Jon Stewart, fathach na haoire Meiriceánaí ag éirí as anocht

Déanfaidh Jon Stewart ‘The Daily Show’ a láithriú don bhabhta deireanach anocht. Caitear súil anseo ar chuid de na buaicphointí aige

Jon Stewart

Tá an clár aorúil, grinn The Daily Show á chur i láthair ag Jon Stewart ó 1999 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Craig Kilborn a bhí i mbun an chúraim ó cuireadh tús leis an gclár ar Comedy Central trí bliana roimhe sin. Níor dhein an clár aon ghaisce i dtosach aimsire ach chuaigh sé ó neart go neart ó chuir Stewart níos mó béime ar an  bpolaitíocht/cúrsaí reatha ina chuid sleaiseála.

I gcaitheamh na mblianta, bhí go leor míreanna suntasacha, speisialta ar an gclár seo agus ba mhinic é i mbéal an phobail. Go deimhin, bhí an clár chomh deisbhéalach, chomh greannmhar agus chomh géar sin gur minic an seó á phlé ag na piardaí móra in iomaire na seónna cainte antráthacha.


5) Crossfire: Ní mír ón Daily Show atá anseo, ach ón gclár cainte agus argóna Crossfire. Léiríonn sé Stewart i mbarr a mhaitheasa, áfach. Agus feachtas toghchánaíochta na huachtaránachta faoi lán seoil tugadh cuireadh do Stewart teacht ar an gclár. Bhí láithreoirí an chláir (duine ón eite chlé agus duine ón eite dheis) ag súil le carúlacha grinn ó Stewart. Ní mar a shíltear a bítear, áfach, mar thug sé fogha fíochmhar faoi chur chuige coimhlinteach Crossfire. Thug sé íde na muc agus madraí dóibh agus baineadh siar as Paul Begala agus Tucker Carlson. An bhliain dár gcionn, cuireadh deireadh leis an gclár agus luadh an méid a bhí le rá ag Stewart leis an gcinneadh.


4) 9/11: “The view from my apartment was the World Trade Center. And now it’s gone.” Seo an chéad mhonalóg ó Stewart tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta 9/11. Is léir nach óráid í a bhfuil script leis. Tá sé mothúchánach agus stadach ach le deora i gceann a chuid súl. Bhí sé corraitheach agus macánta leis an ngreann ag éirí thiar as ar uairibh. Thug sé monalóg mhacánta eile uaidh le déanaí faoi ár Charleston. ‘This one is black and white, there is no nuance here,” a dúirt sé agus é ag gabháil leithscéil as gan aon jóc a bheith aige. 


3) Bill O’Reilly: An céile comhraic is mó, b’fhéidir, a mbíodh Stewart ag caitheamh anuas air (seachas b’fhéidir Fox News féin). “The mayor of bullshit mountain,” a bhaist Stewart air. In ainneoin na sleaiseála ar fad, is cairde iad agus is léir go bhfuil meas acu ar a chéile da n-ainneoin féin. Is minic iad mar aíonna ar chláir a chéile. Is diabhal an feic é an bheirt deisbhéalach seo a fheiscint i muineál a chéile. 


2) Jim Cramer: Is é Jim Cramer a chuireann an clár airgeadais Mad Money i láthair ar CNBC. Ach oiread le go leor láithreoirí Meiriceánacha, tá stíl bhromúdarásach aige. Bhí sé ina aoi ar chlár Stewart i 2009 agus deineadh file caoch de. Taispeánadh píosa físe nach bhfacthas cheana agus léiríodh go paiteanta an bhaothchaint a bhíodh ar bun aige thar na blianta.


1) Glenn Beck: Rí na dteoiricí comhcheilge agus poileimiceoir den eite dheis a bhfuil an roiseadh cainte mar an modh cumarsáide is ansa leis. Ní nach ionadh, is minic é féin agus Jon, atá ar an eite chlé, ag caitheamh sleaiseanna ar a chéile. Sa mhír seo ó 2009, déanann Stewart seó bóthar ceart de Beck,  a raibh clár aige ar Fox ag an am. Déanann sé aithris ar a chuid cainte agus gothaí mar aon le spior spear a dhéanamh dá chuid argóintí.

Fág freagra ar 'Jon Stewart, fathach na haoire Meiriceánaí ag éirí as anocht'

  • Concubhar

    Go fóill ag sodar i ndiaidh na n-uasal…..