JOHN ALLEN: Tús maith leath na hoibre don ‘Celtic Challenge’

Tá comórtas iománaíochta nua do dhaoine óga ar bun a rachaidh ó neart go neart…

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Tá an deireadh seachtaine seo gan cluiche mór iomána idirchontae, na laethanta ag greadadh leo agus sinn beagnach tagtha chomh fada leis na craobhacha cúige agus na cluichí cáilithe. Anuas air sin, críochnóidh an bhliain iomána do na foirne a chaillfidh na babhtaí cáilithe an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ach fad is a bhí na cluichí móra á n-imirt le déanaí bhí comórtas eile ar siúl a bhí, ar leibhéal eile, chomh tábhachtach leis na cluichí sinsir –‘The Celtic Challenge’.

Seo comórtas forbartha iomána do bhuachaillí 16 agus 17 bliain d’aois nach bhfuil ag déanamh scrúduithe Stáit. Thosaigh na cluichí an chéad deireadh seachtaine de Bhealtaine agus chríochnaigh siad an Satharn seo caite le lá na mbabhtaí ceannais inar imríodh cúig chluiche i bPáirc Uí Nualláin, Cill Chainnigh.

D’imir suas le míle imreoir níos mó ná céad cluiche taobh istigh den achar ama sin. Is iontach an rud é sin. Bíonn imreoirí club ag síorghearán faoi easpa cluichí agus an ceart acu. Chuaigh an comórtas seo i ngleic leis an bhfadhb sin ina chéad bhliain agus de réir mar a chloisim, tá an-mheas air mar áis chun an iománaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Cuireadh tús leis an gcomórtas i réigiúin dhifriúla ar fud na tíre  le cluichí sraithe agus bunaithe ar thorthaí na gcluichí sin, rinneadh cúig roinn agus foirne ar an gcaighdeán céanna i ngach ceann acu. I ndiaidh babhta cluichí sraithe eile, d’imir an dá fhoireann ar bharr gach sraithe i gcluiche ceannais na sraithe sin.

Bhí níos mó ná foireann amháin ag contaetha éagsúla agus comhartha  an-dearfach é go raibh foirne ó chuid maith de na contaetha “laga” ann freisin.

Mar aon leis na cluichí, bhí rialacha nua i gceist chomh maith.  Labhair na réiteoirí leis na foirne roimh gach cluiche agus d’fhreagair siad  aon cheisteanna a bhí acu. I ndiaidh gach cluiche roghnaigh an réiteoir imreoir amháin don ghradam, ‘an t-imreoir is fearr agus is féaráilte’.

Bhí sé de chead ag na foirne ionadaithe a chur isteach chomh minic agus ba mhian leo agus ní raibh aon teorainn leis an líon ionadaithe ba cheadmhach a thabhairt isteach.

D’fhág sin go bhfuair gach imreoir deis imeartha.

Mar aon leis sin, le linn bhabhta na ngrúpaí, bronnadh pointe breise ar na foirne a scóráil níos mó ná dhá chúl agus fuair aon fhoireann a chaill le cúig chúilín nó níos lú pointe amháin breise.

Tríd is tríd ceapaim gur an-smaoineamh é a leithéid de chomórtas a eagrú. Tá sé go hiontach go bhfuil seans ag imreoirí óga na tíre ó gach aon chontae a bheith ag imirt go rialta i gcomórtas ina bhfuil na foirne go léir ar an dul céanna agus ina mbíonn máistirliosta cluichí agus gan cead cluichí a chur ar ceal.

Deirim go minic nach bhfuil a ndóthain cluichí in aon chor ag imreoirí mar chúiteamh ar an méid traenála a dhéantar. 

Seo an chéad bhliain den fheachtas iontach seo. Ní scaoth breac ach ceapaim go mbeidh rath ar ‘An Celtic Challenge’ agus gach seans go rachaidh sé ó neart go neart.

Mar a deir an seanrá, is de réir a chéile a thógtar na caisleáin .

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tús maith leath na hoibre don ‘Celtic Challenge’'