JOHN ALLEN: Tá tráth na cainte thart, anois tráth an ghnímh

Beidh Corn Mhic Cárthaigh ar a shlí go Gaillimh Dé Luain agus an t-iarthar ina dhúiseacht athuair

JOHN ALLEN: Tá tráth na cainte thart, anois tráth an ghnímh

Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Is minic a deirtear go mbíonn imreoirí ag maireachtáil ‘i mbolgán’ roimh chluichí móra. Agus tá cuid mhaith den fhírinne ag baint leis an gcaint sin. Níor cheart go mbeidís amuigh i lár an phobail sa choicís roimh an gcluiche mór agus go hiondúil ní bhíonn. Ar an lá cinniúnach féin, bíonn siad neadaithe in óstán éigin san ardchathair roimh an gcluiche agus iad i bhfolach ón slua bríomhar spleodrach.

Ansin tagann gluaisrothaithe tionlacain na nGardaí. Tagann na himreoirí amach faoi sholas an lae agus isteach leo sa bhus chun tús a chur lena dturas.

Is iontach an turas é seo, go háirithe agus an bus ag teacht gar do Pháirc an Chrócaigh, mar a mbíonn na leantóirí dílse, dathanna a gcontaetha crochta go bródúil acu agus iad ag béicigh agus ag bualadh bos fad a bhíonn na laochra ag gabháil tharstu.

Ní fada anois go mbeidh an turas iontach seo á dhéanamh ag an dá fhoireann. Amárach timpeall a dó sroichfidh na busanna cúl ardán Uí Chíosóg. Ansin rachaidh oifigeach ó Pháirc an Chrócaigh isteach ar an mbus don chuid eile den turas isteach faoi na hardáin go dtí doirse na seomraí feistis. 

Isteach leo ansin chuig na seomraí, áit a bheidh sroichte i bhfad níos túisce ag an veain tacaíochta. Beidh clár ar gach suíochán, na geansaithe crochta, an t-uisce agus deochanna eile ina charn sa chúinne.

Seans go rachaidh cuid de na himreoirí amach ar an bpáirc fad is atá an cluiche mionúir ar siúl agus rachaidh an chuid eile isteach ag téamh suas.

Dar ndóigh beidh turais chun an leithris á ndéanamh ag gach duine.

Ansin feisteas a gcontae á chur orthu, na focail mholta dheireanacha agus amach leo.

Tá mórán ráite agus scríofa faoin gcluiche ceannais seo. ‘Nach mór an trua go  bhfuil Conor Gleeson ar fionraí.’

‘Cad faoi chosantóirí le cois agus an tionchar a bheidh acu ar an imirt?’ ‘Is é Tadhg de Búrca an máistir sa ról sin ach an mbeidh sé ag imirt mar chosantóir breise amárach?’ ‘Tá bonn tuillte ag Brick agus Kevin Moran’.

‘Is í an Ghaillimh rogha na ngeallghlacadóirí agus an ceart acu.’ ‘Den chéad uair le blianta tá seasmhacht ag baint le caighdeán na himeartha ó na Gaillimhigh.’ ‘Ach tá Port Láirge dainséarach’. ‘Tá bonn tuillte ag Joe Canning.’

Faraor ní bhuafaidh ach foireann amháin agus is trua san dos na seanfhondúirí ar an dá thaobh.

Mar dhuine neodrach ag féachaint ar an dá fhoireann, ceapaim go bhfuil an fhoireann is fearr ag an Ghaillimh. Tá an t-aonad tosaithe is ábalta sa tír acu agus ní fhacamar iad go léir i mbarr a maitheasa ar an lá céanna fós. Má tharlaíonn go mbeidh radar na dtosaithe sin ag feidhmiú i gceart amárach, níl ach an t-aon toradh amháin i ndán dúinn. 

Tá Port Láirge ag feabhsú agus iad lán d’fhéinmhuinín. Tá Tadhg de Búrca ar ais agus é ag teastáil. Tá ionadaithe cumasacha acu, leithéidí Maurice Shanahan, Tommy Ryan agus Brian O’Halloran. Cuireann sé iontas orm go bhfuil Patrick Curran fágtha in áit na leathphingine. Caithfidh nach bhfuil an mianach atá ann á léiriú aige ar an bpáirc traenála.

Is dócha go n-imreoidh siad an Búrcach mar chúlaí breise rud a fhágfaidh go mbeidh sé deacair ar an nGaillimh cúil a scóráil. Ach tá na himreoirí acu chun cúilíní a fháil ó thrian láir na páirce. 

Dar ndóigh, tiocfaidh tráth sa chluiche nuair nach mbeidh de rogha fágtha ag na foirne ach dul sa seans agus iad ar thóir an bhua. Má bhíonn na Déisigh fós san iomaíocht faoin tráth sin thabharfainn seans dóibh ach nuair a bheidh deireadh déanta ceapaim go mbeidh Corn Mhic Cárthaigh ar a shlí go Gaillimh Dé Luain agus an t-iarthar ina dhúiseacht athuair.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tá tráth na cainte thart, anois tráth an ghnímh'

  • maitiu

    Beidh tionchar mor ag an reiteoir agus ag an aimsir ar am gcluiche freisin. Dile bhaisti tuartha is baolach. Suil agam nach millfear an cluiche mar gheall air sin.