JOHN ALLEN: Tá an traidisiún tábhachtach, ach an rud is tábhachtaí ná go mairfeadh an cluiche beo

Tá sé in am tús a chur le díospóireacht maidir leis an iomáint agus gach a mbaineann léi ó thaobh forbartha, ratha agus cothú ceart an tseoid luachmhar seo atá againn

JOHN ALLEN: Tá an traidisiún tábhachtach, ach an rud is tábhachtaí ná go mairfeadh an cluiche beo

INPHO/Gary Carr

Nuair a thagann an tAibreán ní fada uainn tosach na gcluichí craoibhe. Tá ceithre fhoireann fágtha a bhfuil cluichí sraithe fós le himirt acu agus an chuid eile anois ar chamchuairt na gcluichí dúshláin. Is ar an gcéad chluiche craoibhe atá gach foireann dírithe faoin tráth seo agus iad ar fad ag traenáil go dian le bheith ullamh agus ábalta don chéad choimhlint thábhachtach sin.

Ach nach ait é go bhfuil trí fhoireann ó roinn 1B cáilithe do na babhtaí deireanacha sraithe? Cén teachtaireacht a d’fhéadfaí a bhaint as sin? An mbíonn foirne níos fearr as gan a bheith sáite sa dian-iomaíocht sa phríomhroinn chomh luath seo sa bhliain? An bhfuil aon fhiúntas ag baint leis an iomaíocht ghéar sin d’fhoirne nuair a bhíonn na cluichí is tábhachtaí á n-imirt níos déanaí sa séasúr? 

I bhfianaise na staire, is rí-annamh a bhuann foireann ón dara roinn cluiche ceannais na sraithe. Dar ndóigh, rinne Port Láirge an beart in 2015 agus rinne Contae an Chláir amhlaidh in 2016 ach ba eisceachtaí iad sin. Is rí-annamh chomh maith a bhuann foireann ó 1B cluiche ceannais na hÉireann.

Caithfear a rá go raibh caighdeán na gcluichí i roinn 1A thar barr ar fad i mbliana. Ach an mbeadh córas eile níos fearr don tromlach eile atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh?

Is soiléir an patrún nuair a fhéachann tú ar na contaetha is minice a bhuann. Ag trí fhoireann a bhíonn tromlach na gcorn – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – agus tá bearna an-mhór idir iadsan agus an chonairt atá ina ndiaidh aniar ar thóir na haislinge.

Cinnte tá sé in am tús a chur le díospóireacht maidir leis an iomáint agus gach a mbaineann léi ó thaobh forbartha, ratha agus cothú ceart an tseoid luachmhar seo atá againn.

B’fhéidir go bhfuil sé in am díospóireacht a thosú faoi chraobhacha na gcúigí agus b’fhéidir go bhfuil sé in am iad a fhágáil ar lár agus córas eile a thabhairt isteach a thabharfadh níos mó cluichí do na contaetha.

Níl aon dabht ach nach bhfuil dóthain cluichí á n-imirt ó thosach Bealtaine go deireadh Lúnasa. Sea, sin ceithre mhí agus gan ach dhá cluiche geallta do na foirne go léir. Is bocht an cúiteamh é sin ar an dian-ullmhúchán a dhéanann na himreoirí agus ar an méid airgid a chaitheann na contaetha ar thraenáil.

Tá an cóimheas idir an méid traenála agus an líon fánach cluichí as riocht ar fad. Tá i bhfad an iomad traenála ar siúl agus gan leath a ndóthain cluichí.

Caithfidh go bhfuil córas níos fearr ann chun níos mó cluichí a sholáthar do na himreoirí. Caithfidh, freisin, Cumann na nImreoirí Club a bheith páirteach sa díospóireacht leis na páirtithe leasmhara eile. Tá an traidisiún tábhachtach, ach b’fhéidir gurb é an chuid is tábhachtaí de, ná go mairfeadh sé beo agus go mbeidh na cluichí fós á n-imirt amach anseo. Mar a sheasann rudaí i láthair na huaire, níl dóthain daoine ag imirt na hiománaíochta.

Níl dóthain contaetha ann a bhfuil foirne acu atá láidir go leor chun corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachan. Agus níl imreoirí ag fáil a ndóthain cluichí, go háirithe i rith an tsamhraidh. Tá an feitheamh rófhada. Caithfear an díospóireacht a thosú gan mhoill.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tá an traidisiún tábhachtach, ach an rud is tábhachtaí ná go mairfeadh an cluiche beo'