Josie Joe Pheadair – file nach raibh aon teorainn lena chumas, a thug sé leis ó dhúchas

Bhí ceol i bhfilíocht Josie Ó Guairim, a d’imigh ar shlí na fírinne le déanaí, agus an cumas ann focail a chur ag pramsáil, ag damhsa agus ag léimneach thar a chéile

Chroith sé pobal Iorras Aintheach go bun, nuair a tháinig an scéala ar an 6 Márta go raibh Josie Ó Guairim théis bháis: bás tobann nach raibh aon súil ag aon duine leis. 61 bliain d’aois a bhí sé. Bhí Josie ag seachadadh an phoist i gceantar Charna, b’in a ghairm bheatha. Ach bhí meascán gairmeacha eile ag Josie Ó Guairim nach bhfuil ag mórán. File, seanchaí, amhránaí, staraí, fealsúnaí, ealaíontóir: ní raibh aon teorainn lena chuid tallann, a thug sé leis ó dhúchas. Bhí sé lárnach i gcónaí in imeachtaí an phobail. File mór le rá a bhí ann, agus a shaothar léite aige in áiteacha éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear. Bhí a stíl uathúil féin aige nach raibh, agus nach mbeidh, ag aon duine eile. Bhí a chuid filíochta níos ársa ná gnáthfhilíocht. Bhí staidéar déanta aige ar na seanfhilí – Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Riocard Bairéad, Micheál Mac Suibhne, Art Mac Cumhaigh – agus ar scríbhneóirí móra an Bhéarla freisin. B’fhear an-mheabhrach é Josie.

B’iomaí uair a bhí mé i láthair ag ócáidí agus é ag cur a shaothair os comhair na cuideachta. Bhíodh an lucht éisteachta ina ghlaic aige. Bhí an stór focal a bhí ag Josie ag go leor de na héisteoirí, ach níorbh fhéidir a thuiscint cén chaoi a raibh Josie in ann na focla céanna sin a chur os a gcomhair ar a bhealach sainiúil fhéin. Bhí sé in ann rudaí a dhéanamh le focla a cheapfá a bhí do-dhéanta. Bhí ar a chumas focla a chur ag pramsáil, ag damhsa, ag léimneach thar a chéile, focla a iompú droim ar ais agus bunoscionn. Bhí ceol ina chuid filíochta. Bhí ar chumas Josie an t-atmaisféar a athrú san ionad ina raibh sé ag reacaireacht, agus scairteanna gáire ann go minic, agus ní raibh aon scairt níb airde ná scairt Josie féin. Ba bhreá leis ardú croí a thabhairt don slua. Ba é croí na féile é!

Dúirt bean liom uair amháin théis a bheith ag sú chaint Josie: ‘Níor cheap mé riamh gurbh fhéidir rud mar sin a dhéanamh leis an teanga ársa seo atá againn. Ní féidir é sin a dhéanamh in aon teanga eile. Airím bród anois nár airigh mé cheana riamh.’

D’fhoilsigh Josie dhá leabhar filíochta: Trá Thaoille na nÉan i 1986, agus Croí na Cloiche sa mbliain 1995. Sa ngiota a scríobh Gabriel Rosenstock don leabhar Croí na Cloiche, dúirt sé ‘d’fhéadfadh gurb é Seosamh Ó Guairim an file is ilghlóraí i gConamara’. B’in i 1995. Anois san mbliain ina bhfuil muid, d’fhéadfá a rá gurb é Josie an file ba ilghlóraí in Éirinn, nó in aon áit eile, dá dtéadh sé chuige sin. Scríobh Josie go leor eile le blianta anuas nach bhfuil i gcló fós, scríbhneoireacht agus stíl nach mbeidh as alt san 22ú haois. Thaitin an rap agus an hip hop Gaeilge leis, agus rinne sé a chuid fhéin de.

Is mór an feall é go bhfuil Josie imithe uainn. Ba mhaith leat go mairfeadh sé go brách! Ach, an fhad is a mhairfeas sé i gcuimhne na ndaoine, mairfidh sé go brách. Duine caoin, cineálta, tarraingteach agus tógálach. Duine umhal, cairdiúil, suáilceach agus gealgháireach. Bhí chuile dhuine i ngrá leis.

Is mór an chailliúint é dá bhean Naoko, dá chlann mhac, Riocard agus Seosamh. Is mór an chailliúint do mhuintir Ghuairim é. Is mór an chailliúint é don phobal ónár eascair sé, pobal atá bearnach anois.                                                           

Tá Josie i gcré na cille i reilig Mhaírois.                                                                              

Beannacht Dé lena anam ealaíonta.