JOHN ALLEN: Na hiománaithe óga ar fiú súil a choinneáil orthu in 2017

Tá séasúr iomána eile buailte linn agus go leor laochra éirithe as. Céa thiocfaidh ina n-áit?

JOHN ALLEN: Na hiománaithe óga ar fiú súil a choinneáil orthu in 2017

Austin Gleeson . Pictiúr:INPHO/Cathal Noonan

Tá an séasúr nua iomána idirchontae tosaithe. Tá roinnt cluichí imeartha cheana féin agus imreoirí nua ag teacht chun cinn agus, dar ndóigh, laochra eile ag fágáil slán linn. Ní fheicimid leithéidí Jackie Tyrell, Eoin Larkin ná Richie Power arís agus geansaí ársa Chill Chainnigh á chaitheamh acu.

Chuir Conor O’Brien, Paddy Stapleton agus Gearóid Ryan deireadh lena ré le Tiobraid Árann, mar a rinne Niall Corcoran Bhaile Átha Cliath, Willie Hyland Laoise agus Brian Carroll Uíbh Fhailí. Dar ndóigh tá mórán imreoirí eile ar fud na tíre nach bhfeicfimid ag caitheamh geansaí a gcontae in 2017, ach tá glúin nua ullamh don chéim in airde agus sásta na híobairtí móra a dhéanamh a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú ag an leibhéal is airde san iomáint.

Is mór an chabhair iad na comórtais tríú leibhéal do na hiománaithe óga seo agus sula i bhfad beidh an ceann is tábhachtaí de na comórtais sin, Corn Mhic Giobúin, ag tosú agus formhór na n-imreoirí óga is fearr sa tír ag glacadh páirt ann.

Dá mbeadh tuar á dhéanamh agam maidir leis na contaetha a bheidh san iomaíocht do na coirn is tábhachtaí as seo go ceann cúpla blaiain, bheinn ag súil go ndéanfadh Port Láirge (agus dornán fíorbheag contaetha eile) an beart agus Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan go luath. Bhíodar thar barr sa chomórtas faoi 21 anuraidh agus ba bheag a bhí idir an fhoireann shinsir agus áit sa chluiche ceannais. Tá cuid maith den fhoireann bhuacach faoi 21 feicthe againn le bliain nó dhó agus iad ag foghlaim a gceirde ar an fhoireann shinsir.

Tá a fhios againn go léir faoin mianach atá in Austin Gleeson, Patrick  Curran, Tom Devine agus na deartháireacha Bennett ach chuaigh Conor Gleeson i bhfeidhm go mór ormsa. Tugadh isteach é mar ionadaí sa chraobh shinsir i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh agus dar ndóigh d’imir sé sa dá chluiche i gcoinne Chill Chainnigh. Bhí sé ar fheabhas sna cluichí sin agus ceann de na tréithe is láidre atá ann ná gur beag spás a thugann sé do na tosaithe a bhíonn ina choinne. Dá mbeinnse i mo thosaí agus spás ag teastáil uaim, níor mhaith liom go mbeadh Gleeson thart orm. Coinnigh súil ghéar air.

Imreoir nua eile a chuaigh i bhfeidhm orm agus é ag imirt faoi 21 le dhá bhliain anuas ná an Gaillimheach, Brian Molloy.

Geansaí uimhir a haon déag a bhí á chaitheamh aige agus ba eisean an tosaí ab fhearr sna cluichí go léir a chonaic mise. Bhí sé thar barr i gcoinne Luimnigh in 2015 nuair a bhí na fir cois Sionainne go mór in uachtar agus b’amhlaidh dó sa chraobh anuraidh i gcoinne na nDéiseach agus an Ghaillimh faoi chois arís. Ceapaim go bhfeicfimid níos mó de i mbliana ar fhoireann shinsir an chontae.

Beidh seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, ag iarraidh cur leis an gcluiche ceannais a bhuadar anuraidh. Thugadar isteach cúpla imreoir nua i rith na bliana a chuir go mór leis an bhfoireann. Ceapaim go bhfeicfimid duine nó beirt eile i mbliana agus ina measc san, beidh Steven O’Brien, a bhí ar an bpainéal peile ach a chuaigh leis na hiománaithe ag tosach na bliana. D’fhan sé ar an bpainéal sin ach ní bhfuair sé áit i measc an 26 don chluiche ceannais. Tosaí é ar an dul céanna le Patrick Bonnar Maher agus teastaíonn capall oibre nó dhó ar gach foireann.

Beimid ag faire freisin ar na gaiscígh go léir a d’imir faoi stiúir Dónal Maloney agus Gerry O’Connor sa ré órga a bhí ag an Cláirínigh faoi aois le déanaí. Gach seans go bhfeicfimid níos mó díobh i mbliana.

Bíonn rotha móra an tsaoil ag síorchasadh agus imreoirí nua ag teacht chun cinn i gcónaí. Tá súil agam go lasfaidh cuid díobh lóchrann geal na hiomána i mbliana.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Na hiománaithe óga ar fiú súil a choinneáil orthu in 2017'