KÍLA i measc na mbannaí ceoil a bheidh ag Traidphicnic na bliana seo

Tá an fhéile, a bhíonn ar siúl ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe, ag tosú inniu agus súil ag lucht a eagraithe na sluaite a mhealladh

Kila beo

Beidh KÍLA i measc na mbannaí ceoil agus na ceoltóirí a bheidh ag casadh ag an bhféile ‘Traidphicnic’ an deireadh seachtaine seo ar an Spidéal.

Tá súil ag lucht eagraithe na féile na sluaite a mhealladh chuig an mbaile Gaeltachta idir seo agus an Domhnach le sult agus sásamh a bhaint aisti.

Tá an Traidphicnic á reáchtáil ar an Spidéal i lár an tsamhraidh le cúig bliana anuas agus deir lucht a heagraithe gur “ag dul ó neart go neart” atá sí ó shin i leith.

“Seo í an cúigiú féile againn agus tá muid ag dul ó neart go neart agus ag cur léi gach bliain. Chuir muid an tríú lá leis anuraidh agus tá sé ann arís i mbliana.

“Tá rudaí beaga eile curtha leis againn i mbliana, seoladh níos mó agus níos mó rudaí ó thaobh na n-ealaíon de freisin. Beidh ‘cosán ealaíon’ ag Nuala Ní Fhlathúin ann i mbliana ‘Filleadh ar an Nádúr’ agus beidh sé sin difriúil ó bhlianta eile. Coinneoidh muid ag cur leis a fhad is a thaitníonn sé le daoine,” a dúirt Bridget Barker, duine d’eagraithe na féile.

Cuirfear tús leis an bhféile tráthnóna anocht, 1 Iúil, nuair a chuirfidh an ceoltóir aitheanta Johnny Connolly fáilte roimh lucht a freastail. Leanfaidh an scléip as sin go maidin Domhnaigh nuair a chuirfidh Clann Uí Iarnáin, Don Stiffe agus a gcairde deireadh leis an Traidphicnic.

Beidh Noel Hill & Steve Cooney, Portherhead agus Ná Bac, i measc na gceoltóirí eile a bheidh ag casadh le linn na féile. Tá roinnt mhaith ceardlann agus imeachtaí eile beartaithe don deireadh seachtaine freisin.

Beidh deis ag lucht freastail na féile barr feabhais a chur ar a scileanna ar an mbosca ceoil le Damien Millane nó ar an mbodhrán le Paddy Kerr. Beidh diancheardlanna ann freisin d’fhidléirí ardleibhéil le Paddy Fahey, agus ranganna feadóg stáin agus consairtín.

Beidh imeachtaí ann don aos óg freisin, ina measc ranganna damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, péinteáil aghaidheanna agus ceardlann scileanna sorcais.

Tá costas ar chuid de na ceardlanna ach den chuid is mó tá polasaí ‘íoc an méid is féidir leat’ i bhfeidhm ag Traidphicnic mar a bhí le blianta beaga anuas.

Faigheann Traidphicnic maoiniú ó dhreamanna éagsúla, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Ealaíon na Gaeltachta ina measc ach dúirt Barker le Tuairisc.ie nach bhféadfaí an fhéile a reáchtáil gan na tabhartais a thugann gnólachtaí agus muintir na háite di.

Dúirt sí freisin go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhíonn ag triall ar an Spidéal do dheireadh seachtaine na Traidphicnice agus nach iad muintir Chonamara amháin a bhíonn ag freastal ar an bhféile.

“Bhí sé an-suimiúil anuraidh, scaip muid ceistneoir i measc an lucht freastail agus thug muid suntas do na torthaí a tháinig ar ais. Bhí meascán aoiseanna ann, idir óg agus aosta, ach bhí go leor daoine le Gaeilge a tháinig ó thíortha eile chomh maith le cainteoirí Gaeilge ó áiteanna eile in Éirinn agus daoine eile nach raibh Gaeilge dá laghad acu,” a dúirt sí.

Tá gach eolas faoin Traidphicnic ar fáil ar líonraí sóisialta na féile.

Fág freagra ar 'KÍLA i measc na mbannaí ceoil a bheidh ag Traidphicnic na bliana seo'