JOHN ALLEN: Tá lá geal na nDéise tagtha agus ceachtanna foghlamtha acu

Tá muintir Chorcaí lán le bród agus dóchas athuair agus foireann óg chumasach acu, ach ráineodh go bhfuil Port Láirge níos faide síos an bóthar

JOHN ALLEN: Tá lá geal na nDéise tagtha agus ceachtanna foghlamtha acu

Maurice Shanahan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

An t-am seo anuraidh bhí feachtas iománaithe Phort Láirge faoi lánseol agus Corcaigh in ísle brí agus gan aon rogha eile acu ach tosú ó bhonn arís. Scríobhadh na fógraí báis fúthu go luath i ndiaidh dóibh cailliúint i gcoinne Loch Garman agus gach cuma ar an scéal nach mbeadh aon aiséirí i ndán dóibh go ceann i bhfad.

Ach tá mórán athraithe ó shin, tá an fhuil ag coipeadh arís agus Corcaigh i mbarr na sláinte.

Agus céard faoi Phort Láirge? Sa chluiche leathcheannais anuraidh, thug leaideanna na nDéise sárthaispeántas uathu i bPáirc an Chrócaigh. Ach, ar ndóigh, agus an sprioc beagnach sroichte acu, ligeadar Cill Chainnigh ar ais sa rás. Agus,dar ndóigh, an dara lá, ba é an seanscéal céanna a bhí ag na Déise. I mbliana tá siad sa chluiche leathcheannais arís agus Cill Chainnigh cloíte acu ar an tslí ann. Cé go bhfuil siad ag feabhsú, tá ceisteanna le freagairt fós acu.

Mar a scríobh mé anseo cheana,  ní raibh iománaithe sinsir Chorcaí ar na gearrliostaí d’aon ghradam ag tús na bliana. Ach is iad bheidh lán fuinnimh agus dóchais nuair a rithfidh siad amach ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh amárach. ’Sea, is iad rogha na n-údar amárach, stíl álainn ghlan iomána á himirt acu agus iad sciobtha, lán le scil agus díocas chun oibre. Cinnte bhí an díocas sin in easnamh orthu le tamall de bhlianta. Agus gan aon dabht tá an ard-eitic oibre sin thar a bheith tábhachtach san iománaíocht sa lá atá inniu ann. Tá imreoirí nua tagtha chun cinn i gCorcaigh, leithéidí Spillane, Coleman, Fitzgibbon, Meade agus Kingston a bhfuil tréithe an seanfhondúra á léiriú go paiteanta acu. 

Nuair a chas na foirne céanna seo ar a chéile i gcluiche leathcheannais na Mumhan, ba iad Port Láirge rogha na n-údar ach theip glan orthu ar an lá. Bhíodar leamh agus gan plean soiléir acu. Bhíodar ar a ndícheall ón tús ag iarraidh fánach san imirt. Ní raibh aon tionchar ag Austin Gleeson ar an gcluiche agus cheal cosantóir breise a bheith á úsáid acu bhí cuma shaonta ar a gcuid imeartha.

Ach tá an chuma ar an scéal gur fhoghlaim siad pé ceacht a bhí le fáil as an gcailliúint sin agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin. Agus tá buntáiste acu de bharr na gcluichí ar fad atá a imeartha agus gan aon chluiche imeartha ag Corcaigh ó bhuadar craobh na Mumhan cúig seachtaine ó shin.

Is dócha go n-úsáidfidh siad cosantóir breise an uair seo. Níl aon dabht ach go mbraithfidh siad uathu Tadhg De Búrca, fear atá ina mháistir ar an ról sin.

Tuigeann na Déise nach féidir leo spás a thabhairt do na tosaithe bríomhara luaineacha atá ag Corcaigh agus go gcaithfidh siad an tionchar a bhíonn ag pocanna amach Anthony Nash a mhaolú.

Caithfidh go bhfuil a ndóthain muiníne acu, fiú d’uireasa De Búrca. Tá an dara seans faighte acu.

Mar Chorcaíoch táim an-bhródúil as an méid dul chun cinn atá déanta ag na hiománaithe sinsir agus an borradh atá faoi na foirne eile sa chontae dá bharr sin.

Táimid ag taisteal go dtí ceanncheathrú CLG amárach lán le bród, dóchas agus muinín. Ach tá rud éigin i gcúl mo chinn ag rá nach mbeidh an lá eile ag teastáil ón bPaorach an uair seo. Tá foireann seo na nDéise níos faide ar aghaidh ar bhóthair na forbartha. Tá a lá geal tuillte acu.

Ba mhaith liom a shamhlú go mbuafadh Corcaigh ach mothaím i mo chroí istigh gur ag na Déisigh a bheidh an lá seo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tá lá geal na nDéise tagtha agus ceachtanna foghlamtha acu'