JOHN ALLEN: Ní mharódh an diabhal na Cait…

Más faoi Thiobraid Árann an beart a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann beidh ar gach aon imreoir acu taispeántas den scoth a thabhairt uathu. An bhfuil sé iontu?

JOHN ALLEN: Ní mharódh an diabhal na Cait…

Pictiúr: INPHO

 

Tá ócáid mhór na bliana buailte linn arís agus sinn ag tabhairt ár n-aghaidh ar an gceanncheathrú do chluichí ceannais na mionúr agus na sinsear san iomáint amárach.

‘Athimirt’ ar chluiche ceannais na Mumhan a bheas sa chluiche faoi 18. An lá áirithe sin, bhí Tiobraid Árann i bhfad róláidir, róghlic agus ró-oilte do Luimneach agus chríochnaíodar le farasbarr seacht gcúilín déag. Ach tá na buachaillí cois Sionainne feabhsaithe ó shin agus sa chluiche leathcheannais i gcoinne Bhaile Átha Cliath thugadar taispeántas láidir uathu, go háirithe sa chéad leath.

Faraor, is cosúil go bhfuil na Tiobradaigh feabhsaithe freisin. D’éirigh leo an sliotar a lascadh isteach in eangach na Gaillimhe seacht n-uaire sa chluiche leathcheannais eile.
Óna bhfuil feicthe agamsa, beidh sé thar a bheith deacair ag Luimneach an ceann seo a bhuachan.
I gcluiche na sinsear, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann a rachaidh chun páirce, mar a bhí á thuar ó thosach na bliana sular buaileadh poc ar aon sliotar.

Bhí feachtas sraithe réasúnta ag an dá chontae, más lag féin a chríochnaigh siad ach chruthaigh siad a mhalairt ó shin i leith.

Maidir leis na Tiobradaigh, níor chuir comórtas na Mumhan aon stró orthu. Ina dhiaidh sin, bhí an briseadh cúig seachtaine acu agus gach a mbaineann leis sin. Ní fhéadfainn a rá go rabhadar i bhfad níos fearr ná an Ghaillimh sa chlucihe leathcheannais. Ba dhóigh leat ar an gcuid ba mhó de na staitisticí gurbh iad an Ghaillimh an fhoireann ab fhearr, ach, dar ndóigh, is ag na Tiobradaigh a bhí an lámh in nuachtar ar chlár na scór – an tslat tomhais is tábhachtaí.

Níl aon dabht ach go bhfuil siad níos fearr ná mar a bhí anuraidh agus nach bhfuil siad ag brath chomh mór ceannaí mbliana ar Shéamus Callinan ó thaobh na scórála de. Tá Michael Breen, Dan McCormack agus John McGrath ag cur go mór leis an bhfoireann ach bhí tréimhsí sa chluiche deireanach sin ar theastaigh ceannairí sna tosaithe go géar uathu. Eachtra bheag, arbh é cúl cinniúnach John O Dwyer a dheireadh, a d’athraigh an cluiche. Taobh amuigh de sin, ní raibh faic idir na foirne.

Dar ndóigh, is láidre go mór iad na Tiobradaigh agus O’Dwyer ar pháirc na himeartha ó thús an chluiche.

An deireadh seachtaine céanna sin i nDurlas, thaispeáin Cill Chainnigh arís eile nach maródh an diabhal na Cait. Chuireadar chun páirce le cúpla imreoir nua agus leagan amach difriúil ó uimhir a 8 go 15 agus thugadar taispeántas fíochmhar uathu, rud atá déanta go rímhinic cheana acu faoin Máistir Cody.

Is mór an chabhair an cluiche sin do Cody agus é ag piocadh na foirne don chluiche ceannais. Mar sin féin, aireoidh siad uathu a laoch láidir Michael Fennelly.

Tá an t-uafás taithí ag cuid maith de na himreoirí ar an dá fhoireann seo. Is ócáid ollmhór é an cluiche ceannais agus baineann a lán scleondair is plé leis an gcoicís roimh ré. Ach is ar pháirc na himeartha ar lá na coimhlinte féin a chaithfidh na foirne díriú.

Is cuma cad a deir éinne, beidh sé deacair Cill Chainnigh a bhualadh.  Tá formhór de phobal na hiomána, taobh amuigh de leantóirí na gCat, ag súil go mór go mbeidh an lá le Tiobraid Árann.
Más faoi Thiobraid Árann an beart a dhéanamh beidh ar gach aon imreoir, ó uimhir a haon go huimhir a fiche, taispeántas den scoth a thabhairt uathu ar an lá mór. Ní fheadar an bhfuil taispeántas críochnúil mar sin iontu. Nílim róchinnte go bhfuil.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ní mharódh an diabhal na Cait…'

  • padraig

    ‘deja vu’ eile is docha, beidh tine ar chraicinn na dTiobradach agus iad scoite glan chun imeartha. Raghaidh siad an-ghairid do ach bainfidh siad cupla barrthuisle astu fein da n-ainneoin agus an cluiche ag teannadh le ceann sprice, rud a thabharfaidh an svae do na Cainnigh aris eile, mo lean gear doite.