JOHN ALLEN: Seasfaidh taithí bhuachaillí Dhurlais leo agus aghaidh á tabhairt acu Bhaile Aodha

Tá trí chraobh contae buaite i ndiaidh a chéile ag seaimpíní Thiobraid Árann agus gan dabht tá sé in am acu an chéad chéim eile a thabhairt

JOHN ALLEN: Seasfaidh taithí bhuachaillí Dhurlais leo agus aghaidh á tabhairt acu Bhaile Aodha

Pa Bourke ag ceiliúradh bua Sháirséalaigh Dhurlais an tseachtain seo caite

Tá trí chraobh contae buaite i ndiaidh a chéile ag seaimpíní Thiobraid Árann agus gan dabht tá sé in am acu an chéad chéim eile a thabhairt

Chuir iománaithe Bhaile Aodha caibidil nua le stair an chumainn an Domhnach seo caite nuair a thugadar leo craobh shinsir an Chláir den chéad uair. Sa chluiche athimeartha seo chríochnaíodar go láidir i gcoinne fhoireann Chluain Lára a bhí breac le réalta. Bhí an sárpheileadóir Gary Brennan thar cionn do na seaimpíní nua, chom maith leis an tosaí dainséarach Niall Deasy agus an réalta idirchontae eile, Tony Kelly.

Caithfidh go raibh oíche go maidin sa pharóiste ach ar theacht tráthnóna Dé Luain is dócha go raibh caint faoin gcéad sprioc eile a bheidh amach rompu amárach.

Curaidh Thiobraid Árann, Sáirséalaigh Dhurlais Éile a bheidh rompu agus tine ar a gcraiceann i ndiaidh a mbua ar Bhaile Gunnair Phort Láirge .

Bheinn ag ceapadh go bhfuil an buntáiste ag na Tiobradaigh ag dul isteach sa choimhlint seo mar seo é a dtríú huair ar an mbóthar seo le trí bliana anuas. Caithfidh go seasfaidh an taithí sin leo. Ina theannta sin, ní dóigh liom go raibh aon cheiliúradh acu i ndiaidh a mbua Dé Domhnaigh.

Ach ní fhéadfainn a rá go rabhadar ar fheabhas sa chluiche deireanach sin. Thug fir an chontae taispeántas den scoth uathu, go háirithe sna cúlaithe. Bhí Pádraig Maher ar fheabhas, mar a bhí a dheartháir Ronan agus a chomhghleacaí Michael Cahill sa chúinne. Ba léir áfach gur chinn ar na tosaithe an ceann is fearr a fháil ar chúlaithe Bhaile Gunnair sa chéad leath.

Bhí an dara leath i bhfad níos fearr i gcoitinne ná an chéad cheann, agus tríd is tríd bhí an bua tuillte ag na Sáirséalaigh ach caithfidh nach rabhadar sásta ar fad lena dtaispeántas.

Tá trí chraobh chontae i ndiaidh a chéile buaite acu agus gan dabht tá sé in am acu an chéad chéim eile a thabhairt. Tá meascán maith den taithí agus den óige acu agus nuair a bhíonn siad i mbarr a maitheasa bíonn siad go hiontach. Ní tharlaíonn sin minic a dhóthain, áfach, agus, ag an bpointe seo, tá sé ríthábhachtach d’fhorbairt an ghrúpa go n-éireodh leo, ar a laghad craobh na Mumhan a bhuachan.

Thar na blianta is minic foirne feicthe againn a raibh mianach iontach iontu ach nár léirigh siad an mianach sin ar na laethanta is tábhachtaí. Lá acu sin é an lá amárach.

An cheist mhór do Bhaile Aodha ná an leor bua an Domhnaigh seo caite dóibh? Ba é an chéad uair dóibh craobh shinsir an chontae a thabhairt leo agus gan dabht b’in an sprioc a bhí acu ag tosach na bliana. Labhair an bainisteoir Robbie Hogan go han-phaiseanta i ndiaidh an chluiche ceannais agus é ag moladh macántacht agus meon na foirne. Cuirfidh an bua sin le muinín na foirne agus seasfaidh sé leo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Seasfaidh taithí bhuachaillí Dhurlais leo agus aghaidh á tabhairt acu Bhaile Aodha'