Johnny ag súil le dúshlán éagsúil

Tuigeann Johnny Sexton go rímhaith go mbíonn foirne thíos seal thuas seal. Labhair sé le Tuairisc.ie i rith na seachtaine

 

Johnny Sexton ©INPHO/Colm O'Neill
Johnny Sexton
©INPHO/Colm O’Neill

Ag deireadh na bliana seo caite, bhí Éire tar éis cailliúint in aghaidh na hAstráile agus na All Blacks.

Baineadh gortú do Johnny Sexton i gcoinne na hAstráile agus is cinnte go raibh an gortú sin ag cur isteach air nuair a chuir sé ciceanna ar strae i gcoinne na All Blacks.

Cad é mar athrú!

Tá foireann Joe Schmidt mar churaidh na 6 Náisiún agus tá an tríú háit sa rangú Domhanda bainte amach acu.

Tuigeann Johnny Sexton go rímhaith áfach go mbíonn foirne thíos seal thuas seal.

“Ní déarfainn gur foireann muid nach féidir stop a chur linn. An t-am seo anuraidh, chailleamar dhá cluiche i gcoinne foirne ón leathsféar theas.

“Táimid tar éis taispeántais níos fearr a thabhairt uainn agus sin atá ag teastáil. An ghné ab fhearr faoin fhoireann seo ná go bhfuilimid dírithe ar an sprioc sin – feabhas a chur ar na taispeántais.”

In ainneoin go raibh bua maith acu i gcoinne na Afraice Theas, ní raibh Schmidt sásta amach is amach.

“Dúradh linn nach raibh gnéithe den tasipeántas sách maith. Bhí orainn feabhsú. Déanann muid iarracht feabhsú is cuma cé acu bua nó bris a bhíonn ann.

“Tá a fhios againn go mbeidh an Astráil cosúil leo (An Afraic Theas) ach go dtabharfaidh siad dúshlán éagsúil dúinn ag an am céanna agus gur ghá dúinn a bheith ullamh dóibh.”

Ba é bainisteoir na hAstráile Michael Cheika a chéadthug deis do Sexton agus é i gceannas ar Chúige Laighean i 2006.

Bhí athruithe móra ag teacht ar an bhfoireann ag an am. Bhog na Laighnigh ó Staid Dhomhnach Broc i Samhradh 2005 agus bhí Cheika bainteach leis an dul chun cinn a rinne siad.

Bhogadar go dtí an RDS agus chuir siad pleananna i bhfeidhm a bhfuil a rian le feiceáil ina gceannáras i UCD inniu. Thug Cheika seal inné ag ag scrúdú torthaí na hoibre ar chuir sé féin tús léi.

“Fad is a bhain sé le na hathruithe móra a bhí le déanamh maidir le meon agus cultúr na heagraíochta, bhí ról lárnach aige (Cheika) ann.

“D’fhág sé le hoidreacht ag Joe (Schmidt) eagraíocht mhaith go bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh uirthi, fé mar a rinne sé. Ach gan Cheiks, ní bheadh sé chomh héasca is a bhí. Chaithfeá ardmholadh a thabhairt dó agus tá meabhair iontach chun rugbaí aige. Tá an-chuid measa againn ar an méid a rinne sé do Chúige Laighean agus don rugbaí in Éirinn,” a deir Johnny Sexton.

Fág freagra ar 'Johnny ag súil le dúshlán éagsúil'