JOHN ALLEN: Potpourri iomána agus deis mhachnaimh le linn sosa

Tríd is tríd, níor bhain aon chonspóid mhór le bliain na hiomána ach tá fadhbanna ann a gcaithfear dul i ngleic leo

JOHN ALLEN: Potpourri iomána agus deis mhachnaimh le linn sosa

Nuair a bhíodh Gay Byrne ina rí ar láithreoirí raidió ar feadh na mblianta is minic a d’úsáid sé an focail potpourri nuair a bhíodh sé ag plé le cúpla ábhar éagsúil ar chlár amháin. Bhuel, an tseachtain seo beidh potpourri d’ábhair á phlé agam sa cholún seo.

Tríd is tríd, níor bhain aon chonspóid mhór le bliain na hiomána. Bhí seaimpíní nua againn sna sinsir, sa chomórtas faoi fiche a haon agus sna mionúir. Cuireadh clabhsúr le craobhchomórtas na sinsear le cúpla coimhlint den scoth, rud a bhí ag teastáil óir ní mór a admháil go raibh comórtais na gcúigí  an-aontaobhach.

Buíochas le Dia ní raibh mórán gearán i mbliana faoi réiteoirí, ach b’fhéidir go bhfuil sé in am níos mó cabhrach a thabhairt dóibh agus jab thar a bheith deacair á dhéanamh acu i gcluiche atá éirithe an-tapa le deich mbliana anuas.

Dar ndóigh, is cabhair mhór é ‘súil an tseabhaic’ a bheith ar fáil don réiteoir agus do na foirne féin agus is cinnte go bhfuil leas á bhaint as an gcóras.

B’fhéidir go bhfuil sé in am freisin clog oifigiúil a thabhairt isteach sna staideanna go léir. Arís laghdódh seo líon na gcúraimí a bhíonn ar an réiteoir agus an brú a bhíonn air dá réir. Éiríonn go maith le córas an chloig i bpeil na mban agus chuirfeadh sé deireadh le haon ghearán faoi easpa ama nó an iomad ama a bheith á imirt ag deireadh cluichí. Ní rud mór é seo agus is cinnte gur féidir é a dhéanamh .

Mhúscail an cluiche comhscóir sa chluiche ceannais peile coicís ó shin ceist eile a chuireann tinneas orm go minic, is é sin an easpa measa atá ar an imreoir club.

Tuairim is deich mbliana ó shin bhí cruinniú mór i gCill Airne chun plé a dhéanamh ar chlubanna an Chumainn agus gach a mbaineann leo. Cheapas go ndearnadar cinneadh an uair sin tabhairt faoi chás an imreora club, go háirithe maidir le cluichí a bheith á gcur ar ceal go rialta de bharr na gcluichí idirchontae.

Níl sé ceart ná cóir in aon chor go gcuireann contaetha áirithe stop lena gcluichí i lár an tsamhraidh mar go bhfuil na craobhacha idirchontae ar siúl. Tá sé thar a bheith deacair  ar na bainisteoirí, atá ag iarraidh pleanáil a dhéanamh agus suim a chothú agus iad uaireanta gan cluiche ar feadh dhá nó trí mhí.

Ní féidir ach an oiread leis na himreoirí club aon réamhphleanáil a dhéanamh faoi laethanta saoire a thógaint. Tríd is tríd, tá an chuid is mó de na himreoirí an–dílis don club ach má leanann an córas seo ar aghaidh ní fada go dtiocfaidh meath ar an méid imreoirí atá sásta traenáil an-dian a chur isteach fad is atá siad ag feitheamh ar bhord an chontae nó ar an mbainisteoir idirchontae chun dáta do chluiche a sholáthar dóibh.

Fite fuaite leis an bhfadhb sin, tá fadhb mhór eile a bhaineann le reáchtáil na gcluichí féin. I mo thuairimse, tá sé in am fáil réidh leis an athimirt agus gach cluiche a chríochnú an lá sin. Tá na fadhbanna a chruthaíonn an córas mar atá damanta ar fad, go háirithe nuair a bhíonn comhscór ann i gcluiche craoibhe idirchontae. I gcontaetha áirithe, cuireann a leithéid clár na gcluichí club as a riocht ar fad agus arís bíonn ar imreoirí agus bainisteoirí na gclubanna a mbéal a choimeád dúnta agus cur suas leis.

Tá réiteach amháin ar an bhfadhb seo agus sin go gcríochnófaí gach cluiche ar an lá, na cluichí club san áireamh. Imrítear cluichí cáilithe ina lán contaetha anois nó bíonn sraith i gceist ag tús chraobh an chontae. Fágann sin go mbíonn an dara seans ag na clubanna go léir.

Is minic fothram á dhéanamh faoi seo thar na blianta, ach faraor ní fheicim aon ní ag athrú mura dtosaíonn na clubanna féin ag impí ar na boird chontae brú a chur ar Choiste Lárnach CLG.

Sin é potpourri na seachtaine seo agus mo chuidse ráite arís agam.