‘Just stay cool, a mhaicín’ – Orféas in oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí

Colún nua le Bridget Bhreathnach faoi shuáilcí agus duáilcí an tsaoil, agus pé rud eile a ritheann léi…

‘Just stay cool, a mhaicín’ – Orféas in oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí

Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Istigh sna hoifigí nua atá ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i nGaillimh a bhí mé. Níl a fhios agam cén treoir a tugadh don ailtire, ach tá an chuma air gur iarradh foirgneamh a bheadh cosúil le Robocop ón taobh amuigh agus ionad siopadóireachta ar an taobh istigh.

Siúlfaidh tú isteach na doirse uathoibríocha agus feicfidh tú deasc fáiltithe, staighre mór, agus beirt nó triúr fear slándála. Gabhfaidh tú suas go dtí an chéad urlár eile agus feicfidh tú fear slándála agus lean ort suas arís agus céard atá romhat ach fear slándála eile.

Tháinig duine acu chomh fada liom agus d’fhiafraigh sé díom cén rannóg a bhí uaim. Bhí sé breá cairdiúil. ‘Suas go dtí an chéad urlár eile agus ar chlé,’ a dúirt sé.

Suas liom. Tháinig mé go seomra mór, áit a raibh scuaine mhór daoine ag fanacht i líne. Bhreathnaigh mé thart agus chonaic mé comhartha crochta ón tsíleáil agus lean mé an tsaighead síos pasáiste mór fada i dtreo oifig na gcártaí seirbhísí poiblí.

Cheap mé gur chuala mé glór ag fógairt as taobh éicint is é a rá: ‘An bhfuil mé in ann cabhrú leat?’ Chuimhnigh mé ar an gcomhairle a cuireadh ar Orféas i mbéaloideas na Gréige agus é ag iarraidh a bhean a thabhairt slán ar ais as an domhan thíos. Níor cuireadh air ach fainic amháin: ‘Ar chraiceann do chluaise ná breathnaigh siar.’

Ní raibh fúmsa botún Orféas a dhéanamh. ‘Is dócha nach liomsa atá sé ag caint ar aon nós,’ a rith liom.

Tháinig mé chomh fada leis an oifig is chonaic mé meaisín ticéid don scuaine le taobh an dorais. Is mo mhéar leagtha ar an gcnaipe agam, thug mé fear mór i gculaith shlándála faoi deara ag mo ghualainn.

‘An bhfuil mé in ann cabhrú leat?’ a d’fhiafraigh sé díom agus é ag iarraidh breith ar a anáil. ‘Errr?’ a dúirt mé agus mé ag cuimhneamh, ‘Ó!? Bhí sé do mo leanúint. Cad chuige?’

‘Tá mé le ticéad a fháil?’ a dúirt mé go hamhrasach. ‘Cárta seirbhísí poiblí, an ea?’ a d’fhiafraigh sé díom i nglór cairdiúil. Thug mé faoi deara braoiníní allais ar a bhaithis. ‘Is ea,’ a dúirt mé.

‘Tá litir agam,’ a dúirt mé. Meas tú ar cheart dom lámh amháin a chur san aer mar chomhartha géillte is an litir a fháil as mo mhála, deas réidh, leis an lámh eile? ‘Tá mé chun an litir a fháil – just stay cool, a mhaicín.’

Bhí an chuma air gur shuaimhnigh sé nuair a dúirt mé go raibh litir agam. ‘Brúigh an cnaipe agus gheobhaidh tú ticéad.’ Bhreathnaigh mé arís ar an meaisín. Ní raibh air ach cnaipe mór amháin ina lár. ‘Go raibh maith agat,’ a dúirt mé.

Glaodh ar m’uimhir. Iarraidh mo phas orm agus cruthúnas ar mo sheoladh poist. Thug mé faoi deara go raibh ceamara ar mhaide greamaithe den deasc.

‘Bogearra aghaidh-aitheanta atá ann,’ a míníodh dom. Tugadh le tuiscint dom go laghdaíonn sé ar chalaois aitheanta. Thosaigh scáileán bán ag ísliú ón tsíleáil ar mo chúl.

Chaithfeadh gur fadhb mhór í an chalaois aitheanta is nach bhfuil aon réiteach uirthi ach bunachar lárnach eolais a chruthú ina bhfuil gach duine in Éirinn cláraithe le bogearra aghaidh-aitheanta.

Ní léir ón gcéad radharc, áfach, ar fhigiúirí caiteachais na Roinne Coimirce Sóisialaí go bhfuil an chalaois aitheanta ag scaipeadh go rábach ar fud na tíre.

Isteach is amach ar 19.9 billiún euro a caitheadh ar leas sóisialta in 2015. Sa tréimhse chéanna, aisghabhadh luach 26.7 milliún euro de ró-íocaíochtaí a rinneadh mar thoradh ar chaimiléireacht, nó 0.13% den chaiteachas iomlán. Níl sé soiléir cén céatadán den fhigiúr sin ar chalaois aitheanta ba chionsiocair leis.

Is gearr go mbeidh call agat le cárta seirbhísí poiblí atá suas chun dáta chun pas nua a fháil, nó íocaíocht leasa shóisialaigh d’aon chineál á fháil; sochar cuardaitheora poist, sochar linbh, pinsean, cárta taistil poiblí, nó eile.

Ach, mar a míníodh dom ag an gclárú an lá cheana, ní cárta aitheantais náisiúnta é agus mura bhfuil tú ag déanamh tada as bealach níl aon chall imní duit. Agus is mór an faoiseamh é sin.