JOHN ALLEN: Údar dóchais don iománaíocht iad réalta óga na sraithe

Thug ár gcolúnaí suntas ó thús na sraithe do ghné amháin de na cluichí, is é sin líon na n-imreoirí óga a léirigh go bhfuil siad ábalta don leibhéal is airde

JOHN ALLEN: Údar dóchais don iománaíocht iad réalta óga na sraithe

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá an chéad chuid den tSraith Allianz thart agus sinn ag bogadh ar aghaidh an deireadh seachtaine seo go dtí na cluichí ceathrú ceannais agus na  cluichí dícháilithe.

Tríd is tríd, bhí ardchaighdeán imeartha ann go dtí seo agus na cluichí go léir iomaíoch go dtí poc deireanach an Domhnaigh seo caite.

Léirigh na sluaite a d’fhreastail ar chluichí an Domhnaigh go raibh an-suim ag an bpobal sa chomórtas.

Anois tá cluiche sa bhreis ag na foirne go léir agus leathshúil acu go léir ar chluichí an tsamhraidh.

I bhfianaise an phatrúin atá feicthe againn sa tsraith, in Inis, mar a mbeidh contae an Cláir á fhéachaint le Baile Átha Cliath, a bheidh an cluiche is tábhachtaí. Dar ndóigh, beidh imreoirí Chuala ar phainéal Átha Cliath agus is cinnte go gcuirfidh sé sin le neart na foirne. Oiread na fríde, ‘poc den sliotar’, a bhí idir na foirne trí seachtaine ó shin nuair a thug an Clár an lá leo. Beidh gearradh sa chluiche dícháilithe seo amárach agus faobhar ar an imirt.

Thugas suntas ó thús na sraithe de ghné amháin de na cluichí, is é sin líon na n-imreoirí óga a léirigh go bhfuil siad ábalta don leibhéal is airde.

Údar iontais dúinn ba ea líon na n-imreoirí óga a chuir bainisteoir Átha Cliath, Ger Cunningham, chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta. Dar ndóigh, agus fir Chuala in easnamh, ní raibh mórán de rogha aige. Ach faraor níor léirigh na Tiobraid Árannaigh mórán trua do na himreoirí óga sin an oíche chéanna agus maolchluasach go maith a bhí foireann óg Bhaile Átha Cliath ag deireadh na himeartha.

An oíche úd,  bhí an iomad ógánach i gceist agus aghaidh á tabhairt acu ar fhoireann a bhfuil an oiread sin taithí acu. Ach ó shin i leith, tá cruthaithe go maith ag leithéidí Dónal Burke, Caolán Conway, Cian O’Sullivan, Rian McBride agus Fiontán McGibb agus seasfaidh na deiseanna a tugadh dóibh agus Baile Átha Cliath d’uireasa imreoirí Chuala leo. Is cuma cad a tharlaíonn inniu, ceapaim go mbeidh Ger Cunningham sásta go leor go bhfuil painéal láidir go leor aige agus aghaidh á tabhairt acu ar chraobhchomórtas Laighean.

Má bhí Áth Cliath d’uireasa imreoirí Chuala, bhí Corcaigh d’uireasa ceannairí le cúpla bliain anuas. Ach caithfidh go bhfuil Kieran Kingston sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag leithéidí Mark Coleman, Luke Meade, Shane Kingston, Darragh Fitzgibbon agus Michael Cahalane. Agus b’fhéidir nach bhfuil cúrsaí chomh dona sa chontae is a cheap daoine. Caithfimid, áfach, a bheith foighneach leis an nglúin nua seo imreoirí.

Tháinig cor i scéal Chill Chainnigh cúpla seachtain ó shin agus cé go raibh baint mhór ag na seanfhondúirí leis an aiséirí sin, léirigh cuid mhaith de na himreoirí óga a thug Brian Cody isteach go bhfuil an mianach iontu an chéad chéim eile a thabhairt. Déarfainn go gcloisfear a thuilleadh faoi Conor O’Shea, Jason Cleere, Paddy Deegan agus Conor Martin roimh dheireadh na bliana.

Chonaiceamar an chuid is mó d’imreoirí óga na nDéise le linn fheachtas faoi fiche haon an chontae anuraidh agus ná déanaimis dearmad gur idir 20 agus 22 bliain d’aois atá formhór na n-imreoirí atá ar phainéal sinsir Phort Láirge.

Maidir leis an gClár tá cúpla duine nua tugtha isteach acu a léirigh go bhfuil an cumas iontu áit bhuan a fháil ar an bpainéal. Tá an leathchúlaí láir, Conor Cleary ó Shráid na Cathrach ar dhuine acu sin agus tá a mhianach léirithe chomh maith ag Jason McCarthy sa líne chéanna. I measc na dtosaithe, seans go bhfeicfimid Ian Galvin níos minice amach anseo agus is cinnte go mbeidh Aaron Shanagher ag imirt i gcaitheamh an tsamhraidh.

Tá deis tugtha ag Tiobraid Árann do chuid mhaith imreoirí úra freisin cé nach bhfuil a bhformhór chomh hóg sin. Beidh fáil chomh maith acu ar na himreoirí a bhí ar fhoireann bhuacach na mionúr anuraidh. Duine de mhuintir McGrath é duine acu sin agus ní fada go bhfeicfear é siúd ar an bhfoireann chéanna lena dheartháireacha, Noel agus John.

Mar sin tá todhchaí gheal roimh an iomáint agus na réalta óga thuasluaite, gan trácht ar na réalta nach bhfuil ullamh go fóill chun a n-ealaín a léiriú ar an stáitse náisiúnta. Nach sinne a chuirfidh fáilte rompu! Gura fada buan iad.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Údar dóchais don iománaíocht iad réalta óga na sraithe'