JOHN ALLEN: Ruainne beag sa bhreis ag Cuala i gcluiche ceannais na gclubanna

Le cúpla bliain anuas bhí cluichí ceannais againn a bhí aontaobhach go leor. Ní dóigh lenár gcolúnaí gur amhlaidh a bheidh inniu agus Cuala ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Uí Aodha ar lá mór na gclubanna i bPáirc an Chrócaigh

JOHN ALLEN: Ruainne beag sa bhreis ag Cuala i gcluiche ceannais na gclubanna

Imreoir Chuala, John Sheanon. INPHO/Ryan Byrne

Tá Féile Náisiúnta na nGael agus gach a mbaineann leis buailte linn. Agus sinn ag tagairt do na cluichí Gaelacha, is lá speisialta é seo do na clubanna sinsir, agus ó thaobh na hiománaíochta de, is lá thar a bheith tábhachtach a bheas ann do dhá club, Baile Uí Aodha an Chláir agus Cuala Bhaile Átha Cliath.

Dar ndóigh, is é seo an chéad uair ag an dá chlub sin dul chomh fada le cluiche cinniúnach an lae mhóir seo.

Tá na Cláirínigh dulta ó neart go neart tar éis dóibh drochthús a chuir lena bhfeachtas nuair a chaill siad in aghaidh Éire Óg as Inis, tuairim is deich mí ó shin. Ach ó shin i leith, tá cuma na maitheasa orthu agus an-spiorad agus díocas agus diongbháilteacht léirithe acu i ngach cluiche, ní áirím scil, scóranna ealaíonta agus Tony Kelly.

Tá a fhios agam go maith gur spórt foirne í an iomáint ach murach tionchar Tony Kelly, ní bheadh Baile Uí Aodha ag glacadh páirt sa chluiche ceannais inniu. Ocht gcúilín is tríocha a scóráil Kelly i gcraobh an chontae agus níor tháinig ó phocanna saora ach cúig cinn déag díobh sin. Ó shin i leith tá cúl agus ocht gcúilín déag curtha ar chlár na scór aige dá chlub.

Is rí-annamh nach mbíonn tionchar mór ag Kelly ar chluichí agus bheinn ag súil go mbeidh sé lárnach in imirt Bhaile Uí Aodha um thráthnóna.

Ach beidh scothchluiche ag teastáil go géar uaidh mar tá foireann Chuala breac le himreoirí idirchontae agus cúpla réalta acusan chomh maith. Tá imreoirí contae i ngach líne acu agus ní i ngan fhios a bhíodar ansin ina bhfeachtas i gCúige Laighean agus sa chluiche leathcheannais i gcoinne Shleacht Néill. Ach má tá draíodóir ag Baile Uí Aodha tá naoscaire ag Cuala, Con O’Callaghan, fear óg atá cumasach os comhair an chúil. Tá seacht gcúl agus trí chúilín déag scóráilte aige sna ceithre chluiche atá imeartha aige. Tá sé ar phainéal peileadóirí Bhaile Átha Cliath, rud a d’fhág nach raibh sé ar fáil d’iománaithe Chuala go dtí an deireadh seachtaine deireanach de Mheán Fómhair. Beidh ar chúlaithe Bhaile Uí Aodha an sliotar a choinneáil ón bhfear seo mar nuair a fhaigheann seisean seilbh air, ní bhíonn ach rud amháin ina cheann agus sin cúl na heangaí.

Le cúpla bliain anuas bhí cluichí ceannais againn a bhí aontaobhach go leor. Ní dóigh liom gur amhlaidh a bheidh inniu. 

Chonaiceamar taispeántais ar ardchaighdeán ón dá thaobh roimh an Nollaig agus ina diaidh.

Ón méid atá feicthe agamsa, is dóigh liom go bhfuil scileanna imreoirí Chuala roinnte ruainne beag níos fearr ar an bhfoireann ar fad seachas mar atá i gcás a gcéilí comhraic. Ach mar atá scríofa agam go mion minic cheana féin, is ar pháirc na himeartha féin agus ar pháirc na himeartha amháin a bhuaitear agus a chailltear cluichí móra mar sin. Ní bheidh mórán eatarthu.

Focail Scoir: Is fíorannamh a bhíonn deartháireacha ag imirt in aghaidh a chéile ar dhá fhoireann in aon spórt. Tarlóidh sé inniu nuair a bheidh Niall Keane, atá ina chónaí san ardchathair, ar phainéal Chuala agus a dheartháir Aonghus ag imirt lena chlub baile, Baile Uí Aodha. Ait go leor, geansaí uimhir a fiche a ceathair a bhí á chaitheamh ag an mbeirt acu. Tharla an rud céanna cheana in 2015 nuair a bhí  Brian Hogan, Gaeil Uí Lochlainn Chill Chainnigh, i gcoinne a dhearthár Keith, a bhí ag imirt le Clárach.

Tá rud amháin cinnte faoin scéal seo, agus sin go mbeidh Cathánach amháin ag dul abhaile tráthnóna agus bonn uile-Éireann ina phóca cúil agus an fear eile folamh.

Ach an cheist dheacair ná, cé acu Cathánach?

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ruainne beag sa bhreis ag Cuala i gcluiche ceannais na gclubanna'