlachtaí poiblí. Caithfear é sin a aithint in aon bhille nua. Bíodh na suíomhanna idirlíne ar fáil i nGaeilge!