Just How Stupid Are We? Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile?

Tá an chéad bhabhta vótála sa rás i dtreo an Tí Bháin déanta agus tá Enda Kenny ar tí olltoghchán a fhógairt anseo. Ach céard a spreagann croí agus intinn an vótóra?

Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland
Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland

Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile? Tá freagra simplí ag iriseoir agus staraí Meiriceánach, a bhfuil tálach ina chuid lámh ag scríobh faoin ábhar seo, ar an gceist sin: níl muid sách meabhrach. Go deimhin, níor leag Rick Shenkman fiacail ar a theanga sa teideal a bhí ar leabhar dá chuid a foilsíodh roinnt blianta ó shin: Just How Stupid Are We? – The Truth about the American Voter. Ceart go leor, is ar vótóirí Mheiriceá atá a chompás dírithe ag an údar. Ní fhéadfadh sé go mbeadh muide chomh fánach sin in Éirinn – nó an bhféadfadh? Níl Shenkman ag leagan as ach an oiread.

Tráthúil go leor, tá leabhar nua dá chuid ar an margadh anois. Féach ar an teideal atá uirthi seo: Political Animals – How our Stone Age Brain Gets in the Way of Smart Politics. Tarraingítear Donald Trump agus an tacaíocht atá aige sna pobalbhreitheanna anuas sa leabhar seo, é sin agus an dul amú a bhíonn ar an bpobal sa gcaoi a gcaitheann siad a gcuid vótaí. Mar shampla amháin, luaitear go bhféadfadh sé go gcuirfeadh bua ag an bhfoireann spóirt a dtugann duine tacaíocht di an té sin i dtreo páirtí nó polaiteoir áirithe, dá mbeadh lá na vótála ag teacht gar. Sa gcás sin, is mo de bhuntáiste a bheadh ag an bpolaiteoir a bheadh istigh cheana féin, a deir Shenkman. An chiall atá leis – más ciall é – ná go mbeadh an vótóir sásta ina intinn tar éis don fhoireann spóirt a bheith buacach agus, dá réir sin, gur mhaith leis an saol agus an pholaitíocht a fhágáil mar atá siad. Chaithfeadh sé a vóta don té atá i réim cheana.

Tá muid slán sa tír seo nó go gcloisfidh Shenkman go bhfuil lorg na bpáirtithe polaitiúla greanta ar an DNA anseo. Go traidisiúnta, théadh teaghlaigh áirithe le Fianna Fáil agus teaghlaigh eile le Fine Gael. Ar ndóigh, bheadh corrdhuine ann a thabharfadh vóta don Lucht Oibre ach ní fhéadfaí breithiúnas a fháil ar an intinn a bheadh ag duine mar sin.

Dá gcloisfeadh Shenkman faoin múnla a bhí in Éirinn ar feadh na nglúnta, deamhain a fhios cén teideal no branda a chuirfeadh sé orainn. Ach, ar ndóigh, ach an oiread le go leor daoine eile mar é, tá dul amú ar Shenkman agus tá fianaise eolaíoch ar fáil a thaispeánann é sin.

Ba é an tOllamh Kevin Smith, atá i gceannas ar an rannóg Eolaíochta Polaitiúla in Ollscoil Nebraska, a chuaigh seisean go bun an údair. ‘Tagann an bunleagan amach atá ag duine ar an bpolaitíocht ón gcroí agus ní as staidéar ar na hábhair éagsúla a bhaineann le toghcháin,’ arsa Smith. ‘Taispeánann torthaí taighde atá déanta againn go bhfuil an bundearcadh polaitiúil atá ag daoine daingnithe go domhain san inchinn agus go bhfuil nádúr bitheolaíoch leis.’ Cén chaoi, a deir tú, a bhfaighfí amach é sin?

Tá taighde á dhéanamh ag Smith agus a fhoireann ar na ceisteanna seo i saotharlann in Ollscoil Nebraska. Cuirtear tástálacha éagsúla ar an gcloigeann agus déantar tomhais ar an gcaoi a dtéann fuaimeanna, radharcanna agus mar sin i gcionn ar inchinn an duine. Mar shampla, má chloiseann duine fuaim ghunna, is cosúil go mbaineann sé níos mo de léim as an duine den eite dheis ná as an duine den eite chlé. D’fhágfadh sé seo, de réir na saineolaithe, gur dóigh go mbeadh an té a gcuirfeadh fuaim an ghunna imní air ag iarraidh dlí níos géire agus cosaint níos láidre don phobal ó choirpigh. Tá eireaball ar an taighde freisin, de réir na saineolaithe céanna: cé go gcreidtear gurb iad lucht na heite clé an dream is mó a bhfuil daonnacht ag baint leo, is é is dóigh ná gurb é a mhalairt atá fíor. Bíonn, de réir cuid den bhrí atá á baint as an taighde seo, dream na heite deise ag iarraidh cosaint a thabhairt do dhaoine ach d’fhéadfadh lucht na heite clé a bheith níos tógtha leis na hargóintí agus leis an bhfealsúnacht a bhaineann le cúrsaí an tsaoil.

Ní i Nebraska amháin atá an staidéar seo ar bhunstruchtúr na hinchinne agus an pholaitíocht ar bun. Mar shampla, tá sé ráite ag Eve La Plante, saineolaí ar an ngalar titimis, go bhfuil difríocht shoiléir tugtha faoi deara idir inchinn daoine liobrálacha agus coimeádacha – sin bunaithe ar thástálacha fisiceacha ar an inchinn. Tá an obair seo déanta in Ollscoil Nua-Eabhrac agus i UCLA i gCalifornia. Go deimhin, tá sé ráite go bhféadfadh 50% de bhundearcadh polaitíochta an duine a bheith múnlaithe a thúisce is a thagann sé ar an saol.

Anois, cá bhfuil Robert Shenkman agus a chuid teoiricí? Lena chois sin, tuige arbh éigean na milliúin a chaitheamh ar thaighde i Meiriceá agus léim a bhaint as lucht na heite clé le hurchair gunnaí le tuiscint cheart a fháil ar ghéineolaíocht na polaitíochta? Bhí an t-eolas seo uile ag na polaiteoirí críonna amuigh faoin dtuath in Éirinn – leithéidí Niall Uí Bhléine a sheasfadh ar chnocán i dTír Chonaill agus a thaispeánfadh duit tithe lucht Fhianna Fáil ar feadh na mílte mórthimpeall.

Fág freagra ar 'Just How Stupid Are We? Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile?'

  • Eoin

    Is é an claonadh atá ag scríbhneoirí ar nós Rick Shenkman atá ina saineolaithe polaitiúla ná a rá gur amadáin iad an chuid eile den phobal nach bhfuil ar aon tuairim leo. Dá bhrí sin, is amadáin gach éinne a chaitheann vóta ar son Trump. Nach gceapann Shenkman go mb’fhéidir go bhfuil machnamh déanta vótóirí ar Trump agus go síleann siad gurb é an duine is fearr don uachtaránacht? Ní maith liom an claonadh seo atá ann ag ‘intleachtóirí’ caitheamh anuas ar éinne nach n-aontaíonn leo. Má easantaíonn tú le polasaithe Trump, déan cíoradh orthu agus abair linn cén fáth nach polasaithe ciallmhara iad in áit glacadh leis gur amadán é Trump agus nach bhfuil ciall ar bith ag baint lena bpolasaithe.

    Maidir leis an nós atá ag daoine vóta a chaitheamh ar son polaiteoirí a thaitníonn leo ar leibhéal na pearsantachta, ní rud nua é seo. Is cuid mhór den pholaitíocht í an phearsantacht agus an cumas daoine a thabhairt leat agus muinín an phobail a spreagadh. Sin mar atá an duine daonna – rialaíonn mothúcháin an saol níos mó ná mar a cheaptar go minic. Dá bhrí sin, tá daoine ann a bhfuil nádúr coimeádach acu a vótálann ar son pháirtithe coimeádacha dá réir, gan aon mhórmhachnamh a dhéanamh faoi. Na daoine intleachtúla a bhfuil fáthanna maithe acu le vótáil ar son iarrthóir áirithe tagann siad ar réasúnaíocht intleachtúil dá gcinneadh polaitiúil i ndiaidh dóibh socrú ar iarrthóir i ngan fhios dóibh féin mar gheall ar mhothúcháin a spreagann iarrthóir éigin iontu.

  • Eoin

    Ar ndóigh ní ag caitheamh anuas ar intleachtóirí atá mé agus níl aon amhras ach go bhfuil sé tábhachtach go mbeidís ann ag roinnt a gcuid feasa linn ach sílim go bhfuil claonadh acu glacadh leis gur liúdramáin an gnáthphobal nach bhfuil fios a ngnó acu.