Kenny agus Cameron go Béal Feirste

Beidh lán a lámh ag an Taoiseach, Enda Kenny agus Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, an tseachtain seo agus iad ag iarraidh na cainteanna ollpháirtí a thabhairt chun bisigh i mBéal Feirste

David Cameron agus Enda Kenny. Pictúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
David Cameron agus Enda Kenny. Pictúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Déanfaidh an Taoiseach, Enda Kenny agus Príomh-Aire na Breataine, David Cameron iarracht an tseachtain seo na cainteanna ollpháirtí a thabhairt chun bisigh.

Beidh lán a lámh acu.

Tá sé ag druidim le dhá mhí ó cuireadh tús leis na cainteanna seo chun an tsáinn sa bhFeidhmeannas a fhuascailt. Ba bheag dóchas a bhí ag an bpobal as an bplé ar dtús agus is beag a chualathas ó shin a chothódh a mhalairt de thuairim.

Mar sin féin, thosaigh an DUP ag tagairt do dhearfacht le gairid agus mhaígh na pairtithe uilig gurbh fhéidir margadh a dhéanamh.

Mar a fuair an taidhleoir Meiriceánach, Richard Haass amach anuraidh, is mór idir b’fhéidir agus beart.

B’fhéidir nach bhfuil ar siúl ach páirtithe ag iarraidh milleán as teip a sheachaint nó buntáiste a bhreith as ‘prionsabal’.

Cibé acu a shásódh a lucht leanúna. Tá gnó dúshlánach le déanamh ag an dá rialtas mar urraithe ar Chomhaontaithe Aoine an Chéasta agus Chill Rímhinn.

Ní raibh Enda Kenny ná David Cameron páirteach riamh cheana i gcainteanna i dTuaisceart Éireann. Rinneadh cinneadh gur cheart gnothaí logánta a fhágáil faoi chúram Stormont. Bhí sé sin ciallmhar, go teoiriciúil ach botún ab ea é ó tá an próiséas díláraithe ina phraiseach le breis is dhá bhliain.

Is mithid don dá rialtas ról gníomhach a ghlacadh.

Is iomaí duine a bhí báidhiúil leis an bpróiséas a cheistíonn anois ar fiú é a choinneáil sa tsiúl.

N’fheadar an dtuigeann an dá rialtas cé chomh domhain agus chomh nimhneach is atá an náimhdeas idir an DUP agus Sinn Féin, sa dá threo. N’fheadar an dtuigeann siad ach an oiread cé chomh tuirseach is atá an pobal den ghailemaisíocht i Stormont.

Chaithfeadh sé go bhfuil a fhios ag an Taoiseach agus an bPríomh-Aire go bhfuil an tsíocháin fós leochaileach agus gur gá í a neartú le polaitíocht rathúil.

An dtig leo dea-thoil a chothú i measc na bpairtithe i Stormont? An bhfuil sé ar a gcumas na fadhbanna a réiteach? Agus an iad na haidhmeanna céanna atá ag an dá rialtas do na cainteanna seo?

Tá socrú faoin mbuiséad ag teastáil ón mBreatain. Ach fiú dá mb’fhéidir an chruacheist sin a fhuascailt, níor leor é.

Tá easaontas faoi chiorruithe na Breataine ar an gcóras leasa shóisialaigh ina chnámh spairne le fada ach ní hé sin an deacracht is bunúsaí ná is achrannaí.

D’fhéadfaí ciste tarrthála a bhunú le theacht slan uaidh sin. Is iad bratacha, paráidí agus oidhreacht na dTrioblóidí na saincheisteanna a bhfuil sé ar a gcumas réiteach ar bith eile a chur de dhroim seoil.

Is cosúil gur mhaith leis an DUP na ceisteanna airgeadais a réiteach anois agus gach rud eile a chur ar an méar fhada. Ó tá na Tóraithe ag cuimilt meala ar an DUP le súil ar an olltoghchán, an mbeidh drugall ar Cameron brú a chur orthu faoi na ceisteanna traidisiúnta? An mbeidh tionchur ag realpolitik ar chur chuige an Taoisigh freisin – i bhfianaise fás Shinn Féin ó dheas?

Tá margadh uileghabhálach riachtanach chun sáinn eile a sheachaint amach anseo. Dúshlán mór é d’Enda Kenny agus David Cameron. Mura bhfuil margadh inaimsithe dúshlan níos mó fós is ea é an teip a bhainistiú ionas go ndéantar a laghad dochair agus is féidir.

Fág freagra ar 'Kenny agus Cameron go Béal Feirste'