JOHN ALLEN: Tá sé in am do ‘thuarascáil bhliantúil’ na hiomána…

Bliain na Gaillimhe a bhí ann agus ní raibh aon neart ag aon dream eile air

JOHN ALLEN: Tá sé in am do ‘thuarascáil bhliantúil’ na hiomána…

Joe Canning le John Connolly i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá deireadh na bliana iomána sroichte ag na sinsir agus é in am tús a chur le ‘tuarascáil bhliantúil’ na hiomána.

Tosnóimid ag an mbarr an tseachtain seo agus beidh a thuilleadh againn tuilleadh idir seo agus an Nollaig.

Bhuel, cad is féidir a scríobh faoin nGaillimh nach bhfuil scríofa cheana, go háirithe le coicís anuas? Chuir siad tús leis an mbliain le feachtas Chorn an Bhreathnaigh agus cé nár bhuadar é shroicheadar an chraobh i gcoinne Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin.

Ansin, dar ndóigh, cé nár éirigh leo fáil amach as Roinn 1B thugadar leo corn na sraithe le taispeántas iontach inar thugadar greadadh do Thiobraid Árann.

Is dócha gur i ndiaidh an chluiche sin a tháinig na saineolaithe agus na geallghlacadóirí ar mhalairt intinne faoin nGaillimh. Bhí an chaint thar a bheith dearfach anois faoi fhoireann seo na Gaillimhe. Cuireadh leis an insint dhearfach seo i ndiaidh bhua éasca an chontae ar Bhaile Átha Cliath ina gcéad chluiche i gCúige Laighean, cluiche inar scóráil siad 2-28 agus iad ceithre chúilín déag níos fearr ná foireann na hardchathrach.

Sa chluiche leathchraoibhe chuireadar an sliotar thar an trasnán 33 babhta agus iad ag tabhairt léasadh ceart d’Uíbh Fhailí.

Ag tosach mhí Iúil d’fhreastail níos mó ná seasca míle duine ar chraobhchluiche Laighean. Ar an lá stairiúil sin scóráladar 29 cúilín.

Bhí an-chosúlacht  idir taispeántais na Gaillimhe agus taispeántais Thiobraid Árann anuraidh. Chuaigh Tiobraid Árann trí fheachtas na Mumhan gan stró anuraidh agus bhí gach cuma ar an scéal ina dhiaidh gurb iad a bhuafadh craobh na hÉireann, fiú amháin agus Cill Chainnigh fós ina beatha.

I mbliana, b’údar suntais an Ghaillimh go luath sa bhfeachtas agus ó bhí na Cait imithe bhíothas go láidir den tuairim nár sheas ach foireann amháin idir iad agus Corn Mhic Cárthaigh – Tiobraid Árann. Agus mar a chonaiceamar sa chluiche leathcheannais eatarthu ba chruinn na tuairimí sin mar go raibh an cluiche idir dhá cheann na meá go dtí poc deireanach an tsliotair.

Cé a dhéanfadh dearmad ar scór na bliana ó Joe Canning?

Is deacair a chreidiúint gur bhuail an Ghaillimh agus Tiobraid Árann lena chéile sna babhtaí leathcheannais le trí bliana anuas agus nach raibh ach farasbarr de chúilín suarach amháin eatarthu i ngach ceann den trí chluiche sin.

I mbliana, agus Cill Chainnigh as an iomaíocht, bhí an Ghaillimh te bruite mar rogha na n-údar roimh an gcluiche. Agus cad é mar thús a bhí acu an lá sin nuair a fuair siad ceithre chúilín i ndiaidh a chéile gan aon fhreagra ó Phort Láirge. Sna chéad deich nóiméad den cluiche bhíodar i bhfad níos tapúla  agus seilbh na liathróide acu. Bhíodar i bhfad níos fearr agus an liathróid a smachtú acu agus i bhfad níos fearr ag seachadadh na liathróide.

Thug cúl Kevin Moran dóchas éigin do na Déise agus dar ndóigh d’fhág an dara cúl (bog) a fuaireadar an chuma ar an scéal go raibh Port Láirge ar ais sa cluiche, rud nach raibh fíor sa chéad leath sin.

Ach chun a gceart a thabhairt do na Déise tharraingíodar ar ais san imirt iad féin agus bhí an cluiche idir dhá ceann na meá go dtí gur tugadh isteach Niall Burke agus Jason Flynn. Cad é mar thionchar a bhí acu beirt ar an toradh deireanach?

Ní raibh aon dabht sna deich nóiméad deireanach cá mbeadh an corn ag dul agus i ndiaidh naoi mbliana is fiche fada bhailigh captaen na Gaillimhe, David Burke , an duais is mó san iomáint. Tá an gabhar á róstadh fud fad an chontae ó shin agus leantóirí na hiomána ar fud na tíre ar aon fhocal go bhfuair an fhoireann ab fhearr an pota óir.

Mar sin is í foireann na Gaillimhe a fhaigheann an A agus an gradam d’fhoireann na bliana 2017.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tá sé in am do ‘thuarascáil bhliantúil’ na hiomána…'